Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Córas Príosúin > Traenáil agus obair i bpríosúin

Print Page Send to a Friend

Traenáil agus obair i bpríosúin

Eolas

Tá réimse leathan oibre agus gníomhaíochtaí traenála ar fáil duit a fhad agus atá tú sa bpríosún. Is féidir leat scileanna a fhorbairt a fhad agus atá tú istigh sa bpríosún a thabharfas cúnamh duit post a fháil nuair a scaoiltear amach tú. Baineann an chuid is mó do na gníomhaíochtaí a roghnaítear le tairgí agus seirbhísí a sholáthar do na príosúin. Solathraítear traenáil tionsclaíoch speisialta i gcuid do na príosúin. Cuirtear cúrsaí ar fáil ar nós Tathú, Innealltóireacht, Leictreonach, Réamhchúrsa tionsclaíochta, Lónadóireacht agus Foirgníocht le tú a ullmhú don phobal nuair a scaoiltear amach tú. Is féidir leat freastal a dhéanamh ar chúrsaí traenála chomh maith le cúrsaí oideachais.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Phríosúin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.