D'fhéadfadh sé go mbeadh fiosrúchán ann má chailltear duine go tobann, gan fáth, i gcás foréigin, nó le cúinsí mínádúrtha. Is é an cróinéir, atá ina d(h)ochtúir nó ina d(h)líodóir, a bhíonn i mbun an fhiosrúcháin.
D'fhéadfadh sé go mbeadh scrúdú iar bháis le déanamh agus ina dhiaidh sin éisteacht ag coiste cróinéara. Más bás de bharr cúiseanna mínádúrtha a bhí i gceist ní mór, de réir an dlí, éisteacht ag coiste cróinéara a bheith ann.
Ba cheart socruithe a dhéanamh nach gcuirfidh isteach gan fáth ar bhaill an teaghlaigh le corp duine a aithint. Ó am go chéile is féidir socruithe a dhéanamh gurb é duine eile a dhéanfadh an corp a aithint.
Is féidir scrúdú iarbháis a dhéanamh tar éis báis i gcúinsí áirid. Cuirfear eolas faoin bpróiséas a bhaineann le scrúdú iarbháis ar fáil don teaghlach ó oifig an chróinéara. Más mian leis an teaghlach é is féidir torthaí an scrúduithe a chur ar fáil dóibh.
Déanfaidh an cróinéir chuile iarracht corp a chur ar fáil don teaghlach gan aon mhoill agus inseofar don teaghlach cén dáta agus cén t-am a bhfuil súil an corp a bheith réidh dóibh.
Fiosrúchán poiblí a éisteann cróinéir é Coiste Cróinéara agus bíonn giúiré i láthair uaireanta. Breathnaíonn coiste an chróinéara ar na cúinsí a bhain le bás an duine. Tá sé mar aidhm ag an gcoiste cróinéara an fhírinne a bhain leis an mbás a thabhairt chun solais agus an scéal a thaifeadadh go poiblí. Ainmnítear an té atá básaithe, dáta agus áit an bháis chomh maith le fáth an bháis a thaifeadadh.
Inseofar don teaghlach an dáta, an t-am agus an áit ar a mbeidh an Coiste Cróinéara chomh luath agus is féidir.
Is féidir leis an gcróinéir nó leis an ngiúiré moltaí ginearálta a dhéanamh le bás den chineál céanna a sheachaint arís, ach ní féidir le Cúirt an Chróinéara cinneadh a dhéanamh faoin duine atá ciontach as an mbás.
Is féidir le fiosrúchán báis gaolta agus teaghlaigh an té atá básaithe a chur trína chéile. Ba cheart don chróinéir déanamh cinnte go bhfuil gach gné dá c(h)uid oibre curtha i gcrích ar bhealach leochaileach agus le hurraim don té atá básaithe agus do na teaghlaigh atá i gceist.
Tar éis an fhiosrúcháin, cuirfidh an cróinéir, má dhéantar éileamh air, cóipeanna de na cáipéisí a chur ar fáil don teaghlach.
I láthair na huaire níl aon reachtaíocht ann a sholáthraíonn teidlíocht duit do chabhair dhlíthiúil shibhialta i gCúirt an Chróinéara. D'fhógair an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i 2006 go soláthróidh reachtaíocht nua a leasaíonn an dlí reatha maidir le cróinéirí cúnamh dlí teoranta i gCúirt an Chróinéara. Cibé ar bith, tá líon beag íocaíochtaí ex-gratia lánroghnacha d'ionadaithe dlí ag ionchoisní déanta do theaghlaigh nó do neasghaolta daoine a fuair bás faoi chúram nó faoi choimeád an stáit nó nuair a bhí baint díreach ag an stát leis an gcás.
Má tá aon ghearráin ag duine i dtaobh iompar an chróinéara, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil nó leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
94 Faiche Naomh Stiofáin
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 602 8202
Lóghlao:1890 221 227
Facs:+353 1 661 5461
Láithreán Gréasáin: http://www.justice.ie
R-phost: info@justice.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.