Nuair atá fianaise dhá thabhairt agat, d'fhéadfadh na dlíodóirí agus an breitheamh dul i gcoinne rudaí áirid a deireann tú. Tarlaíonn seo mar gheall go bhfuil rialacha dlíthiúla ann a bhaineann leis an bhfianaise gur féidir leat a thabhairt.
D'fhéadfadh sé go gcuirfeadh an breitheamh isteach ar do chuid cainte agus iarradh ort stopadh má tá ceann de rialacha na fianaise dhá bhriseadh agat.
Mar fhinné, ní féidir leat fianaise a thabhairt ach ar fhíricí a bhfuil eolas pearsanta agat féin orthu. Ní féidir leat fianaise a thabhairt maidir le rud a chonaic nó a chuala duine eile.
Ní féidir leat fianaise a thabhairt maidir le do thuairim. Ní mór duit cloí i do chuid fianaise leis na fíricí, ní féidir aon bharúil ná cinneadh atá déanta agat féin ó na fíricí sin a thabhairt mar fhianaise. Eisceacht amháin don riail seo é/í an finné saineolaí a bhfuil sé de chead aige/aici fianaise a thabhairt maidir lena t(h)uairim féin.
Ní féidir leat fianaise a thabhairt maidir le rud a dúirt duine eile. Tugtar an riail clostráchta ar seo. Mar shampla, ní féidir leat fianaise a thabhairt gur dhúirt do mháthair leat go bhfaca sí an té atá cúisithe ag tógáil do sparáin. Sa chás sin ní mór do do mháthair í féin fianaise a thabhairt sa chúirt go bhfaca sí an té atá cúisithe ag tógáil do sparáin.
Ní féidir leat fianaise a thabhairt a bhaineann le ráitis a thug tú cheana. Mar shampla, ní féidir leat fianaise a thabhairt gur dhúirt tú le cara gur thóg an té atá cúisithe do sparán. Ní féidir leat fianaise a thabhairt ach maidir leis an rud a tharla. Níl ach eisceacht amháin don riail seo: má tá fianaise dhá thabhairt agat mar dhuine a d'fhulaing éigniú, is féidir leat fianaise a thabhairt gur dhein tú gearán tar éis an éignithe.
Tá sé mar phríomhdhualgas ar fhinné an fhírinne a insint sa chúirt. Má thugann tú fianaise bhréige sa chúirt agus fios agat go bhfuil sé bréagach agus tú faoi mhionn, d'fhéadfadh sé go mbeadh coir na fianaise bréige déanta agat agus is féidir tú a chúisiú.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.