Tá riail ghinearálta i ndlí na hÉireann a deireann go bhfuil gach duine daonna inniúil le bheith ina f(h)inné. I bhfocail eile, tá gach duine ábalta fianaise a thabhairt i gcás cúirte. Ach, tá éisceachtaí don riail sin ann.
In amanna bíonn beirt nó níos mó daoine cúisithe as coir choiriúil agus cuirtear triail orthu ag an am céanna. Sa chás sin tugtar na comh-chúisithe orthu agus tá riail ann nach féidir leis na cúisitheoirí glaoch ar dhuine de na comh-chúisithe le fianaise a thabhairt i gcoinne duine eile acu.
Ón tús ní raibh céile an chúisí inniúil le fianaise a thabhairt ar son aon taobh i gcás. Ach, tá athrú ar an dlí anois agus is féidir leis an gcéile fianaise a thabhairt ar son na gcosantóirí nó na gcúisitheoirí (ach amháin sa chás gur comh-chúisí é/í an céile). Ní féidir iallach a chur air/uirthi fianaise a thabhairt i gcoinne a c(h)éile ar son na gcúisitheoirí i gcúinsí áirid.
Ón tús bhí leanaí in ann fianaise a thabhairt faoi mhionn agus ar mhaithe leis an mionn a thabhairt, b'éigean don leanbh nádúr agus torthaí an mhionna a thuiscint.
Ach, tá athrú anois ar an dlí agus is féidir le leanbh faoi cheithre bliana déag d'aois fianaise a thabhairt i gcás coiriúil nó i gcás sibhialta gan mionn ná dearbhú a thabhairt. Ní mór don chúirt a bheith sásta go bhfuil sé/sí ábalta cur síos intuigthe a thabhairt ar a tharla.
Ní mór do leanaí atá ós cionn ceithre bliana déag d'aois mionn nó dearbhú a thabhairt i gcónaí ar mhaithe le fianaise a thabhairt.
Is féidir le duine faoi mhíchumas intinne fianaise a thabhairt i gcás coiriúil nó sibhialta gan aon mhionn ná dearbhú a thabhairt. Ach, ní mór don chúirt a bheith sásta go bhfuil sé/sí ábalta cur síos intuigthe a thabhairt ar a tharla.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.