Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Córas Príosúin > Seirbhisi Leighis i bpriosun

Print Page Send to a Friend

Seirbhisi Leighis i bpriosun

Eolas

Nuair atá tú sa bpríosún beidh aire leighis, fiaclach, síciatrach agus siceolaíoch curtha ar fáil. Tá stiúrthóir atá ina shainelaí leighis i gceannas ar an tseirbhís leighis sa phríosún.

Tháinig Alt 35 d'Acht na bPríosún 2007 i bhfeidhm i mí Bealtaine 2007 agus soláthraíonn sé do dhéanamh rialacha príosúin. Leagtar amach na rialacha príosúin na coinníollacha éagsúla i bpríosúin in Éirinn agus áirítear gach gné den iontráil, clárú, cóiríocht, cearta cuairte, sláinte, smacht, oideachas, etc. Síneann an tAcht nua ar an raon de nithe atá clúdaithe ag rialacha príosúin. Tháinig na rialacha príosúin (SI 252/2007) i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2007.

Seirbhísí Leighis

Cuireann dochtúirí leighis seirbhísí leighis ar fáil sna príosúin uilig. Caithfidh siad aire speisialta a thabhairt dóibh siúd a bhfuil fadhbanna síciatrach acu.

Tug banaltraí cúnamh do dochtúirí an phríosúin.

Má tá cóir leighis ón ospidéal uait agus nuair atá tú molta ag dochtúir príosúin aistrófar tú chuig ospidéal ar an taobh amuigh. Má tá gá leis, tabharfar tú chuig ospidéal áitiúil mar othar sheachtrach.

Seirbhísí Síciatrach

Má tá cóir leighis síciatrach ag teastáil uait agus tú i bpríosún, tiocfaidh síciatraí ón mBord Sláinte ar cuairt chugat.

Má tá an dochtúir príosúin agus an síciatraí den tuairim go bhfuil cóir leighis ospidéal uait, seans go n-aistreofar tú chuig an ospidéal meabhairghalar lárnach nó chuig an ospidéal meabhairghalr dúiche.

Tá seirbhís comhairleoireachta agus tacaíochta a sholáthar ag Bord Sláinte an Oirthear san Ionad lae atá acu in Oilean Ushers i mBaile Átha Cliath nuair a scaoiltear amach as an bpríosún tú.

Seirbhís Siceolaíochta

Má tá cóir siceolaíochta uait agus tú ibpríosún, cuirfear ar fáil seirbhís siceolaíochta duit. Tá stiúrthóir agus 20 siceolaí ag obair leis an tseirbhís.

Sé príomh aidhm an tseirbhís siceolaíochta na tacaíocht comhairleoireachta agus teiripe leanúnach a sholáthar duit. Sé aidhm na comhairleoireachta na tú féin a chur ar an eolas faoi do chuid fadhbanna agus cúnamh a thabhairt duit straitéisí eile a fhorbairt chun déileáil le do chuid iompar chóiriúil.

Cuireann an tseirbhís siceolaíochta réimse cláracha ar fáil do chiontóirí gnéis chomh maith le cúrsaí feasa do phríosúnaithe.

Seirbhísí Fiaclach

Cuirtear cóir fiaclach ar fáil de réir scéim chárta leighis mar a chéile agus atá ag an gnáthphobal. I mBaile Átha Cliath tá conradh idir Ospidéal Fiaclach Bhaile Átha Cliath agus na príosúin agus da bharr cuirtear foireann fiaclach amach chuig na príosúin. 'Siad na fiaclóirí áitiúil a sholathraíonn an tseirbhís sa chuid eile den tír.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais ar an tSeirbhís Phríosúin Leighis ar fáil ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Phríosúin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Sláinte Meabhrach
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar na seirbhísí sláinte in Éirinn atá ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt meabhairghalair.
  • Priofisiúnaithe sláinte meabhrach
    Cur síos atá sa cháipéis seo faoi ról agus feidhmíocht proifisiúnaithe sláinte meabhrach.
  • Seirbhísí chun andúil a chóireáil
    Is fadbh í mí-úsáid alcóil ar feídir léi dul i bhfeidhm ar dhaoine is cuma cén aois iad nó cén cúlra atá acu. Tá eolas anseo faoi na roghanna éagsúla cóireála agus cén chaoi a theacht ar na seirbhísí seo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.