Anseo atá tú: Baile > Dlí > Finnéithe > Inghlacthacht ráiteas finné áirithe i dtriail choiriúil

Print Page Send to a Friend

Inghlacthacht ráiteas finné áirithe i dtriail choiriúil

Réamhrá

Nuair a dhéanann tú ráiteas finné do na Gardaí maidir le coir, is é cuspóir do ráitis cuntas scríofa a thabhairt do na Gardaí ar a raibh tú i d'fhinné. Má thugtar duine atá faoi amhras ciona os comhair na cúirte, beidh lucht an ionchúisimh ag brath ar fhinnéithe a rinne ráitis chun cuntas pearsanta a thabhairt don chúirt faoina bhfaca siad.

Uaireanta, áfach, mar gheall ar imeaglú nó ar bhagairtí, féadtar go ndiúltaíonn duine a rinne ráiteas finné do na Gardaí fianaise a thabhairt sa chúirt. Uaireanta féadtar go dtugann an duine cuntas ar imeachtaí a dhifríonn ón cheann a thug sé/sí sa ráiteas. Déantar foráil don dlí sa chás seo faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (pdf).

Rialacha

Ceadaíonn Alt 16 d'Acht 2006 le glacadh le do ráiteas mar fhianaise i dtriail coiriúil sna himthosca a leanas:

  • Má dhiúltaíonn tú fianaise a thabhairt
  • Má shéanann tú go ndearna tú an ráiteas
  • Má thugann tú fianaise sa chúirt atá ar neamhréir le do ráiteas

Féadtar go nglacfar leis an ráiteas mar fhianaise má dheimhníonn tú (nó má chruthaítear é) go ndearna tú an ráiteas agus má tá an chúirt sásta go ndearnadh an ráiteas go deonach agus go bhfuil sé iontaofa. Caithfidh an chúirt a bheith sásta go ndearnadh do ráiteas faoi mhionn nó faoi dhearbhú, nó go bhfuil dearbhú reachtúil uait ann a dhearbhaíonn go bhfuil do ráiteas fíor.

An mbeidh orm a mhíniú cén fáth nach bhfuil fianaise á tabhairt agam?

Má iarrann lucht an ionchúisimh ar an gcúirt go nglacfar le do ráiteas mar fhianaise, iarrfaidh an chúirt míniúchán ort maidir le cén fáth a dhiúltaíonn tú fianaise a thabhairt nó cén fáth a bhfuil fianaise á tabhairt agat atá ar neamhréir le do ráiteas. I gcás nuair a shéanann tú go ndearna tú an ráiteas, beidh fianaise de dhíth ar an chúirt uait maidir le do shéanadh.

An féidir leis an chúirt mo ráiteas a dhiúltú mar fhianaise?

Is féidir. Má tá an chúirt den bharúil go mbeadh sé éagórach don chúisí do ráiteas a ghlacadh mar fhianaise (nó do dhuine ar bith de na cúisithe má tá níos mó ná cúisí amháin ann) nó gur chóir gan é a ghlacadh mar gheall ar leas an cheartais, is féidir leis an chúirt do ráiteas a dhiúltú mar sin. Tá discréid leathan ag an chúirt maidir le cé acu an nglactar nó nach nglactar le do ráiteas mar fhianaise.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Finné naimhdeach
    Is éard is finné naimhdeach ann ná finné a bhfuil an cuma air/uirthi nach bhfuil sé/sí toilteanach an fhírinne a insint. Faigh amach anseo conas a chaitear le finné naimhdeach sa chúirt.
  • Fianaise aitheantais
    Fianaise a thugann an té a d'fhulaing nó fianaise a thugann finné a ainmníonn an cúisí mar an té a rinne an choir í fianaise aitheantais.
  • Ráitis ó íospartaigh linbh a fhístaifeadadh
    D'fhéadfaí nach mbeadh ar íospartaigh faoi bhun 14 bliana d'aois fianaise bheo a thabhairt sa chúirt in imeachtaí coiriúla.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.