Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus má tá conspóid dlí ar siúl agat i dtír eile de chuid an AE féadtar go mbeidh tú in ann leas a bhaint as cúnamh dlí sa tír eile. Déantar foráil i dtaca le conspóidí trasteorann do chónaitheoirí bhallstáit an AE faoi Threoir na Comhairle 2003/8/EC (pdf) a bhunaigh comhrialacha íosta maidir le cúnamh dlí dá leithéid de chonspóidí. Bhunaigh Cinneadh na Comhairle 2004/844/CE (pdf) foirm iarratais ar chúnamh dlí agus bhunaigh Cinneadh na Comhairle 2005/630/EC (pdf) foirm le haghaidh sheoladh na n-iarratas idir tíortha.
Is é an t-údarás cuí gur chóir iarratas a chur isteach air in Éirinn
má tá conspóid trasteorann ar siúl agat ná An Bord um Chúnamh Dlíthiúil.
Tá a rialacha airgeadais agus a chritéir incháilithe féin ag gach ballstát. Déantar iad a mhionathrú ar mhéid áirithe d'iarratasóirí agus ba chóir go dtabharfadh siad difríochtaí sa chostas maireachtála san áireamh idir an tír ina bhfuil tú i do chónaí agus an tír ina bhfuil conspóid dlí ar siúl agat.
Féadtar go ndifríonn cuimsiú scéimeanna an chúnaimh dhlíthiúil agus na critéir cháilíochta idir tíortha. Mar thoradh air seo, cé gur féidir go mbeadh cúnamh dlí ar fáil duit in Éirinn maidir le conspóid dlí áirithe, féadtar nach mbeifeá incháilithe do chúnamh dlí i dtír eile mar gheall ar dhifríochtaí idir na scéimeanna. Ar an gcaoi chéanna, féadtar go mbeifeá incháilithe do chúnamh dlí thar lear, nuair nach mbeifeá incháilithe in Éirinn. Agus socrú á dhéanamh ar cé acu cúnamh dlí a dheonú, ba chóir tábhacht an cháis don iarratasóir a chur san áireamh.
Cé nach bhfuil aon ról ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil sa chinneadh ar
cé acu ar chóir go mbeadh cúnamh dlí ar fáil duit sa tír eile, iarrfar
ort tástáil mhaoine an Bhoird a chomhlánú agus déanfaidh an Bord cinneadh
ar cé acu an mbeifeá incháilithe do chúnamh dlí in Éirinn. Má iarrann an
tír eile an fhaisnéis seo d'fhonn a chuidiú léi cinneadh a dhéanamh ar cé
acu cúnamh dlí a dheonú nó gan é a dheonú, soláthróidh an Bord an
fhaisnéis.
Má tá tú i do chónaí i dtír eile den AE agus má tá conspóid dlí ar siúl agat in Éirinn, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar an údarás cuí sa tír sin.
Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus má tá conspóid dlí ar siúl agat i dtír eile den AE ba chóir duit iarratas a chur isteach ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Is féidir leis an fhoirm iarratais a íoslódáil anois ó láithreán gréasáin an Bhoird. Seolfaidh an Bord d'iarratas ar chúnamh dlíthiúil chuig an údarás cuí sa tír eile.
Beidh sé riachtanach go gcuirfidh tú deimhniú ar fáil maidir le do phríomhfhoinsí ioncaim agus caiteachais, mar shampla:
Déanfaidh an Bord na doiciméid seo a aistriú sula seoltar iad, más gá.
Ba chóir iarratais a sheoladh chuig Aonad Tacaíochta na Seirbhísí Dlíthiúla ag an
Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire
Teil:066 947 1000
Lóghlao:1890 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie
R-phost: info@legalaidboard.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.