Tá roinnt rialacha ann maidir le hinghlacacht an fhístaifeadta seo ar ráitis.
I ndeireadh na dála, is faoi rogha bhreitheamh na trialach é cead a thabhairt maidir le fístéip a ghlacadh i bhfianaise. Ní mór don bhreitheamh breathnú ar aon riosca a d'fhéadfadh a bheith ann go dtiocfadh leatrom ar an gcúisí as glacadh leis an bhfístéip i bhfianaise.
Is féidir ráitis ó íospartaigh faoi bhun 14 bliana d'aois a dhéanamh le linn agallaimh le ball den Gharda Síochána nó le duine inniúil eile.
Níl aon sainmhíniú ar an téarma duine inniúil san Acht um Fhianaise Choiriúil 1992. Is féidir glacadh leis áfach, go bhforálann sé do chúinsí ina ndéantar físeanna d'agallaimh ag aonaid mheasúnaithe. Is é an duine inniúil i gcúinse mar sin ná an duine gairmiúil a dhéanann measúnú ar an duine óg de thoradh cáis mhí-úsáidte atá á iniúchadh.
Clúdaíonn. Tá feidhm ag na forálacha uile atá bainteach le fístaifeadadh ráiteas ó íospartaigh faoi bhun 14 bliana d'aois agus le hinghlacacht fístéipeanna dá leithéid i gcúirt ar aon íospartach faoi mhíchumas intleachta freisin. (Tabhair faoi deara go dtugtar éislinn mheabhrach ar mhíchumas intleachta san Acht um Fhianaise Choiriúil 1992).
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.