Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Córas Príosúin > Cláir Chóireála do Chiontóirí Gnéis

Print Page Send to a Friend

Cláir Chóireála do Chiontóirí Gnéis

Réamhrá

In Aibreán 2009 fógraíodh beartas nua chun ciontóirí gnéis a bhainistiú i bpríosún dar teideal Sex Offender Management Policy – Reducing re-offending, enhancing public safety (pdf). Baineann sé le idirghabhálacha teiripeacha le ciontóirí gnéis chomh fada is atá siad sa phríosún. Tá an beartas nua dírithe ar athruithe a dhéanamh ar shaol na gciontóirí a laghdóidh an baol go ndéanfaidh siad cion arís. Bhí roinnt de na tionscnaimh nua a fógraíodh tugtha isteach cheana féin.

Ionad Náisiúnta

Faoin mbeartas nua tá Cnoc an Arbhair ainmnithe mar Ionad Náisiúnta do chiontóirí gnéis sa phríosún, agus is ciontóirí gnéis den chuid is mó a bheidh sa phríosún. Beidh réimse iomlán d’idirghabhálacha teiripeacha ar fáil san Ionad Náisiúnta.

Ionaid Satailíte

Tá an príosún Lár Tíre agus príosún Pháirc na Cruithneachta ainmnithe mar Ionaid Satailíte. Beidh ciontóirí gnéis á gcoinneáil sna príosúin seo freisin, áit a mbeidh réimse idirghabhálacha teiripeacha ar fáil nach mbeidh chomh leathan. Déanfar príosúnaigh a chuirtear go príosúin eile ar dtús a aistriú chuig na hIonaid Satailíte mura bhfuil siad cúinsí eisceachtúla ag baint leis an gcás.

Idirghabhálacha teiripeacha

Mar chuid den bheartas nua, tá réimse agus infhaighteacht na n-idirghabhálacha teiripeacha á méadú.

Measúnuithe struchtúracha cliniciúla

Déantar measúnú ar chiontóirí gnéis go gairid i ndiaidh a gcimithe agus beidh tionchar ag an measúnú seo ar gach idirghabháil teiripeach a thagann ina dhiaidh. Is féidir athmheasúnú a dhéanamh i rith na pianbhreithe, nuair is cuí.

Idirghabhálacha teiripeacha duine ar dhuine

Bíonn roinnt feidhmeanna á gcomhlíonadh ag obair theiripeach aonair, lena n-áirítear:

  • Tacaíocht do chiontóirí lena dtiomantas go luath go n-athróidh siad
  • Tacaíocht do chomhtháthú agus cur leis an dul chun cinn a dhéantar in obair ghrúpa
  • Tabhairt faoi rioscaí agus riachtanais chiontóirí nach féidir leo tabhairt faoi chláir do ghrúpaí

Laghdóidh an ról a bheidh ag an idirghabháil theiripeach duine ar dhuine i gCnoc an Arbhair de réir mar a chuirtear breis béime ar idirghabhálacha grúpa.

Idirghabhálacha teiripeacha do ghrúpa atá ceangailte leis an gcion

Tá trí chineál idirghabháil grúpa á dtabhairt isteach agus tagann siad in áit an Chláir do Chiontóirí Gnéis a tugadh isteach i 1994. Thosaigh an chéad ghrúpa in Eanáir 2009

  • Díríonn grúpaí turgnamhacha ar nochtadh eolais, saolréim an chiontóra, cúlra an chiona agus pleananna reatha. Is é an cuspóir atá leis ná dul i ngleic leis an gciontóir agus é a réiteach le haghaidh obair níos dírithe ar bhealach tacúil, neamh-dhúshlánach. Is iondúil go leanann grúpaí cleachtais an obair ullmhúcháin seo.
  • Díríonn grúpaí cleachtais ar nochtadh eolais, saolréim an chiontóra, cúlra an chiona agus pleananna reatha chomh maith, ach spreagtar an ciontóir chun dul i ngleic leis an gclár ar bhealach níos mionsonraithe. Díríonn na grúpaí seo ar phleananna don todhchaí freisin.
  • Díríonn grúpaí cothabhála ar fheasacht agus ar athrú/ ar ghnóthachtálacha go dtí seo, chomh maith le pleananna saoil atá dearfach a réiteach don todhchaí. Díríonn na grúpaí ar fhachtóirí síceolaíochta agus ar chásanna a d’fhéadfadh an baol go ndéanfaidís cion amach anseo a mhéadú nó a laghdú. Réitíonn siad ciontóirí i gcomhair an tsaoil i ndiaidh iad a scaoileadh amach.

Bíonn 8 ciontóirí ar an meán i ngach grúpa.

Oibríonn na grúpaí turgnamhacha agus na grúpaí cleachtais mar ghrúpaí oscailte, le ballraíocht athraitheach, am tosaithe agus críochnaithe solúbtha agus béim ar an bpróiseas grúpa. Fanann rannpháirtithe sa ghrúpa go dtí go mbaineann siad a spriocanna idirghabhálacha amach. Tagann rannpháirtithe nua isteach sa ghrúpa nuair a bhíonn spás ar fáil.

Oibríonn an grúpa cothabhála mar ghrúpa dúnta.

Fágann an cur chuige seo gur féidir le hidirghabhálacha níos mó airde a thabhairt ar riosca, riachtanais agus acmhainn duine aonair ná an Clár do Chiontóirí Gnéis a bhí ann roimhe.

Seirbhísí In-rochtana

Baineann seirbhísí in-rochtana úsáid as acmhainn seirbhísí atá bunaithe sa phobal chun idirghabhálacha a chur ar fáil taobh istigh de thimpeallacht an phríosúin. Sampla de seo ná na grúpaí breisiúcháin inspreagtha a fheidhmíonn Institiúid an Granada sa phríosún Lár Tíre agus i bpríosún Pháirc na Cruithneachta. Is í an aidhm atá leis an idirghabháil inspreagtha ná cabhrú le rannpháirtithe féachaint ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le rannpháirtíocht theiripeach.

Tuilleadh eolais

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi bhainistiú chiontóirí gnéis sa phríosún ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann.

In Eanáir 2009, d’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais plécháipéis ar Management of Sex Offenders (pdf). Chuir an doiciméad seo moltaí chun cinn i gcomhair forbairtí maidir le bainistíocht chiontóirí gnéis ciontaithe sa phríosún agus i ndiaidh iad a scaoileadh saor. Féachann an doiciméad ar shaincheisteanna cosúil le monatóireacht leictreonach a úsáid, scaoileadh sealadach do chiontóirí gnéis agus cóireáil éigeantach.

Seirbhís Phríosúin na hÉireann

Páirc Gnó GFT
Bóthar Bhéal Átha na Lao
An Longfort
Contae an Longfoirt
Éire

Teil:(043) 333 5100
Facs:(043) 333 5371
Láithreán Gréasáin: http://www.irishprisons.ie
R-phost: info@irishprisons.ie

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

94 Faiche Naomh Stiofáin
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 1 602 8202
Lóghlao:1890 221 227
Facs:+353 1 661 5461
Láithreán Gréasáin: http://www.justice.ie
R-phost: info@justice.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.