Ionadaíocht a dhéanann abhcóide nó dlíodóir ar do shon i gcás sibhialta chomh maith leis an réamhobair a bhaineann leis é cúnamh dlí. Cialaíonn seo go bhfuil an Bord Cúnamh Dlí fostaithe agat le hionadaíocht a dhéanamh ar do shon sa chás, le comhfhreagras a sheoladh ar do shon, le cáipéisí cúirte a dhréachtú, comhairle a chur ort, ionadaíocht a dhéanamh ar do shon sa chúirt chomh maith leis an réamh obair chúltaca ar fad a theastaíonn a dhéanamh.
Comhairle béil nó i scríbhinn a thugann dlíodóir nó abhcóide do dhuine maidir le cur i bhfeidhm dlí na hÉireann é comhairle dlí.
Ar mhaithe le cúnamh agus/nó comhairle dlí in aisce a fháil ní mór do dhuine scrúdú maoine agus scrúdú fiúntais.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.