Má tá cuid de do phionós curtha ar leataobh ciallaíonn sé nach gcaithfidh tú fanacht i bpríosún don Téarma príosúnachta iomlán. Mar shampla, má ghearrtar téarma príosúnachta 8 mbliana ort, is féidir leat a bheith scaoilte amach i ndiaidh 6 bliana. Tá an dá bhliain atá fágtha curtha ar leataobh.
Ciallaíonn scaoileadh saor sealadach go bhfuil tú scaoilte saor ón bpríosún ar feadh tréimhse ama áirithe ar chúis áirithe.
Tháinig Alt 35 d'Acht na bPríosún 2007 i bhfeidhm i mí Bealtaine 2007 agus soláthraíonn sé do dhéanamh rialacha príosúin. Leagtar amach na rialacha príosúin na coinníollacha éagsúla i bpríosúin in Éirinn agus áirítear gach gné den iontráil, clárú, cóiríocht, cearta cuairte, sláinte, smacht, oideachas, etc. Síneann an tAcht nua ar an raon de nithe atá clúdaithe ag rialacha príosúin. Tháinig na rialacha príosúin (SI 252/2007) i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2007.
Tá sé de cheart agat ceathrú amháin den téarma príosúnachta a chur ar leataobh. Ach mar sin féin is féidir cuid de a chur ar ceal de bharr pionós disciplíneach. Braitheann an méid a chuirtear ar leataobh ar do iompar sa bpríosún.
Tá dhá chineál scaoileadh saor sealadach ann:
Beidh an príosún ag tabhairt toscaí áirithe san áireamh nuair atá siad ag déanamh an cinneadh faoi scaoileadh saor sealadach. Beidh siad ag tabhairt san áireamh nádúr agus na toscaí a bhain leis an gcoir, do dhearcadh féin maidir le athshlánú, do chuid riachtanais agus deiseanna oideachais, traenála agus fostaíochta, do iompar sa bpríosún, cúlra ginearálta agus cúlra teaghlaigh.
Má éiríonn leat scaoileadh saor sealadach a fháil beidh sé ag brath ar choinníollacha ar nós:
Síneoidh tú "foirm scaoileadh saor" ag admháil
Nuair atá tú taobh amuigh den phríosún, má fheictear go bhfuil iompar mídhleathach ar siúl agat is féidir tú a ghabháil:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.