Mar riail ghinearálta is féidir iallach a chur ar gach duine inniúil a bheith ina f(h)inné i gcás choiriúil nó sibhialta. Ach, tá eisceachtaí faoi leith a bhaineann leis an riail seo.
Ní féidir iallach a chur ar an gcúisí fianaise chosanta a thabhairt ar a s(h)on féin. Má dhéanann cúisí cinneadh gan fianaise a thabhairt sa chás ní féidir leis na cúisitheoirí é sin a rá leis an ngiúiré.
Má roghnaíonn an cúisí fianaise a thabhairt sa triail, is féidir ansin leis na cúisitheoirí cros-cheistiú a chur air/uirthi agus ní féidir leis/léi diúltú aon cheisteanna a fhreagairt ar fhaitíos go mbeadh sé/sí dhá f(h)éinchiontú. Ach, ní féidir leis na cúisitheoirí aon cheisteanna a chur ar an gcúisí a bhaineann lena d(h)roch cháil san am atá caite ach amháin sa chás go bhfuil
Tá céile an chúisí inniúil le fianaise a thabhairt ar son na gcosantóirí nó na gcúisitheoirí (ach amháin sa chás gur comh-chúisí é/í an céile). Ach, d'fhéadfadh sé go mbeadh iallach curtha air/uirthi fianaise a thabhairt ar son na gcúisitheoirí sa chás amháin:
Áirítear mar iarchéilí duine a bhfuil ordú colscartha nó scaradh dlíthiúil nó comhaontú scartha aige leis an gcúisí. Tá iarchéile inniúil le fianaise a thabhairt agus d'fhéadfaí iallach a chur air/uirthi fianaise a thabhairt ar son na gcosantóirí nó na gcúisitheoirí.
Ach, ní féidir iallach ar chur ar iarchéile fianaise a thabhairt i gcoinne an chúisí a bhaineann le coireanna a rinneadh nuair a bhí an pósadh bailí ach amháin sa chás:
go bhfuil iarracht i gceist ceachtar den dá choir thuasluaite a dhéanamh nó comhcheilg a imirt, cabhrú agus neartú, comhairle a chur ar dhuine, soláthar a dhéanamh nó duine a spreagadh i dtaobh na gcoireanna sin.
Tá oifigigh thaidhleoireachta inniúil agus is féidir leo fianaise a thabhairt, ach níl aon iallach orthu fianaise a thabhairt mar fhinnéithe in imeachtaí coiriúla ná sibhialta. Mar sin ní féidir iallach a chur orthu fianaise a thabhairt in aon chás.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.