Ráiteas faoi mhionn ó fhinné is ea mionnscríbhinn. Doiciméad is ea í a leagann amach i bparagraif an fhianaise ar mhian leis an bhfinné a thabhairt. Go hiondúil déanann aturnae nó abhcóide na mionnscríbhinní a scríobh agus a ullmhú tar éis an t-eolas riachtanach a bhailiú ón bhfinné.
Nuair atá an mionnscríbhinn réidh, ní mór don fhinné dul os comhair Coimisnéara Mionnaí. Cinnteoidh Coimisinéir na Mionnaí go bhfuil an mionnscríbhinn léite agus tuigthe go hiomlán ag an té atá ag tabhairt an míonna. Iarrfar ar an bhfinné an Bíobla a ardú agus focail an mhíonna a athrá. Murar mhian leis an bhfinné mionn a thabhairt ar an mBíobla, is féidir leis nó léi dearbhascadh a dhéanamh. Is féidir leis nó léi an mionnscríbhinn a shíniú ansin.
Déanfaidh Coimisinéir na Mionnaí a dhearbhú gur tugadh an mionnscríbhinn go ceart trí "jurat" a chur ar an mionnscríbhinn. Is féidir í a chur os comhair na cúirte ansin mar fhianaise ach í a fhágáil san oifig chúirte chuí agus cóip a chur chuig an páirtí eile sa chás.
I roinnt cásanna ní bhactar le h-éisteacht bhéil le fianaise á tabhairt ag finnéithe sa chúirt. Ní féidir plé leis na cásanna sin ach trí mhionnscríbhinn amháin. Mar shampla, má eisíonn an Comhghearánaí toghairm achomair, beidh mionnscríbhinn leis a leagfaidh amach fíricí an cháis. Is féidir leis an gCosantóir freagairt trí mhionnscríbhinn ansin. Is féidir leis an mbreitheamh an cás a shocrú trí na mionnscríbhinní a léamh. Nós imeacht níos tapúla agus níos saoire é seo.
Caithfidh an t-eolas seo a leanas a bheith i mionnscríbhinn:
Is é 10 euro an stampdhleacht a chaithfear a íoc nuair a chuirtear mionnscríbhinn isteach in oifig na Cúirte Cuarda. I lároifig na hArdchúirte is é 15 euro an stampdhleacht.
Iarrfaidh do aturnae agus d'abhcóide táillí ar a gcuid seirbhísí chomh maith.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.