Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Córas Príosúin > Amchlar laethuil priosuin

Print Page Send to a Friend

Amchlar laethuil priosuin

Eolas

Nuair atá tú i bpríosún beidh amchlár laethúil i bhfeidhm. Beidh an amchlár ag brath ar an gcineál Institiúd ina bhfuil tú , Institiúd dúnta, leath oscailte nó oscailte.

Rialacha

Institúd Dúnta

8.15 r.n.:Osclaítear an glas, bricfeasta, arais chuig an gcillín

9.15 r.n.: Osclaítear an glas, caoi a chur ar an gcillín, dul chuig an Ionad traenála/fostaíochta/oideachais le haghaidh gníomhaíochtaí

12.15 i.n: Dinneár a bhailiú, arais go dtí'n cillín

2.15 i.n.: Osclaítear an glas, caoi a chur ar an gcillín, arais chuig an tIonad traenála/fostaíochta/oideachais le haghaidh gníomhaíochtaí

4.15 i.n.: Tae a bhailiú, arais go dtí'n cillín

5.30 i.n.: Osclaítear an glas, siamsaíocht

7.30 i.n.: Suipéar a bhailiú, arais go dtí'n cillín

8.00i.n.: Faoi ghlas don oíche

10.00 i.n.: Soilse múchtha

Institiúd Leath Oscailte ( Ionad Traenála)

Níl chleachtáitear an nós ag oscailt - ag cur faoi ghlas san Ionad Traenála. Éiríonn tú timpeall 8.00 r.n. agus téann tú a chodladh timpeall 10.00i.n.

Go hiondúil ní bhíonn tú i do sheomra i gcaitheamh an lae agus ní chaithfidh tú a bheith ann ag aon am faoi leith. Caitear an chuid is mó den lá ( idir 9.00 r.n.-5.00 i.n.) ag plé le ceardlainn nó gníomhaíochtaí oideachais le béilte idir an dá linn.

Cuirtear ar fáil gníomhaíochtaí siamsaíochta sa tráthnóna, san áireamh tá an teilifís, snúcar, scuais, eitpheil srl., go dtí am codladta.

Institiúid Oscailte

Tá an córas laethúil sna hInstitiúid Oscailte an–oscailte de bharr go bhfuil an ráta slándála i bhfad níos ísle.

Ón am a éiríonn tú ar maidin go ham codlata ( idir 9.00 r.n.-11.00 i.n.) beidh teagmháil lánaimseartha agat le príosúnaithe eile.

Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil duit taobh amuigh agus istigh. Sna príosúin oscailte ní chleachtaítear an nós ag cur príosúnaithe faoi ghlas a chleachtaítear sna príosúin dúnta.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Áiléar Crawford
    I measc bhailiúchán buan Áiléar Crawford tá saothair phéintéireachta agus ó dhealbhóireachta Éireannaí agus Eorpaí ón ochtú haois déag aniar chuig suiteálacha comhaimseartha fístéipe.
  • Leabharlann Chester Beatty
    Déantar cur síos anseo ar Leabharlann Chester Beatty in Eireann. Ta bailiúcháin lámhscríbhinní agus píosaí ealaíona ó Oirthear agus ó Iarthar an Domhain.
  • Toghcháin Eorpacha
    Reáchtáiltear toghcháin dhíreacha do Pharlaimint na hEorpa gach 5 bliana ar fud an Aontais Eorpaigh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.