Is féidir le híospartaigh na coireachta tacaíocht a fháil ó eagraíochtaí pobail. Daoine deonacha iad de ghnáth agus foireann bheag ghairmiúil leo. Tugann na heagraíochtaí seo tacaíocht mhothúchánach agus phraiticiúil d'íospartaigh na coireachta agus dá gclanna in Éirinn.
Cuireann siad eolas ar fáil freisin faoi do chearta mar íospartach, labhraíonn siad thar cheann do leasa mar íospartach agus spreagann siad feasacht an phobail faoi cheisteanna a bhaineann le híospartaigh.
D'fhéadfadh an Garda Síochána agus eagraíochtaí eile tú a atreorú chuig an eagraíocht is cóngaraí a chuireann tacaíocht ar fáil.
I measc na sainseirbhísí a chuirtear ar fáil tá:
1a Sráid na Canálach Móire Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 661 0562
Lóghlao:1890 365 700
Facs:+353 (0)1 661 0462
Láithreán Gréasáin: http://www.itas.ie
R-phost: info@itas.ie
Teil:Freephone 116 006
Láithreán Gréasáin: http://www.crimevictimshelpline.ie/
R-phost: info@crimevictimshelpline.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.