Anseo atá tú: Baile > Dlí > Finnéithe > Feidhmeanna agus Dualgais Fhinné

Print Page Send to a Friend

Feidhmeanna agus Dualgais Fhinné

Eolas

Má chuirtear subpoena ort mar fhinné i dtriail i gcás sibhialta, d'fhéadfadh sé go gcuirfí glaoch ort chuig cruinniú leis an bhfoireann dlí roimh an éisteacht chúirte leis an mbaint atá agat leis an gcás a mhíniú.

Ar lá na héisteachta, glaofar ort fianaise a thabhairt sa triail. Cuirfear ceisteanna ort ar dtús le seans a thabhairt duit an scéal a insint i do chuid focal féin. Is féidir ansin le habhcóide don taobh eile tú a chroscheistiú.

Is féidir le breitheamh na trialach ceisteanna a chur ort ag am ar bith agus fianaise dhá thabhairt agat.

Cuirfear "subpoena duces tecum" ort nuair atá gá, ní amháin go mbeadh tú i láthair sa chúirt, ach nuair is gá duit cáipéisí faoi leith a thabhairt leat.

Rules

Tá sé mar phríomhdhualgas ar fhinné an fhírinne a insint. Má cheapann breitheamh go bhfuil bréaga insithe agat faoi mhionn, d'fhéadfadh sé/sí an dlí a chur ort as fianaise bhréige a thabhairt é. Leigh tuilleadh eolais faoi feidhmeanna agus dualgais fhinné anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.