Tá na Gardaí ag obair le coireanna a stopadh, saol agus maoin a chosaint, síocháin a choinneáil agus sábháilteacht an phobail a chothú. Nuair a bhíonn coireanna ann, déanann na Gardaí iad a fhiosrú agus iarracht na daoine atá freagrach a thabhairt ós comhair na gcúirteanna.
Déanann siad a gcuid oibre
Tá na Gardaí dírithe ar thrua, cúirtéis, meas agus dínit a thaispeáint d'íobartaigh choireanna.
Má tá duine thíos le coir ní mór do na Gardaí teacht i gcabhair air/uirthi gan moill tar éis glaoch a fháil. Ní mór dóibh deileáil le chuile chás leis an riachtanas céanna is cuma an fear nó bean an t-íobartach, cén cine, creideamh, bunús eitneach lena bhaineann sé/sí, cén claonadh gnéasach, aois, cúinsí eacnamúla nó ballraíocht in aon mhionghrúpa atá ag an duine.
Tá sé de cheart ag íobartach coire eolas a fháil ó na Gardaí. Ní mór do na Gardaí ainm, uimhir ghutháin agus stáisiún an Gharda atá ag fiosrú a c(h)áis a insint don íobartach. Ní mór do na Gardaí an próiséas fiosrúcháin a mhíniú don íobartach agus cinntiú go bhfuil eolas aige/aici go leanúnach ar an bhfiosrúchán, má tá duine cúisithe nó foláireamh tugtha dó/dí maidir leis an gcoir mar shampla. Ba cheart dóibh freisin insint don íobartach faoi na seirbhísí tacaíochta don íobartach Victim Support.
Má tá duine cúisithe leis an gcoir ní mór do na Gardaí
Má chuir an choir isteach go mór ar an íobartach agus ar a t(h)eaghlach, inseoidh na Gardaí don íobartach é má bhíonn an ciontóir le scaoileadh ón bpríosún. Cuirfidh na Gardaí aon socruithe a theastaíonn i bhfeidhm freisin maidir le sábháilteacht an íobartaigh a chinntiú.
Ní mór do na Gardaí deileáil ar bhealach lochailleach faoi leith le duine a bhíonn thíos le coir ghnéis.
Más gá breathnóidh aonad speisialta den Gharda i ndiaidh an cháis más fiosrúchán maidir le foréigean tí nó ionsaí gnéis atá i gceist. Tá seomraí speisialta leis an trealamh cuí ar fáil iontu curtha ar fáil do dhaoine a d'fhulaing éigniú agus ionsaithe gnéis (agus coireanna troma eile) ag Stáisiún na nGardaí, Sráid Stórais, Baile Átha Cliath.
Déanfaidh na Gardaí chuile iarracht gur Garda agus dochtúir den ghnéas céanna a bheidh ag deileáil le duine a d'fhulaing coir throm den chineál seo.
Cuirfear eolas ar fáil don íobartach maidir le heagrais speisialta tacaíochta a bhíonn ag plé le coireanna gnéis.
Déanfaigh ceannfort na nGardaí teagmháil le teaghlach duine a dúnmharaíodh agus leis an tSeirbhís Tacaíochta don Íobartach. Nuair atá an chéad teagmháil déanta beidh Garda amháin ainmnithe ón bhfoireann fhiosrúcháin leis an teaghlach agus Tacaíocht don Íobartach a choinneáil ar an eolas maidir leis an gcás.
Tá íobartach foréigean tí i dteideal na seirbhísí tacaíochta céanna a fháil ó na Gardaí agus a fhaigheann daoine a d'fhulaing foréigean gnéis agus coireanna troma. Tá polasaí gabhála i bhfeidhm a léiríonn obair na nGardaí ar son an íobartaigh agus an teaghlaigh a chosaint.
Déanfaidh na Gardaí chuile iarracht le seanduine ar imríodh coir ina c(h)oinne agus a t(h)each a chosaint.
Cuirfidh na Gardaí turasóir chun na tíre nó duine nach bhfuil Béarla líofa aige/aici i dteagmháil le seirbhís Tacaíocht don Íobartach atá ina t(h)urasóir.
Déanfaidh na Gardaí chuile iarracht freastal ar riachtanais íobartaigh a bhfuil míchumas fisiciúil nó intinne air/uirthi.
Má tá duine míshásta leis an gcúnamh a fhaigheann sé/sí ó bhaill den Gharda Síochána nó má tá aon fhiosrúchán nó moltaí ag duine is féidir teagmháil a dhéanamh leis Oifigeach Teagmhála Íobartaigh an Gharda Síochána nó leis an gceannfort áitiúil.
Cuirfear freagra ar ais taobh istigh de 21 lá.
Oifigeach Teagmhála na nÍobartach
Rannóg Caidreamh Pobail
Cearnóg Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6663802
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=1662
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.