D'fhéadfadh sé go mbeadh cúiteamh ar fáil don té atá thíos le coir. Tá dhá chineál chúitimh ar fáil do dhuine atá ina íobartach.
Is féidir le cúirt, i gcásanna áirid, cinneadh a dhéanamh nach mór don chiontóir cúiteamh a íoc leis an íobartach. D'fhéadfadh sé go mbeadh an t-ordú seo tugtha i measc orduithe eile nach mór don chiontóir a chomhlíonadh le téarma príosúin a sheachaint. D'fhéadfadh an Chúirt iarraidh ar an tSeirbhís Phromhaidh Leasa agus cinntiú go bhfuil an cúiteamh íoctha.
Má tá duine gortaithe de bharr coire d'fhéadfadh sé go mbeadh cúiteamh tugtha dó/dí faoin Scéim Cúitimh ar son Gortuithe Pearsanta Gearrtha go Coiriúil. Tá an scéim seo maoinithe ag An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus is é Binse Cúitimh na nGortuithe Coiriúla a dhéanann an scéim a riaradh.
Íocann an scéim cúiteamh ar son costas agus cailliúintí a thit ar dhuine
Is féidir leis an duine atá gortaithe (an t-íobartach) nó, má tá an duine sin básaithe, teaghlach an íobartaigh cúiteamh a éileamh faoin scéim.
Má tá duine freagrach as breathnú i ndiaidh an íobartaigh agus má thit costais air/uirthi de bharr gortaithe a d'fhulaing an íobartaigh is féidir leis an duine sin cúiteamh a éileamh.
Ní mór éileamh a dhéanamh taobh istigh de 3 mhí. Ach, amanta ní chuirfidh an binse an teorann ama i bhfeidhm más féidir míniú sásúil a thabhairt ar an moill cúiteamh a éileamh.
Beidh an binse ag iarraidh tuairisc a fháil i gcónaí ó na Gardaí ar an gcoir. Ba cheart an choir a chur in iúl do na Gardaí chomh luath agus is féidir. Má bhíonn achar fada ann ó tharla an choir go dtí go dtéann duine chuig na Gardaí ní íocfar aon chúiteamh ach amháin sa chás go bhfuil an binse sásta gur chabhraigh an t-éilitheoir go hiomlán leis na Gardaí.
Ní gá do dhuine ionadaí dlí a bheith aige/aici le cúiteamh a éileamh. Ní íocfaidh an binse as costais dlí a thiteann ar dhuine.
Go hiondúil pléifear iarratas ar chúiteamh le foirm iarratais agus ní gá don éilitheoir teacht ós comhair binse go pearsanta. Más éileamh de níos lú ná £250 (317.43 euro) is féidir le Rúnaí an Bhinse deileáil leis.
Más é Rúnaí an Bhinse a rinne an cinneadh is féidir achomharc a dhéanamh ós comhair baill amháin den bhinse.
Muna bhfuil an t-éilitheoir sásta le cinneadh baill amháin den bhinse is féidir achomharc neamhfhoirmialta a lorg ós comhair triúr baill den bhinse.
Is féidir le éilitheoir a c(h)ás féin a chur ós comhair an bhinse ach is féidir freisin ionadaíocht dlí a bheith aige/aici ach an costas sin a íoc é/í féin. Níl aon dul thar chinneadh a dhéanann triúr bhall den bhinse.
Ní íocfar aon chúiteamh
más cailliúint de níos lú ná 63.49 euro a bhí i gceist
má bhí an t-éilitheoir agus an t-ionsaitheoir ina gcónaí in éineacht mar chuid den líon tí chéanna nuair a tharla an gortú
má bhain an gortú le coir thráchta, ach amháin sa chás go bhfuil an binse sásta gur rinneadh iarracht d'aon turas an t-éilitheoir a leagan
muna dtugann an t-éilitheoir cúnamh réasúnta don Bhinse.
Íocann an scéim seo as costais agus billí amháin a thit ar dhuine. Níl aon chúiteamh ar fáil as pian ná fulaingt.
Nuair atá cinneadh le déanamh faoi mhéid an chúitimh, cuirfidh an binse san áireamh aon íocaíochtaí leasa shóisialaigh, tuarastal nó pá a fuair an t-éilitheoir agus é/í as láthair ón obair de bharr tinnis. Cuirfidh an binse san áireamh freisin aon chúiteamh a d'íoc an t-ionsaitheoir nó a íocadh ar son an ionsaitheora.
Is féidir leis an mbinse an cúiteamh a ísliú nó gan aon chúiteamh a íoc in aon chor má shochraíonn sé go raibh baint ag an éilitheoir leis an eachtra nó gurb é/í ba chiontach as, mar shampla má spreag sé/sí an t-ionsaí.
Is féidir freisin méid an chúitimh a ísliú de bharr iompair, tréithe nó saol an éilitheora. Má bhí an t-éilitheoir cúisithe cheana le coireanna coiriúla is féidir é sin a chur san áireamh.
Tá cúig chineál cásanna ann.
Íocfar an duine as an ioncam a chaill sé/sí (mar gheall ar an am saor ón obair a thóg sé/sí), costais leighis a d'íoc sé/sí (costais fhiaclóra san áireamh), costais réasúnta taistil (mar shampla taisteal chuig agus ón dochtúir), cógas leighis agus speaclaí.
Íocfar an duine as an ioncam measta a chaillfidh sé/sí amach anseo (an méid ioncaim a bheadh aige/aici dá mbeadh sé/sí in ann coinneáil air/uirthi ag obair), as na costais leighis mheasta a thitfidh air/uirthi, as na costais mheasta a thitfidh air/uirthi de bharr míchumais (e.g., cúram amach anseo nó trealamh speisialta) agus as an ioncam measta go bhféadfadh duine a bheith aige/aici amach anseo.
Íocfar an teaghlach as aon ioncam agus costais a bhí ag dul chuig an duine a maraíodh roimh a b(h)ás, as cailliúintí tacaíochta nó cothabhála ar son aon chleithiúnach a bhí ag an íobartach, as costais a bhaineann le sochraid agus leis an duine a chur, chomh maith le híocaíocht ar son struis ar bhaill den theaghlach gar.
Má cailleadh an t-íobartach de bharr cúiseanna nach mbaineann leis an ngortú coiriúil ní bheidh aon chúiteamh le n-íoc leis an teaghlach ach amháin sa chás go measann an binse go mbeadh sé seo crua ar chleithiúnaigh an íobartaigh.
Níl aon chúiteamh faoin scéim seo ar fáil do mhaoin a goideadh nó ar déanadh damáiste dó, ach amháin i gcás rudaí a bhfuil gá leighis ag baint leo ar nós speaclaí agus géaga bréige.
Go hiondúil íoctar an t-airgead in aon sciar amháin. Ach, tá eisceachtaí ann:
Is féidir glaoch ar nó scríobh chuig Oifigí an Bhinse, le ainm agus seoladh an íobartaigh chomh maith leis an dáta agus an áit ar tharla an eachtra.
Seolfar amach foirm iarratais nach mór a líonadh agus a chur ar ais chuig an mbinse. Ba cheart aon admhálacha nó dearbháin ar chostais a chur ar ais leis an bhfoirm iarratais.
7-11 Cúirt Montague
Sráid Montague
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 476 8670
Facs:(01) 476 8616
Láithreán Gréasáin: http://www.justice.ie/en/JELR/Pages/Criminal_Injuries_Compensation_Scheme
R-phost: criminalinjuries@justice.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.