Anseo atá tú: Baile > Dlí > Íospartaigh na Coireachta > An tSeirbhís Ionchúisimh an Stáit agus íospartaigh choireanna

Print Page Send to a Friend

An tSeirbhís Ionchúisimh an Stáit agus íospartaigh choireanna

Eolas

Is iondúil go mbíonn íobartach coire ag iarraidh fáil amach an mbeidh cúis dhá thabhairt ar aghaidh agus an mbeidh an té atá ciontach tugtha ós comhair na cúirte.

Is seirbhís de chuid Oifig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí (SIP) í Seirbhís Ionchúisimh an Stáit. Sé Príomhaturnae an Ionchúisimh atá mar aturnae ag an SIP. Bíonn aturnaetha an Ionchúisimh sna cúirteanna uile i mBaile Átha Cliath thar cheann an SIP agus Aturnaetha Stáit áitiúla sna cúirteanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Cuireann Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí an dlí coiriúil i bhfeidhm sna cúirteanna ar son mhuintir na hÉireann, stiúrann sé agus déanann sé maoirseacht ar ionchúisimh phoiblí díotála sna cúirteanna agus tugann sé treoir ghinearálta agus comhairle don Gharda Síochána maidir le cásanna achoimre agus treoir faoi leith sna cásanna sin nuair a iarrtar é (tógtha ó Fhulangaithe Coireanna agus Seirbhís Ionchúisimh an Stáit).

Oifig neamhspléach go hiomlán í Oifig SIP - ní féidir leis an Rialtas ordú a thabhairt do SIP aon chúis faoi leith a thabhairt ar aghaidh nó gan í a thabhairt.

Cé go bhfuil beagnach gach cás tógtha in ainm SIP go foirmiúil, is iad na Gardaí a dhéanann an cinneadh i ndáiríre an mbeidh cúis dhá thabhairt ar aghaidh nó nach mbeidh. Ach, is faoi SIP amháin an cinneadh a dhéanamh cúis a thabhairt ar aghaidh i gcásanna troma (mar shampla, dúnmharú agus coireanna gnéis).

Má dhéanann SIP cinneadh gan cúis a thabhairt ar aghaidh i gcás faoi leith insítear cén fáth do na Gardaí ach bíonn sé coinnithe faoi rún cén fáth a bhí leis an gcinneadh sin.

Tá an méid seo a leanas geallta ag an SIP do dhaoine a d’fhulaing de bharr coiriúlachta:

  • tuairimí a nochtann daoine a d’fhulaing a chur san áireamh i gcásanna áirithe agus é ag socrú an gcúiseoidh sé nó nach gcúiseoidh
  • iarratas ó dhuine a d’fhulaing ar athbhreithniú a scrúdú i gcás ar cinneadh gan dul ar aghaidh leis
  • athbhreithniú a iarraidh ar phianbhreith a cheapann sé a bheith róbhog

Is mar seo a chaitheann aturnae an ionchúisimh (i ngach cúirt i mBaile Átha Cliath) nó an tAturnae Stáit áitiúil (i gcúirteanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath) le daoine a d’fhulaing:

Téann siad i gcomhar leis an nGarda Síochána le daoine a d’fhulaing a choinneáil ar an eolas faoi chúisiú, go háirithe nuair atá foréigean nó ionsaí gnéasach i gceist. Má iarrann duine a d´fhulaing a leithéid socraíonn siad cruinniú roimhré le haturnae agus le habhcóide an ionchúisimh leis an gcás a phlé. Ag an gcruinniú seo mínítear próiséas na trialach don té a d’fhulaing. Ní phléitear fianaise le finnéithe roimh ré.

Is mar seo a chaitheann aturnae an ionchúisimh (i ngach cúirt i mBaile Átha Cliath) nó an tAturnae Stáit áitiúil (i gcúirteanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath) le daoine a d’fhulaing:

  • Téann siad i gcomhar leis an nGarda Síochána le daoine a d’fhulaing a choinneáil ar an eolas faoi chúisiú, go háirithe nuair atá foréigean nó ionsaí gnéasach i gceist.
  • Má iarrann duine a d´fhulaing a leithéid socraíonn siad cruinniú roimhré le haturnae agus le habhcóide an ionchúisimh leis an gcás a phlé.
  • Ag an gcruinniú seo mínítear próiséas na trialach don té a d’fhulaing. Ní phléitear fianaise le finnéithe roimh ré

Má fhaightear duine ciontach, cinnfidh an chúirt ar phianbhreith. Má cheapann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (SIP) go bhfuil an phianbhreith róbhog, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh sa gCúirt Achomhairc Choiriúil. Ní fhéadfadh an SIP achomharc a dhéanamh in aghaidh pianbhreithe a gearradh sa Chúirt Dúiche.

Rialacha

Cuirfidh SIP dearcadh an íobartaigh san áireamh le cinneadh a dhéanamh cúis a thabhairt ar aghaidh.

Má dhéanann íobartach iarratas ar athbhreithniú i gcás cinnithe a bheith tógtha cúis a thabhairt ar aghaidh ní mór do SIP an t-iarratas sin a mheas agus i gcásanna cuí athbhreithniú neamhspléach inmhéanach a chur i gcrích.

Conas iarratas a dhéanamh

Muna mbíonn duine sásta leis an gcóras nó má tá fiosrúchán nó gearrán le déanamh ag duine ba cheart teagmháil a dhéanamh le Stiúrthóir na nInchúisithe Poiblí.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Stiúrthóir na nInchúisithe Poiblí

14-16 Sráid Mhuirfean Íocht
Dublin
Ireland

Teil:+353 (0)1 6789222
Láithreán Gréasáin: http://www.dppireland.ie/


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Clár Athstiúrtha na nGardaí don Óige
    Tá sé mar aidhm ag Clár Athstiúrtha don Óige na nGardaí cosc a chur ar chiontóirí óga in Éirinn ag dul isteach sa chóras ceartais choiriúil iomlán. Déantar é seo trí sheans eile a thabhairt do na ciontóirí óga.
  • Coireanna a aicmiú i gcúiseanna coiriúla
    Déantar imscrúdú ar chion coiriúil agus déantar é a ionchúiseamh bunaithe ar an gcineál coire atá i gceist. Chun na críche seo, féadtar cionta coiriúla a aicmiú i slite difriúla.
  • Finnéithe faoi 18 mbliana
    Tá cur síos anseo ar na rialacha a bhaineann le finnéithe faoi 7 mbliana déag a thugann fianaise sa Chúirt Dúiche, Chuarda nó sa Chúirt Choiriúil Lárnach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.