Tá riail ghinearálta i gcúirteanna na hÉireann nach mór don fhinné a bheith i láthair sa seomra cúirte le fianaise bhéil a thabhairt. Ach, tá reachtaíocht tugtha isteach le deireanas a thugann cead fianaise a thabhairt le nasc-físe isteach sa seomra cúirte.
In áit a theacht isteach i seomra na cúirte bíonn an finné suite i seomra eile agus tugann sé/sí fianaise tríd nasc beo teilifíse. Cuirtear teilifíseán isteach sa chúirt, a thaispeáineann an finné agus bíonn teilifíseán ina s(h)eomra féin ag an bhfinné gur féidir leis/léi a bhfuil ag tarlú sa seomra cúirte a fheiceáil.
Cuirtear an deis ar fáil fianaise a thabhairt le nasc teilifíse ar mhaithe len é a dhéanamh níos éasca do fhinnéithe faoi leith fianaise a thabhairt. Is féidir leis an seomra cúirte a bheith fíor scanrúil agus tá sé fíor dheacair ar fhinnéithe faoi leith a bheith sa seomra céanna leis an gcúisí.
Níl ach cúinsí fíor éisceachtúla ina mbeidh cead fianaise a thabhairt le nasc teilifíse nuair is cás coiriúil atá i gceist:
Nuair atá leanbh nó duine faoi mhíchumas intinne ag tabhairt fianaise tríd nasc beo teilifíse ní bhíonn bréagfhoilt ná róbaí dhá gcaitheamh ag an mbreitheamh ná ag na habhchóidí sa chúirt. Is féidir leis an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh go mbeadh na ceisteanna curtha tríd idirghabhálaí (oibrí sóisialta mar shampla) agus go mbeadh siad curtha ar bhealach atá oiriúnach d'aois agus do chumas intinne an fhinné.
Tugtar cead fianaise a thabhairt tríd nasc-físe freisin i gcásanna sibhialta a bhaineann le leas an linbh nó an duine faoi mhíchumas intinne. Ní mór don bhreitheamh cinneadh a dhéanamh go bhfuil sé feiliúnach go mbeadh an leanbh nó an duine faoi mhíchumas intinne ag tabhairt fianaise tríd nasc teilifise agus is féidir leis/léi cinneadh a dhéanamh freisin go mbeadh na ceisteanna curtha ar an bhfinné tríd idirghabhálaí.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.