Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Córas Príosúin > Coinniollacha priosuin

Print Page Send to a Friend

Coinniollacha priosuin

Information

'Sé'n ráiteas agus na príomh luachanna atá ag Córas Príosúnachta na hÉireann na go bhfuil sé de chúram orthu na coinníollacha agus seirbhísí a chuir ar fáil do gach duine atá i ngeibheann a chinntiú go dtabharfaí dea-bhail agus forbairt pearsanta do chuile duine.

Tháinig Alt 35 d'Acht na bPríosún 2007 i bhfeidhm i mí Bealtaine 2007 agus soláthraíonn sé do dhéanamh rialacha príosúin. Leagtar amach na rialacha príosúin na coinníollacha éagsúla i bpríosúin in Éirinn agus áirítear gach gné den iontráil, clárú, cóiríocht, cearta cuairte, sláinte, smacht, oideachas, etc. Síneann an tAcht nua ar an raon de nithe atá clúdaithe ag rialacha príosúin. Tháinig na rialacha príosúin (SI 252/2007) i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2007.

Rialacha

Cothú

Caithfear aiste bia, cothrom, sláintiúil a thabhairt do gach duine atá faoi choimeád de réir rialacháin príosúin. Is féidir leis an oifigeach leighis an cead a thabhairt an aiste bia a athrú.

Glaineacht, Éadach agus Éadach Leapa

Ní chaithfidh príosúnaigh culaith príosúin a chaitheamh ach cuirfear roinnt éadaí ar fáil dóibh atá faiseanta sa phobail. Is féidir éadach a athrú dhá uair sa tseachtain. I gcásanna áirithe is féidir le príosúnach a c(h)uid éadaí féin a chaitheamh. Má thugtar an cead sin, caithfidh an príosúnach a d(h)óthain éadaí a bheith aige/aici chun iad a athrú. Cuirtear athrú fo-eadaí ar fáil do phríosúnaigh uilig.Tá sé de cheart ag chuile phríosúnach é/í féin a ní go laethúil agus cith a thógáil ar a laghad uair amháin sa tseachtain. Tá éadach leapa ar fáil sa chillín, san áireamh tá tocht leapa, duivé, piliúr agus clúdach piliúir agus braillíní.

Siamsaíocht

Is féidir leat freastal a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí siamsaíochta ag an deireadh seachtaine, sa tráthnóna nó aon am nuair nach bhfuil tú ag obair nó i ranganna oideachais. 'S'iad na háiseanna atá ar fáil na teilifís, cluichí boird agus áiseanna leabharlainne.

Tá níos mó príosúnaithe ag baint úsaid as gníomhaíochtaí corpoideachais agus cluichí taobh amuigh. Tá oifigí speisialta oillte ar fáil le treor agus maoirseoireacht a sholáthar.

Cuairteanna

Soláthraíonn Rialacha Príosúin an reachtaíocht maidir le socruithe cuairte. Faoi na rialacha seo tá príosúnach a bhfuil téarma príosúin gearrtha air/uirthi i dteideal cuairt amháin sa tseachtain a mhaireann 30 nóiméad, agus tá príosúnach atá curtha siar i dteideal cuairte lá ar bith ó Luan go hAoine a mhaireann 15 nóiméad. I ngníomh, áfach, d'fhéadfadh cuairteanna breise nó cuairteanna níos faide a bheith ceadaithe, de réir rogha an Ghobharnóra.

Tá an nós ag na hinstitiúidí ar fad gan níos mó ná 3/4 cuairteoirí a cheadú do chiontóir ar bith in éineacht. Déantar maoirseacht ar chuairteanna faoi shúil fhoireann príosúin, cé nach féidir leo iad a chloisteáil, ionas gur féidir ord maith agus slándáil a chinntiú agus a chinntiú chomh maith nach bhfuil contrabhanna á seachadadh. D'fhéadfadh minicíocht agus fad cuairteanna a athrú ag brath ar an cineál institiúide atá i gceist. Ins na hionaid oscailte ina gcoinnítear príosúnaigh a bhfuil téarmaí gearrtha orthu amháin, tarlaíonn cuairteanna ar an Satharn agus ar an Domhnach amháin, i rith uaireanta ar leith. Is féidir le cuairteoir fanacht chomh fada agus is maith leis/léi i rith na n-uaireanta atá ceadaithe. Bíonn modhanna oibre ar leith ag gach institiúid (maidir le cuardaithe, daoine gur féidir leo teacht ar cuairt, uaireanta oscailte) agus moltar do dhaoine nach bhfuil taithí acu ar na modhanna sin dul i dteagmháil leis an bpríosún sula dtéann siad ann ar cuairt.

Litreacha

De ghnáth tugtar cead do phríosúnaigh atá ag caitheamh téarma príosúin dhá litir a sheoladh in aghaidh na seachtaine. B'fhéidir go gceadófar litreacha breise don teaghlaigh nó do ionadaithe má dhéantar iarratas. Tá an cead ag príosúnach atá ag fanacht le haghaidh trialach an oiread litreacha a sheoladh agus is maith leis/léi. Níl teorainn ar bith leis an líon litreacha a thagann isteach. Déantar cinsireacht ar phost isteach agus amach, seachas comhfhreagras dlíthiúil, ins na príosúin dúnta. Osclaítear an comhfhreagras sin chun a stádas a chinntiú, agus ina dhiaidh sin, cuirtear ar ais sa chlúdach é. Ní dhéantar cinsireacht ar phost amach in institiúidí oscailte. De ghnáth osclódh príosúnaigh a gcuid bpoist i láthair oifigigh agus má tá airgead faoi iamh, tugtar don oifigeach é. Chuirfear é chun sochair ina c(h)untas sa siopa sólas.

Seirbhísí Príomhaidh

Tá oifigí príomhaidh lonnaithe i ngach Institiúd agus Teach Coinneála. Déanann an seirbhís príomhaidh freastal ar phríosúnaithe, ar réimse leathan fadhbanna pearsanta agus fadhbanna clainne. Solathraíonn siad seirbhís comhairleoireachta le haghaidh fadhbanna alcóil, drugaí agus sóisialta. Cuireann siad seirbhís tacaíochta ar fáil do chláracha ciontóirí gnéis agus iad siúd atá ag fáil aire dhrugaí. Tá teagmháil ag na hOifigí le teaghlaigh ciontóirí agus eagraítear cuairteanna baile nuair is gá.

Bearta Athinniúlaithe

Spreagann an tSeirbhís Phríosúin príosúnaigh chun dul i mbun seirbhísí teiripice i rith a dtéarma príosúin chun an baol go ndéanfaidh siad coir arís nuair a ligtear saor iad a laghdú, agus dá bharr sin chun cúnamh a thabhairt dóibh saol ciallmhar agus éifeachtach a chruthú dóibh féin taobh amuigh den phríosún. Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil a chuimsíonn oideachas, promhadh agus leas, cóir drúgaí, siceolaíocht, obair agus oiliúnt.

Seirbhís Séiplíneachta

Tá seirbhís séiplíneachta ar fáil i ngach príosún agus teach coinneála. Tá seirbhís séiplíneachta chaitliceach lánaimseartha ar fáil i ngach príosún agus teach coinneála i mBaile Átha Cliath. Tá seirbhís séiplíneachta lánaimseartha ar fáil freisin i bpríosúin Luimní, Chorcaigh, Port Laoise, Lár Tíre agus Caisleán Riabhach. Tá séiplíní caitliceach páirtaimseartha ag obair i bpríosún Dhúnfort an Mhistéalaigh agus i dTeach Locháin.. Tagann séiplíní ó shainchreidimh eile chuig na príosúin ar bhonn cuairte nó páirtaimseartha. Comhlíonann ceannairí áitiúla an chreidimh Mhuslamaigh riachtanais príosúnach Muslamach.

Sé an príomhaidhm atá ag an seirbhís séiplíneachta ná seirbhís reiligiúin a sholáthar duit chomh maith le tacaíocht agus cúnamh a thabhairt duit i do chuid forbairt daonna agus spioradalta.

Lamháil

Tá tromlach na ndaoine atá ag caitheamh téarmaí príosúin i dteideal lamhála ar ráta aon cheathrú, má iompraíonn siad iad féin go maith i rith a dtéarma príosúin. I ngníomh, ciallaíonn sé seo go mbeadh duine a ngearradh téarma 4 bliana príosúin air/uirthi ag súil le 3 bliana a chaitheamh faoi choinneáil. Ar na daoine nach féidir leo leas a bhaint as lamháil tá daoine atá ag caitheamh téarmaí príosún saol agus daoine atá ag caitheamh téarma níos lú ná mí amháin.

Píonóis

D'fhéadfadh sé tarlú go gcuirfí daoine a sháraíonn smacht príosúin ar thuairisc agus go gcailleoidís pribhléidí ar feadh tréimshe. Ar na pribhléidí seo tá cuairteanna, glaochanna fóin, siamsaíocht an tráthnóna agus/nó lamháil.

Coistí Cuairte

'Séard atá i gceist le seo ná grúpa neamhsleach reachtúil atá ag obair don phobal le cinntiú go bhfuil an aire ceart a thabhairt do phríosúnaithe.

Nuair atá tú i bpríosún tá tú soar chun dul i mbun cainte leis an gcoiste agus is féidir leat gearán a dhéanamh ar an chaoi a caitheamh leat. Seolann gach coiste tuairisc ar aghaidh chuig an Aire gach bliain.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.