Anseo atá tú: Baile > Dlí > Cabhair Dhlíthiúil agus Comhairle > Teastais Chúnaimh Dhlíthiúil

Print Page Send to a Friend

Teastais Chúnaimh Dhlíthiúil

Eolas

Le haon cheann de na teastais chúnaimh dhlíthiúil ar an liosta thíos a fháil, ní mór duit iarratas a chur isteach agus a thaispeáint nach leor do mhaoin le híoc as ionadaíocht dlí, nó, i gcás linbh, nach leor maoin an linbh nó maoin thuismitheoirí nó chaomhnóra an linbh. Tá pionós, lena n-áirítear príosúnacht, as faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a chur ar fáil d’fhonn teastas a fháil.

Caithfidh an chúirt a bheith sásta, chomh maith, go bhfuil an cion as ar ciontaíodh thú de nádúr tromchúiseach, nó go bhfuil tosca eisceachtúla ann, agus go bhfuil sé riachtanach chun leasa an cheartais go gcuirfí cúnamh dlíthiúil ar fáil.

Tá roinnt teastas cúnaimh dhlíthiúil ann:

  • Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Cúirt Dúiche)
  • Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Triail Ar Díotáil)
  • Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Achomharc)
  • Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Cás Sonraithe)
  • Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Cúirt Uachtarach)
  • Teastas Cúirte Coiriúil Speisialta
  • Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Ordú Iompraíochta)
  • Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Ordú Sibhialta)

Teastais Chúnaimh Dhlíthiúil

Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Cúirt Dúiche)

Nuair a chiontaítear thú den chéad uair agus nuair a thugtar os comhair Cúirt Dhúiche thú, is féidir leat iarratas a dhéanamh le haghaidh Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Cúirt Dhúiche). Leis an teastas seo bíonn an aturnae atá sannaithe don chás i dteideal íocaíocht a fháil as gach láithreas a dhéanann sé/sí sa Chúirt Dhúiche.

Más dúnmharú an cúiseamh, nó má tá castacht dhóthanach ag baint leis an gcás, beidh tú i dteideal aturnae agus abhcóide araon leis an dTeastas Cúnaimh Dhlíthiúil ag céim na Cúirte Dúiche.

Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Triail Ar Díotáil)

Má chuirtear ar aghaidh thú ón Chúirt Dúiche le haghaidh trialach ag an Cúirt Chuarda nó an Príomhchúirt Choiriúil is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Theastas Cúnaimh Dlíthiúil (Triail Ar Díotáil). Is féidir an t-iarratas seo a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche nuair atá an Chúirt Dúiche do do chur ar aghaidh chun trialach nó, is féidir é a dhéanamh leis an gcúirt a dhéileálfaidh le do chás.

Caithfidh tú a bheith ciontaithe as dúnmharú nó caithfidh gur léir don chúirt gur chóir duit cúnamh dlíthiúil a bheith agat le cuidiú leat do chás a ullmhú agus a chosaint, chun leasa an cheartais. Leis an teastas seo beidh tú i dteideal aturnae agus abhcóide araon.

Cúnaimh Dhlíthiúil (Achomhairc)

Má chiontaítear tú as cion coiriúil agus más mian leat an ciontú sin nó an pionós a gearradh a achomharc, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Theastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Achomharc). De ghnáth, déantar an t-iarratas leis an gcúirt inar ciontaíodh tú. Má dhiúltaítear an t-iarratas sa chúirt sin is féidir leat an teastas a fháil fós trí iarratas a dhéanamh sa chúirt ina n-éistfear le d’achomharc.

Tá dhá dhóigh le hiarratas a dhéanamh leis an gcúirt achomhairc:

  • Trí litir a chur chuig cláraitheoir na cúirte ag leagan amach fíorais an cháis agus forais d’achomhairc
  • Trí iarratas a dhéanamh go díreach leis an gcúirt féin

Le bheith incháilithe le haghaidh an teastais caithfidh an cúiseamh a bheith as dúnmharú, nó caithfidh an chúirt a bheith sásta go bhfuil sé riachtanach, mar gheall ar nádúr tromchúiseach an chiona, go mbeadh cúnamh dlíthiúil agat, chun leasa an cheartais.

Leis an teastas seo tá tú i dteideal aturnae a bheith agat. Má tá an t-achomharc chuig an Chúirt Achomhairc Choiriúil áfach, beidh tú i dteideal abhcóide a bheith agat chomh maith.

Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Cás Sonraithe)

Má chiontaítear thú as cion os comhair na Cúirte Dúiche nó na Cúirte Cuarda, nó má tá tú ag déanamh achomhairc chuig an gCúirt Chuarda in aghaidh do chiontaithe ag an gCúirt Dúiche, is féidir leis an mbreitheamh atá ag éisteacht leis an gcás ceist dlí a thagann as an éisteacht a chur ar aghaidh chuig an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach. Tugtar cás sonraithe air seo. Ar an dóigh chéanna, b’fhéidir go leagfadh breitheamh na Cúirte Dúiche atá ag éisteacht leis an gcás, amach cás le haghaidh bharúil na hArd-Chúirte. Sna cásanna seo is féidir leat iarratas a chur isteach ar Theastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Cás Sonraithe).

Má dhiúltaítear an t-iarratas chuig an gCúirt Dúiche nó chuig an gCúirt Chuarda, is féidir leat iarratas a chur isteach ar theastas chuig an gcúirt a mbeidh an cás sonraithe le héisteacht ann. Is féidir é seo a dhéanamh trí:

  • Litir a chur chuig cláraitheoir na cúirte ag leagan amach fíorais an cháis agus fáth an iarratais nó
  • Iarratas a dhéanamh go díreach leis an gcúirt

Le bheith i dteideal caithfidh an cion a bheith de nádúr tromchúiseach nó caithfidh imthosca eisceachtúla a bheith i bhfeidhm.

Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Cúirt Uachtarach)

Má bhíonn tú ag déanamh achomhairc in éadan chinneadh na Cúirte Achomhairc Choiriúil leis an gCúirt Uachtarach is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Theastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Cúirt Uachtarach). Ar an dóigh chéanna, má chiontaítear as cion tú, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar theastas nuair a dhéanann tú achomharc faoi chinneadh na hArd-Chúirte sonraithe ag breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche chuig an gCúirt Uachtarach. Nuair a bhíonn tú ag déanamh achomhairc in éadan chinneadh na hArd-Chúirte caithfidh an cion a bheith de nádúr tromchúiseach nó caithfidh tosca eisceachtúla a bheith i bhfeidhm.

Má dhiúltaítear iarratas ar Theastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Cúirt Uachtarach), is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Uachtarach le teastas a fháil trí scríobh chuig an gcláraitheoir nó trí iarratas a dhéanamh go díreach leis an gcúirt.
Leis an dteastas seo tá tú i dteideal aturnae agus abhcóide araon a bheith agat.

Teastas na Cúirte Coiriúla Speisialta

Is féidir leis an Cúirt Choiriúil Speisialta Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil a dheonú ar dhuine atá ciontaithe as cion os comhair na Cúirte Coiriúla Speisialta. Tá na coinníollacha atá i bhfeidhm go díreach mar an gcéanna leis na coinníollacha do Theastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Triail Ar Dhíotáil).

Leis an teastas seo tá tú i dteideal seirbhísí aturnae agus abhcóide araon.

Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Ordú Iompraíochta)

Má tá do leanbh (faoi bhun 18) faoi réir ag aon imeachtaí cúirte maidir le ordú iompraíochta b’fhéidir go mbeifeá in ann iarratas a dhéanamh le haghaidh Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Ordú Iompraíochta). Caithfear a mheas go bhfuil an iompraíocht fhríthshóisialta atá líomhanta de nádúr tromchúiseach nó caithfidh imthosca eisceachtúla a bheith ann.

Má dheonaítear do theastas, tá do leanbh i dteideal aturnae a bheith aige le haghaidh:

  • Iarratas ó na gardaí le haghaidh ordaithe iompraíochta
  • Iarratas uaitse nó ó do leanbh le hordú iompraíochta a athrú nó a urscaoileadh

Tá do leanbh i dteideal aturnae agus abhcóide (má mheastar gur cuí sin) le haghaidh:

  • Achomharc a dhéanann tusa nó do leanbh in aghaidh ordaithe iompraíochta
  • Aon imeachtaí san ArdChúirt nó sa Chúirt Uachtarach a bhíonn ann de thoradh iarratais ar nó achomharc in aghaidh ordaithe iompraíochta

Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Ordú Sibhialta)

Má tá tú faoi réir aon imeachtaí cúirte a bhaineann le ordú sibhialta b’fhéidir go mbeifeá in ann iarratas a chur isteach le haghaidh Teastas Cúnaimh Dhlíthiúil (Ordú Sibhialta). Caithfear go meastar an iompraíocht fhríthshóisialta a bheith de nádúr tromchúiseach nó caithfidh imthosca eisceachtúla a bheith ann.

Má dheonaítear teastas, tá tú i dteideal aturnae a bheith agat le haghaidh:

  • Iarratas ó na gardaí le haghaidh ordaithe shibhialta
  • Iarratas uaitse le hordú sibhialta a athrú nó a urscaoileadh.

Tá tú i dteideal aturnae nó abhcóide a bheith agat (má mheastar gur cuí sin) le haghaidh:

  • Achomharc a dhéanann tú i gcoinne ordaithe shibhialta
  • Aon imeachtaí san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Uachtarach a tharlaíonn de thoradh an iarratais ar achomharc in aghaidh ordaithe shibhialta
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.