Níl aon liosta nó cairt de chearta a fhad agus atá tú i bpríosún. Déanann na cúirteanna breathnú ar chearta mar cásanna ar leith de réir mar a thagann siad roimpu.
Níl aon chinneadh déanta ag na cúirteanna go fóill maidir le cearta pósta agus tú i bpríosún.
Níl sé de cheart agat scaoileadh sealadach a fháil nó cuairteanna pósta.
Má tá tú pósta, tá sé de cheart agat caidreamh a dhéanamh le do chéile/céile, gan príobhaideachas. Tá ceartanna áirithe agat maidir le páirt a ghlacadh in oideachas do chuid páistí.
Tá sé de cheart agat a bheith cláraithe sa dáilcheantar ina bhfuil conaí ort de ghnáth muna mbéifea i bpríosún. Ach mar sin féin níl sé de cheart agat dul chomh fada le bosca ballóide go fisiciúil tré scaoileadh sealadach.
Má tá tú ar pharúl nó ar scaoileadh sealadach nuair atá toghchán ar siúl tá sé de chead agat vótáil san áit a bhfuil tú cláraithe.
Tá do chuid cearta nuair atá tú ar siar faoi athchúirt mar a chéile agus atá sé nuair atá tú o do phríosúnaí cúisithe.
Cuireann an tAcht Toghcháin (Leasú) 2006 nósanna imeachta a chuireann ar chumas príosúnaigh chun vótáil tríd an bpost. Má tá tú i bpríosún, is féidir leat clárú le haghaidh vóta poist sa cheantar go mbeadh tú a bheith i do chónaí ar shlí eile isteach. Má tá tú cláraithe cheana féin chun vótáil sa réimse sin agus ar mian leo a bheith in ann vóta a chaitheamh as an bpríosún, ba chóir duit a líonadh amach an fhoirm a dtugtar Foirm RFG. Mura bhfuil tú ar an gclár cheana ba chóir duit Foirm RFA4 chomh maith.Tá na foirmeacha iarratais ar fáil i ngach príosún agus ba chóir a sheoladh chuig an údarás áitiúil do cheantar.
Tá sé de cheart agat caidreamh a dhéanamh le príosúnaithe eile nuair atá tú ag obair nó ag plé le caitheamh aimsirí. Ach mar sin féin caithfidh tú cumarsáid a dhéanamh ar bhealach ordúil agus ní féidir leat bac a chur ar obair phríosúnaithe eile.
Is féidir leis an Gabharnóir sa bpríosún an ceart seo a bhaint duit le dea-ordú a chothú sa bpríosún.
Tá teorainn leis an méid príobhaideachas a thugtar duit. Mar shampla, ní féidir leo tú a nochtú, chuardú nó a fholcadh i láthair príosúnach eile agus má tá cuardú le bheith déanta ar phríosúnach ban, caithfidh Oifigeach ban amháin an cuardach sin a dhéanamh. Nuair atá tú ag teacht agus ag imeacht as an bpríosún ba cheart tú a nochtadh don phobal an méid is lú agus is féidir.
Ach mar sin féin, is féidir griangrafanna a thógáil duit agus is féidir leo tú a chur i gculaith príosúin más mian leo. Bíonn teorainn le do chuid cearta príobhaideachais de bharr cúiseanna slándála. Mar shampla, níl se de cheart agat glas a bheith ar an taobh istigh de dhoirse leithris.
Is féidir leo tú a chuardú. Caithfidh an cuardach a bheith déanta ar bhealach óiriúnach ag tabhairt san áireamh fíuntas agus féin-mheas. Ní féidir cuardú a dhéanamh muna bhfuil fíorchúis leis, mar shampla ag cuardú le haghaidh ábhair nach bhfuil ceadaithe. Ní féidir cuardú a dhéanamh ar mhaithe le tú a chrá.
Tá na cearta céanna agat agus atá ag aon saoránach eile maidir le saoirse ó leatrom.
Má tá tú gníomhach in obair lastuigh den phríosún tá sé de cheart agat aclaíocht siúlóide laethúil a dhéanamh le haghaidh uair a chloig nó níos mó.
Caithfear áiseanna caithimh aimseartha a sholáthar duit le cinntiú nach ndéanfaí dochar do do shláinte fisiciúil, meabhair agus corraitheach.
Ní sé de cheart agat airgead a choinneáil i bpríosún. Coinnítear do chuid airgid,aon rud a thug tú isteach leat nó aon rud a cuireadh chugat nach bhfuil cead agat a choinneáil. Beidh gach rud i seilbh an Gabharnóir agus déanann sé liosta dóibh uilig.
Tá teorainn leis an méid cearta atá agat. Mar shampla, ní féidir gruaig príosúnach ban a bhearradh gan cead.
Níl sé de cheart agat slí maireachtála nó gnó a reachtáil ón bpríosún.
Tá sé de cheart agat do chreideamh a chleachtadh. Cuirfidh an príosún riachtanais bunúsach reiligiúin ar fáil duit ach níl sé de cheart agat riachtanais speisialta a fháil. Mar shampla, bhí cás ann i1979 nuair a rinneadh an cinneadh nach raibh sé de cheart ag príosúnach muslamach aiste bia saor ó mhuiceoil, córan nó mata paidreoireachta a bheith aige.
Nuair a théann tú isteach i bpríosún luann tú do shainchreideamh agus muna bhfuil seirbhís ar fáil don chreideamh sin, tabharfar cead cuairte do mhinistir reiligiúin tú a fheiceáil.
Tá píosa scríofa ar seo i Coinníollacha Príosúin.
Caithfear aiste bia sláintiúil, cothrom a thabhairt duit a fhad agus atá tú i bpríosún. Athraíonn an biachlár gach 14, 21, nó 28 lá ag brath ar an Institiúd atá i gceist. Is féidir leis an Oifigeach leighis an bia chlár aathrú aon am.
Tá sé de cheart agat oideachas a fháil a fhad agus atá tú I bpríosún.
Tá tuilleadh eolais ar seo I Seirbhísí Oideachais Priosúin
Tá sé de dhualgas ar an Ghabharnóir fostaíocht úsaideach agus traenáil thionsclaíoch a chothú do phríosúnaithe.
Tá tuilleadh eolais le fáil i Traenáil agus Obair.
Tá an ceart ag príosúnaí ban a leanbh a thabhairt isteach más naíonán cíche é/í. Ní féidir an leanbh a thógáil ón máthair gan cead ón Oifigeach Leighis agus é dearbhaithe aige/aici go bhfuil sé ceart agus cóir é seo a dhéanamh.
Nuair atá an páiste naoi mí d'aois, caithfidh an Oifigeach Leighis an cinneadh a dhéanamh ar cheart an páiste a thógáil amach as an bpríosún. Ní choinneofar aon páiste thar bliain amháin d'aois i bpríosún muna bhfuil toscaí speisialta ag baint leis an gcás.
Sula dtógfar an páiste amach as an bpríosún caithfidh an Gabharnóir a chinntiú go bhfuil gaolta sásta an páiste a thógáil. Muna bhfuil gaolta ann atá sásta an páiste a thógáil caithfear é/í a chuir isteach i dteach díleachta.
Níl sé de chead ag príosúnaithe tobac a chaitheamh ach de réir na rialacha atá leagtha síos ag an Gabharnóir agus iad siúd molta ag an tAire Cirt.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.