Anseo atá tú: Baile > Dlí > Finnéithe > An ceart diúltú ceist a fhreagairt sa chúirt

Print Page Send to a Friend

An ceart diúltú ceist a fhreagairt sa chúirt

Eolas

Má tá fianaise dhá thabhairt agat (nuair atá tú dhá cheistiú nó dhá chros-cheistiú) i gcúirt in Éirinn, agus muna mian leat ceist faoi leith a fhreagairt, caithfidh tú a chur in iúl don bhreitheamh nach bhfuil tú sásta an cheist a fhreagairt agus cén fáth.

Rialacha

Tá beagán cúinsí ann ina dtabharfaidh an breitheamh cead duit gan ceist a fhreagairt má bhaineann sí leis an gcás. Tugtar pribhléid ar an gceart atá agat diúltú ceist a fhreagairt:

  • Tá pribhléid agat maidir le féinchiontú. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat diúltú ceisteanna a fhreagairt nó cáipéisí a chur ar fáil a d'fhéadfadh tú féin a chiontú in imeachtaí coiriúla.
  • D'fhéadfadh sé go bhfuil pribhléid den ghairm dlíthiúil agat. Ní féidir iallach a chur ar chomhairleoir dlí ná ar a c(h)liant aon eolas a d'inis siad dhá chéile a chur ar fáil. Má dhéantar aon chumarsáid eatarthu agus iad ag súil le dul chun dlí (i.e., le cás cúirte ar intinn), baineann pribhléid leis an gcumarsáid sin sa chás seo.
  • Tá sé de cheart ag sagairt diúltú ceisteanna a fhreagairt maidir le rudaí a dúradh leo sa bhosca faoistine. Tugtar pribhléid sagartúil ar seo. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh comhráite le comhairleoir a bheith faoi phribhléid freisin.

Nuair atá sé curtha in iúl agat nach bhfuil tú sásta ceist faoi leith a fhreagairt, déanfaidh an breitheamh cinneadh an gá duit an cheist a fhreagairt. Má dhéanann an breitheamh cinneadh nach mbaineann pribhléid leis an gceist, ní mór duit í a fhreagairt. Má theipeann ort, cuirfear díspeagadh cúirte i do leith agus d'fhéadfaí téarma príosúnachta a ghearradh ort.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.