Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Córas Príosúin > Seirbhísí Oideachais Priosúin

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí Oideachais Priosúin

Eolas

Tá oiliúint oibre agus oideachas ar an dá phríomh-ghníomhaíocht sna príosúin in Éirinn. Glacann níos mó ná 50% de na príosúnaigh ar fad in Éirinn páirt i gcláir oideachais dá ndeoin féin. Go deimhin féin, bíonn gach duine a chuirtear faoi choimeád in Éirinn i dteideal, agus spreagtar iad chun páirt a ghlacadh sna deiseanna oideachais forleathana a bhíonn ar fáil.

Oibríonn córas phríosúin na hÉireann i gcomhpháirtíocht le réimse gníomhaireachtaí oideachais (mar shampla, coláistí pobail, leabharlanna poiblí, Coistí Gairmoideachais) chun clár leathan oideachais a sholáthar. Is féidir le príosúnaigh ranganna a thógáil a chlúdaíonn réimse idir litearthacht bhunúsachagus céimeanna ón Open University.

Áirítear leis an gcuraclam oideachais oideachas fisiciúil, oideachas sláinte, oideachais sóisialta (le hábhair ar nós na hEacnamaíochta Baile) agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha (ealaíon, dráma, ceol agus scríbhneoireacht). Is féidir le príosúnaigh staidéar a dhéanamh ar na gnáthábhair scoile a thugtar don Teastas Sóisearachagus Scrúduithe na hArdteistiméireachta agus creidiúnú Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC).

Tá tuairim is 181 múinteoir lánaimseartha ón gcoiste gairmoideachais ag múineadh agus ag déanamh léachtóireacht ar phríosúnaithe. Tugann an Seirbhís Leabharlainne Poiblí agus an Ollscoil Oscailte cúnamh don oideachas príosúnachta agus solathraítear réimse leathan de chúrsaí céime. Cuireann an comhairle Ealaíon ceardlainn scríbhneoireachta ar fáil agus tá siad stiúrtha ag scríbhneoirí agus ealaíontóirí aitheanta.

rialacha príosúin 2007 (SI 252/2007) foilsithe ag an Roinn Dlí agus Cirt, agus déanann siad seo cur síos ar na seirbhísí oideachais agus leabharlainne ar chóir do phríosúin iarracht a dhéanamh (chomh fada agus is féidir) a sholáthar do phríosúnaigh.

Aidhm sheirbhísí oideachais phríosúin

Tá cláir oideachais i bpríosúin dírithe ar chabhrú le príosúnaigh déileáil lena bpianbhreith agus iad a réiteach i gcomhair a bheith scaoilte saor. Go háirithe, cuireann na cláir seo deiseanna ar fáil dóibh scileanna nua a aimsiú agus a fhorbairt. Tá na modhanna agus cur chuige a úsáidtear chun príosúnaigh a spreagadh chun cur isteach ar na cláir seo bunaithe ar oideachas do dhaoine fásta agus cumarsáide. Tá rannpháirtíocht i ngach clár deonach.

Is ionann agus 181 múinteoir lán-aimseartha ó Choistí Gairmoideachais a bhíonn ag múineadh agus ag léachtóireacht do phríosúnaigh. Tá gníomhaireachtaí eile ag cur le hoideachas príosúin, ar nós na Seirbhísí Leabharlainne Poiblíagus an Open University, a sholáthraíonn réimse leathan cúrsaí céime. Soláthraíonn an Chomhairle Ealaíon ceardlanna do scríbhneoirí, arna reáchtáil ag scríbhneoirí agus ealaíontóirí aitheanta.

In 2003, rinne os cionn 85 scoláire scrúduithe na hArdteistiméireachta. Ghlac 182 scoláire páirt i Scrúduithe an Teastais Shóisearaigh, agus ghlac 328 scoláire páirt i scrúduithe FETAC. Chríochnaigh go leor scoláirí eile scrúduithe i réimse ábhar

Cuspóirí sheirbhísí oideachais phríosúin

Tá fás agus forbairt shuntasach tagtha ar oideachas phríosúin in Éirinn le blianta beaga anuas. Tá an ráta 50% rannpháirtíochta i measc phríosúnaigh Éireannacha an-ard de réir caighdeáin idirnáisiúnta. Is iad aidhmeanna for-iomlána na seirbhísí seo ná:

  • cabhrú le príosúnaigh réiteach i gcomhair an saol i ndiaidh dóibh a bheith scaoilte saor
  • aird ar leith a thabhairt do chiontóirí a bhfuil riachtanais oideachais bhunúsacha acu
  • forbairt phearsanta a bhaint amach
  • an cumas i gcomhair tuilleadh oideachais i ndiaidh dóibh a bheith scaoilte saor a spreagadh
  • cabhrú le príosúnaigh déileáil lena bpianbhreith
  • comhréiteach agus comhoibriú idir na gníomhaireachtaí agus grúpaí oideachais éagsúla a chinntiú
  • comhoibriú go hiomlán le seirbhísí eile sa chóras príosúin chun Bainistíocht Pianbhreithe Dhearfach a chur chun cinn
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.