D'fhéadfadh sé go mbeadh teagmháil ag íobartach leis an tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa. Tá sé mar phríomhaidhmeanna ag an tseirbhís seo tuairscí a chur le chéile ar chiontóirí aonair tar éis dóibh a bheith ciontaithe as coir.
Cuirfidh an "tuairisc phromhaidh" síos ar an gciontóir, a t(h)eaghlach agus an cineál saoil atá aige/aici, san áireamh an mbaineann sé/sí míúsáid as alcól agus as drugaí.
Cuirfidh sé síos ar dhearcadh an chiontóra - an bhfuil sé/sí sásta freagracht a ghlacadh as a bhfuil déanta aige/aici. Déanfar plé ann ar an dearcadh atá ag an gciontóir maidir lena s(h)aol agus lena (h)iompar a leasú mar shampla, agus an bhfuil sé i gceist aige/aici a bheith dáiríre faoi fhreastal ar chlár le coir leighis a fháil i gcás míúsáid drugaí.
Cuirfidh an tuairisc phromhaidh síos ar fheiliúnacht an chiontóra lena t(h)éarma píonóis a chur isteach ar bhealach eile nach sa phríosún é seribhís a dhéanamh don phobal mar shampla. D'fhéadfadh sé go mbeadh coinníollacha leagtha síos maidir le téarma píonóis nach sa phríosún é, mar shampla, go mbeadh ar an gciontóir imeacht ó cheantar cónaithe ina raibh sé/sí i dtrioblóid ann.
Tabharfaidh an tuairisc phromhaidh cúnamh don bhreitheamh a (h)intinn a dhéanamh suas cén cineáil téarma píonóis a ghearrfaidh sé/sí ar an gciontóir.
Má dhéanann an chúirt cinneadh gur féidir téarma píonóis taobh amuigh den phríosún a ghearradh d'fhéadfadh sé go mbeadh an tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa ag iarraidh faire ar an gciontóir agus é/í i mbun na gcláracha leighis agus na seirbhíse sa phobal a bhíonn le déanamh aige/aici.
Cuirfidh an tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa san áireamh
Má bhí sé i gceist cúiteamh a íoc le híobartach mar chuid den choinníoll a bhain le téarma píonóis taobh amuigh den phríosún d'fhéadfadh sé go mbeadh ról ag an tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa le cinntiú go n-íoctar an cúiteamh sin.
Má theipeann ar an tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa a bheith chomh maith agus a bhí duine ag súil leis is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bPríomhOifigeach Promhaidh agus Leasa.
Margadh an Fhéir
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 817 3600
Facs:+353 (0)1 872 2737
Láithreán Gréasáin: http://www.probation.ie/pws/WebSitePublishing.nsf/content/HOME
R-phost: info@pws.gov.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.