Anseo atá tú: Baile > Dlí > Íospartaigh na Coireachta > Na cúirteanna agus íospartaigh choireanna

Print Page Send to a Friend

Na cúirteanna agus íospartaigh choireanna

Eolas

D'fheadfadh sé go mbeadh teagmháil ag íobartach coire leis na cúirteanna. D'fhéadfadh sé/sí a bheith ina f(h)inné ag an triail a bhaineann lena c(h)ás nó go simplí d'fhéadfadh an t-íobartach a bheith ag iarraidh a bheith i láthair ag an triail.

Eachtra scanrúil agus anróiteach a bhíonn sa chúirt go minic don íobartach. Tá roinnt córais tacaíochta curtha i bhfeidhm le íobartaigh a spreagadh agus le tacaíocht a thabhairt dóibh agus len iad a chosaint ó imeaglú.

Rialacha

  • Cuireann Taca d'Íospartaigh Seirbhís Cúirte ar fáil d'Íospairtigh agus d'Fhinnéithe, agus tugann saorálaithe oilte tacaíocht duit, músclaíonn siad do mhisneach agus bíonn siad mar chomrádaithe agat agus tú ag freastal ar an gcúirt
  • Féadfaidh an chúirt Nasc Físe a chur ar fáil má tá Íospartaigh óga (faoi bhun 17) ag tabhairt fianaise faoi chásanna tromchúiseacha faoi choireanna gnéasacha nó foréigeanacha agus i gcás fianaithe atá leochaileach nó a bhfuil imeaglú á déanamh orthu.
  • Féadfaidh an chúirt an tionchar ortsa a chur san áireamh nuair atá sí ag gearradh pionóis ar chiontóir a rinne choireanna tromchúiseacha gnéis nó foréigin.
  • Más mian leat é, féadfaidh an chúirt cead a thabhairt duit fianaise a thabhairt faoin tionchar a bhí ag an gcoir tromchúiseach gnéis nó foréigin ortsa.
  • Cuireann na Seirbhísí Cúirteanna cóiríocht ar fáil duitse agus do do mhuintir i bhfoirgnimh chúirte nua nó athnuaite.

Conas iarratas a dhéanamh

Mura gcaitheann oifigí na cúirte go héifeachtach, béasach cothrom leat féadfaidh tú an scéal a chur faoi bhráid an Oifigigh de chuid Seirbhís na gCúirteanna a bhíonn ag plé le Cáilíocht Seirbhísí do Chustaiméirí. Déanfar do ghearán a iniúchadh thar do cheann.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tSeirbhís Chúirteanna

15 / 24 Sráide na Foinn Uisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:+353 (0)1 8886000
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.