An dlí agus íospartaigh choireanna

Eolas

Cuireann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais tuairimí íobartach san áireamh nuair atá dlíthe dhá dhéanamh nó an dlí coiriúil le leasú.

Tá cur síos ar chuid de na dlíthe tábhachtacha a bhaineann le íobartaigh san alt thíos faoi Rialacha.

Rialacha

Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992

Tá sé níos éasca de bharr an Achta seo don fhinné fianaise a thabhairt i gcásanna mí-úsáid fisiciúil nó gnéis tríd nasc beo teilifíse leis an gcúirt a cheadú. I gcásanna áirid, cuireann an tAcht seo iallach ar chéile an té atá cúisithe fianaise a chur ar fáil ar son na gciontóirí.

Tá sé níos éasca ag gasúir fianaise a thabhairt de bharr an Achta mar

  • níl aon ghá dóibh fianaise a thabhairt ar mhionn
  • níl aon ghá le comhthacaíocht (roimhe seo, b'éigean fianaise eile le comhthacaíocht a thabhairt don fhianaise a thug an páiste a chur ar fáil)
  • ní chaitheann na habhcóidí bréagfhoilt agus róbaí nuair atá fianaise dhá thabhairt tríd nasc teilifíse.

An tAcht um Dhlí Coiriúil, 1993

Cuireann an tAcht seo iallach ar an gcúirt tionchar na coire foréigneach nó gnéis ar an íobartach a chur san áireamh nuair atá cinneadh dhá dhéanamh aici maidir leis an bpionós.

Tá sé de cheart ag duine a bhí thíos le coir foréigneach nó gnéis, fianaise a thabhairt sa chúirt maidir leis an tionchar a bhí ag an gcoir air/uirthi.

Tugann an tAcht seo cead do Stiúrthóir na nInchúisithe Poiblí achomharc a dhéanamh i gcás pionóis boig agus tugann sé cumhacht don chúirt iallach a chur ar an gciontóir cúiteamh a íoc leis an íobartach ar son aon ghortuithe phearsanta nó cailliúint a d'fhulaing sé/sí.

An tAcht an Chúnamh Dlí Sibhialta 1995

Faoin Acht seo, soláthraíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil cúnamh dlíthiúil nó comhairle le gearánaí i gcásanna áirithe coiriúla a bhaineann le ionchúiseamh mar gheall ar raon cionta gnéis, lena n-áirítear éigniú, tromionsaí gnéasach agus ciorrú coil. Tá gearánach an duine a rinne an gearán.

Soláthraíonn an Bord freisin comhairle dlí i ndáil le nithe coiriúla a d'íospartaigh líomhnaithe gáinneála ar dhaoine.

An tAcht um Fhoréigean Baile, 1996

Forálann an tAcht seo a chosaint i gcás ina bhfuil ball teaghlaigh foréigneach. Tá dhá príomhchineál cosanta le fáil, ordú sábháilteachta agus ordú urchoisc.

Cuireann an ordú sábháilteachta cosc ar dhuine foréigneach ar fhoréigean breise nó ar bhagairt foréigin. Ní bhíonn iallach ar an duine áras an teaghlaigh a fhágáil. Má chónaíonn sibh óna chéile tá cosc orthu ar fhaire a dhéanamh ar d’áras nó bheith cóngarach do d’áras.

Éilíonn an ordú urchoisc ar an duine foréigneach áras an teaghlaigh a fhágáil. Cuireann sé cosc ar an duine ar fhoréigean breise nó ar bhagairt foréigin, agus ar fhaire a dhéanamh ar d’áras nó bheith cóngarach do d’áras.

An tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997

Thug an tAcht seo an reachtaíocht a bhí ann maidir le cineálacha eagsúla ionsaithe, bagairt maraithe nó gortaithe troim, nimhiú, príosúnacht neamhdhleathach agus fuadach páistí suas chun dáta. Tá roinnt coireanna nua curtha san áireamh ag an Acht freisin. Tá córas leagtha síos san Acht le deileáil le

  • Ionsaithe
  • Coireanna a bhaineann le foréigean nó le bagairt an fhoréigin tríd úsáid a bhaint as steallairí agus/nó fuil
  • Ciapadh, atá dírithe ar an rud ar a dtugtar "faire" go coitianta
  • Fiacha a bhailiú tríd úsáid a bhaint as bagairtí
  • Comhéigean
  • Duine a chur i gcontúirt
  • Nimhiú nó foladh a thabhairt do dhuine a bhfuil sé i gceist cur isteach ar fheidhmiú an choirp leis
  • Úsáid a bhaint as an lámh láidir go pointe réasúnta le thú féin, do theaghlach agus do mhaoin a chosaint ó choireanna coiriúla.

An tAcht um Bhannaí, 1997

Chuir an tAcht seo srian leis an dlí a bhaineann le bannaí.

Is féidir leis an gcúirt anois diúltú duine atá cúisithe le coir throm a scaoileadh saor ar bhannaí má tá seans ann go ndéanfaidh an duine sin coir throm eile nuair atá sé/sí saor ar bhannaí. Chomh maith leis sin cuireann an tAcht iallach ar an gcúirt téarmaí príosúin i ndiaidh a chéile a thabhairt do dhuine a chúisítear as coir throm eile a dhéanamh nuair atá sé/sí saor ar bhannaí.

An tAcht um Dhlí Coiriúil, 1999

Cosaint finnéithe, íobartaigh san áireamh, a bhfuil gá dóibh fianaise a thabhairt sa chúirt atá i gceist leis an Acht seo.

Tugann sé cead do fhinnéithe a bhfuil eagla orthu nó a bhfuil imeaglú dhá imirt orthu fianaise a thabhairt tríd nasc teilifíse beo chuig an gcúirt.

Tá coireann nua cruthaithe ag an Acht freisin, ina measc imeaglú finné, ball den ghiúré nó aon duine atá ag tabhairt cúnaimh do na Gardaí agus iad ag déanamh scrúduithe ar chás coiriúil. Tá pionós de suas le 10 mbliana sa phríosún ag dul leis.

An tAcht um Dhlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008

Faoin tAcht seo is cion atá i gceist le gáinneáil a dhéanamh ar dhaoine nó leanaí ar mhaithe le teacht i dtír gnéasach nó oibre a dhéanamh orthu, nó chun a gcuid orgán a thógáil. Ina theannta sin, is cion atá ann duine ar bith a dhíol nó a cheannach (nó tairiscint a dhéanamh chun duine a dhíol nó a cheannach) ar chúis ar bith. Is cion atá ann duine a ndearnadh gáinneáil air/uirthi a shireadh nó a dhianshireadh ar mhaithe le striapachas.

An tAcht um Dhlí Coiriúil (Cosaint agus an Cónaithe) 2011

Forálann an dlí go bhfuil daoine atá i dteideal úsáid a bhaint as forneart réasúnach a chosaint ar dhaoine agus maoin má chreideann siad go bhfuil a n-áit chónaithe ionraitheora isteach chun tiomantas gníomh coiriúil.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an reachtaíocht a bhaineann le íobartaigh choireanna a fháil ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

94 Faiche Naomh Stiofáin
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 602 8202
Lóghlao:1890 221 227
Facs:(01) 661 5461
Láithreán Gréasáin: http://www.justice.ie
R-phost: info@justice.ie

Page edited: 4 August 2015