Orduithe ciontóirí gnéis

Eolas

Nuair a scaoiltear ciontóirí gnéis saor ón bpríosún tá siad faoi réir roinnt riachtanas atá leagtha amach sa An tAcht um Chiontóirí Gnéis 2001. Tá faisnéis ar mhaoirseacht iar-scaoiltea ar fáil anseo. Lena chois sin, tá cumhacht ag na cúirteanna roinnt srianta breise a ghearradh ar chiontóirí gnéis i ndiaidh an duine a scaoileadh saor ón bpríosún má tá an chúirt sásta go bhféadfadh an ciontóir gnéis a bheith ina mhórchontúirt don phobal.

Rialacha

Cé atá in ann ordú ciontóra gnéis a fháil?

Is féidir le comhalta de na Gardaí (nach bhfuil faoi chéim an Ard-Cheannfoirt) iarratas a dhéanamh chuig an Cúirt Chuarda chun ordú a fháil in aghaidh aon chiontóra gnéis a dtugann a iompraíocht sa phobal cúis réasúnta imní do na Gardaí agus go bhfuil riachtanas ann an pobal a chosaint ar mhórdhíobháil. Caithfear dhá chritéar a shásamh sular féidir ordú a dhéanamh. Is iad sin:

  • Caithfidh gur ciontaíodh an ciontóir i roinnt cion/ta gnéis leagtar amach in Acht na gCiontóirí Gnéis 2001.
  • Caithfidh an ciontóir gníomhú, i ndiaidh a scaoilte saor ón bpríosún, ar dhóigh a thabharfadh cúis réasúnta don chúirt le creidiúint go gcaithfear an pobal a chosaint ó mhórdhíobháil. Ciallaíonn an téarma mórdhíobháil bás nó tromghortú pearsanta (bíodh sin fisiceach nó síceolaíoch) a tharlódh dá ndéanfadh an ciontóir cion gnéis.

Cad é a dhéanann ordú ciontóra gnéis?

Is féidir le hordú cosc a chur ar chiontóir gnéis rudaí áirithe a dhéanamh. Braitheann téarmaí gach ordú ciontóra gnéis ar leith go mór ar an bhfianaise a thugann an tArd-Cheannfort don chúirt.

Má chuireann na Gardaí iarratas isteach ar ordú ciontóra gnéis leis an gcúirt, mar shampla, cionn is go bhfuil imní orthu go bhfuil ciontóir gnéis ag síománaíocht i gcomharsanacht chlós súgartha scoile, ansin is féidir leis an gcúirt coinníoll a chur isteach san ordú le cosc a chur ar an gciontóir dul laistigh d’achar áirithe ó chlóis súgartha scoile. Ar an dóigh chéanna, thiocfadh leis an gcúirt ordú do chiontóir gan dul chuig clubanna oíche dá gcuirfeadh fianaise a thugann na Gardaí cúis réasúnta imní ar dhuine go mbeadh an pobal i mórchontúirt dá mbeadh an ciontóir ag dul chuig an gclub oíche.

De réir mar a dhéanann na Gardaí iarratais ar orduithe ciontóra gnéis, tá sé faoi na Gardaí a chinntiú go gcomhlíonann an ciontóir coinníollacha an ordaithe. Ciallaíonn sé seo, mar shampla, go bhfuil nach gcaithfidh an ciontóir gnéis tuairisiciú chuig stáisiún áitiúil na nGardaí le linn na tréimhse ina bhfuil an t-ordú i bhfeidhm.

Cá huair a thiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm?

Tagann ordú i bhfeidhm nuair a fhaisnéisítear don chiontóir gnéis é. Is féidir é a fhaisnéisiú ar cheachtar de na dóigheanna seo a leanas:

  • Insítear don chiontóir gnéis, nó dá ionadaí, i bhfocail go ndearnadh ordú, chomh maith le cóip den ordú a thabhairt do/di.
  • Má tá an ciontóir i láthair sa chúirt nuair a dhéantar an tOrdú meastar gur cuireadh an ciontóir ar an eolas.

Cá fhad a mhaireann ordú ciontóra gnéis?

Leanann ordú ciontóra gnéis i bhfeidhm go dtí deireadh:

  • Cúig bliana ón dáta ar faisnéisíodh an ciontóir
  • Aon tréimhse níos faide a chinneann an chúirt

Má éiríonn le ciontóir gnéis lena achomharc in aghaidh an ordaithe chuig Chúirt Chuarda agus díscaoileann an chúirt an t-ordú, níl sé i bhfeidhm níos mó.

Is féidir leis na Gardaí iarratas a dhéanamh chuig an Chúirt Chuarda le haghaidh athraithe ar an mbunordú. Tarlaíonn sé seo de ghnáth nuair a bhíonn na Gardaí den bharúil go raibh ábhar imní breise ann de dheasca iompraíocht an chiontóra gnéis, agus nár thug an chúirt faoin iompraíocht nó nár tugadh an iompraíocht ar aird na cúirte nuair a bhí an bunordú á eisiúint. Cinntíonn an próiseas seo nach bhfuil ach aon ordú ann in aghaidh ciontóra gnéis agus is féidir é athrú más gá.

Mainneachtain ordú ciontóra gnéis a chomhlíonadh

Is cion inghabhála é aon sárú a dhéanamh ar théarmaí ordaithe ciontóra gnéis mar a leagtar amach sa Acht um an Dlí Coiriúil 1997. Ciallaíonn sé seo go bhfuil cumhacht ag na Gardaí ciontóir gnéis a ghabháil gan barántas gabhála nó gan riachtanas cead a fháil ó na cúirteanna nuair atá cúis réasúnta ag na Gardaí le creidiúint nach bhfuil an duine ag comhlíonadh théarmaí an ordaithe ciontóra gnéis.

Is féidir fíneáil nó príosúnacht suas le cúig bliana (nó an dá rud) a ghearradh ar aon duine a chiontaítear as ordú ciontóra gnéis a shárú.

Ag déanamh achomhairc ar ordú ciontóra gnéis

Tugann an tAcht um Chiontóirí Gnéis 2001 deis do dhuine éigin atá faoi réir ag ordú ciontóra gnéis iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun athrú a dhéanamh ar an ordú, nó an t-ordú a chur ar ceal.

Tá cumhacht ag an gCúirt an t-ordú a athrú nó a chur ar ceal má tá an chúirt sásta:

  • Nach gá go leanfadh an t-ordú i bhfeidhm leis an bpobal a chosaint ar mhórdhíobháil ón chiontóir gnéis
  • Tá an t-ordú ina chúis éagóra le linn dó a bheith i bhfeidhm.

Mar shampla de staid ina ndéanfadh cúirt athrú ar ordú, tá cás ina gcuireann ordú cosc ar chiontóir gnéis dul in aice le tailte scoile agus déanann an ciontóir gnéis iarratas freastal ar chruinniú múinteora/tuismitheora ag an scoil maidir lena leanbh. Sa chás sin b’fhéidir go mbeadh an chúirt i bhfabhair an t-ordú a athrú don dáta sin.

Ar an mbealach céanna, b’fhéidir go n-aontóidh cúirt ordú in aghaidh ciontóra gnéis a dhíscaoileadh má thugann an síceolaí a thug comhairleoireacht don chiontóir nach contúirt don tsochaí an ciontóir a thuilleadh.

Déantar orduithe chun orduithe ciontóra gnéis a athrú nó a chur ar ceal chuig an gCúirt Dúiche don cheantar ina bhfuil an ciontóir ina chónaí ag an gCúirt Chuarda a bhfuil sé líomhaithe gur ghníomhaigh an ciontóir ar dhóigh a ndéanfaí an t-ordú mar gheall air.

Agus í ag éisteacht le hiarratais chun orduithe ciontóra gnéis a dhéanamh, a athrú nó a chur ar ceal, feidhmíonn an Chúirt Chuarda ina feidhm shibhialta agus tá caighdeán sibhialta an chruthúnais i bhfeidhm. Is é sin le rá, tagann an chúirt ar a cinneadh faoin iarratas ar chothrom na dóchúlachta, ar leith ó chaighdeán coiriúil an chruthúnais atá thar aon amhras réasúnta.

Tá ciontóirí gnéis atá bainteach le himeachtaí ordaithe ciontóra gnéis i dteideal cúnamh dlíthiúil a fháil saor in aisce nuair a chomhlíonann siad na critéir a leagtar amach in cúnamh dlíthiúil saor in aisce.

An féidir liom a fháil amach an bhfuil ordú ciontóra gnéis i bhfeidhm maidir le duine éigin eile?

Ní féidir. Deir an tAcht um Chiontóirí Gnéis 2001 go sainiúil go n-éistfear le haon imeachtaí maidir le hordú ciontóra gnéis in áit eile seachas go poiblí. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an riail i gcúirt iata i bhfeidhm agus níl cead ag an bpobal freastal ar imeachtaí cúirte den sórt sin.

Ar an mbealach céanna níl aon sonraí atá á gcoinneáil ag na Gardaí maidir le horduithe ciontóirí gnéis faoi réir Reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise. De bhrí sin, níl tú i dteideal iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise lena fháil amach an bhfuil ordú ciontóra gnéis i bhfeidhm maidir le duine éigin i do cheantar.

Ní ligeann forálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1998-2003 duit ach faisnéis a iarraidh fút féin atá á coinneáil ar ríomhaire nó ar chomhaid láimhe nó pháipéir. Ní féidir iarratas cosanta sonraí a dhéanamh maidir le duine eile.

Page edited: 17 June 2015