Is í Seirbhís Phríosúin na hÉireann atá i mbun na bpríosún.
Tá idir institiúidí ardslandála "dúnta" agus príosúin "oscailte" le mionslandáil ar fáil.
Braitheann sé ar an bpríosúnaí féin cé acu príosún ard - nó mionslandála a bheidh sé/sí coinnithe ann. Cuirtear san áireamh mar shampla cén cineál coire atá i gceist, fad an téarma, an riosca a bhaineann leis an bpríosúnaí.
Má shíltear go bhfuil príosúnaí dainséarach nó más bagairt don íobartach atá ann coinneofar é/í i gceann de na príosúin dúnta ardslandála.
Ceann de phríomhaidhmeanna an chórais phríosúntachta ciontóirí a athbhunú sa chaoi nach mbriseann siad an dlí arís tar éis an phríosúin a fhágáil.
Cuireann an tSeirbhís Phríosúin traenáil oibre, comhairle agus coir leighis i gcás míúsáid drugaí agus alcól ar fáil. Chomh maith leis sin tá cláracha leighis speisialta ar fáil do chiontóirí gnéis a chuireann iallach ar chiontóirí aghaidh a thabhairt ar an tionchar iomlán a bhíonn ag an gcoir ar na híobartaigh.
Tá an chuid is mó ciontóirí i dteideal loghadh de 25% ar a dtéarmaí príosúin má iompraíonn siad iad féin go maith sa phríosún. Cuireann breithimh san áireamh go mbeidh loghadh ar an téarma nuair a leagann siad síos téarmaí príosúin.
Ach, níl aon dáta leagtha síos le duine a bhfuil príosún saoil gearrtha air/uirthi agus is le cead ón Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais amháin gur féidir ciontóir mar seo a scaoileadh saor.
Is iondúil go scaoiltear ciontóirí saor ón bpríosún nuair atá na téarmaí príosúin curtha isteach acu nó nuair a cheadaíonn an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais dóibh imeacht go luath nó go sealadach.
Scaoiltear duine saor go sealadach, go hiondúil, ar chúinsí truacha má chailltear gaol gairid mar shampla nó má tá gaol gairid go dona tinn. Amanta scaoiltear saor go sealadach príosúnaigh atá ag druidim i dtreo deireadh a dtéarmaí príosúin fhada le cúnamh a thabhairt dóibh maireachtáil sa phobal arís.
Nuair atá cinneadh dhá dhéanamh ag an tSeirbhís Phríosúin príosúnach a scaoileadh saor go sealadach cuirfear san áireamh an riosca nó contúirt don phobal agus don íobartach a bhaineann leis an bpríosúnach.
Nuair atá 7 mbliana curtha isteach ag príosúnaigh a bhfuil téarmaí fada gearrtha orthu, is féidir leo iarratais a dhéanamh athbhreithniú a fháil ar a gcás ón , nGrúpa Athbhreithnithe Téarmaí Príosúin - the Sentence Review Group >. Moltaí amháin is féidir leis an ngrúpa seo a dhéanamh. Is é/í an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a dhéanann an cinneadh deireanach.
Déanann an tSeirbhís Phríosúin
Má tá aon cheisteanna nó gearráin le déanamh maidir leis an tSeirbhís Phríosúin nó má theastaíonn ó dhuine scéal a fháil nuair atá ciontóir le scaoileadh saor ba cheart teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Teagmhála na nÍobartach .
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.