Mar mhalairt ar phianbhreith choimeádta a ghearradh, is féidir leis na cúirteanna in Éirinn srianta a ghearradh ar ghluaiseachtaí daoine a ciontaíodh as roinnt mionchionta. Tugtar orduithe srianta gluaiseachta ar na srianta seo agus tugadh isteach iad faoi Alt 101 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006.
Ní bhíonn ordú srianta gluaiseachta i bhfeidhm ach nuair a ciontaíonn an chúirt duine éigin darb aois 18 mbliana nó níos mó agus nuair a ghearrtar téarma príosúnachta orthu de 3 mhí nó níos mó. Ní féidir leis an gcúirt ordú srianta gluaiseachta a ghearradh ar feadh tréimhse níos faide ná 6 mhí.
Is féidir leis an ordú do ghluaiseachtaí a shrianadh de réir mar a mheasann an chúirt atá cuí agus b’fhéidir go mbeadh cuirfiú mar chuid de. Chuirfeadh sé seo oibleagáid ort a bheith in áit ar leith ar feadh tréimhse áirithe. Mar shampla, bheadh ort bheith i do theach idir uaireanta 8i.n. agus 8 r.n.
Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfadh an t-ordú toirmeasc a chur ort bheith in áit áirithe ar feadh tréimhse áirithe. Mar shampla, b’fhéidir go mbeadh ort fanacht ar shiúl ó shráid nó áitreabh ainmnithe áirithe idir 8i.n. agus 8r.n.
Ní féidir le hordú iallach a chur ort fanacht in áit nó in áiteanna ar feadh tréimhse níos mó ná 12 uaire in aon lá amháin.
Socraíonn an chúirt go gcuirfí cóip den ordú srianta gluaiseachta chuig stáisiún na nGardaí a bhfuil freagracht aige as an gceantar a bhfuil an ciontóir ina chónaí ann.
Is féidir. Is féidir le cúirt ordú a athrú ar iarratas scríofa a fháil ó dhuine de na daoine seo a leanas:
Is féidir leis an gcúirt an t-ordú a athrú trí áit nó tréimhse ama eile a chur isteach in áit na háite nó na tréimhse atá sainráite san ordú cheana féin.
Is féidir. Nuair a bhíonn níos mó ná aon ordú in áit, áfach, ní féidir leis an dtréimhse ama is gá duit fanacht in áit nó in áiteanna dul thar 6 mhí.
Nuair a ghearrtar orduithe as dhá chion nó níos mó is féidir leo a bheith comhthráthach – is é sin, is féidir leo rith ag an am céanna – nó is féidir leo a bheith comhleantach – is é sin, ní thosóidh an dara hordú go dtí go gcríochnóidh an chéad ordú. I gceachtar den dá chás, ní bheidh an tréimhse ama a gcaithfidh tú fanacht in aon áit nó in áiteanna a bheith níos mó ná uasmhéid de 6 mhí.
Nuair a fhaigheann na Gardaí i do cheantar cóip den ordú ón gcúirt, beidh siad freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann tú é. Má tá na Gardaí den bharúil gur sháraigh tú an t-ordú is féidir leo dul ar ais chun na cúirte agus é sin a a chur in iúl don chúirt. Má mheasann an chúirt gur sháraigh tú an t-ordú is féidir leis an gcúirt aon cheann de na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
I bhfírinne ciallaíonn sé seo go bhfuil an chumhacht ag an gcúirt an phianbhreith bhunaidh phriosúnachta a athghníomhachtú nó a ghearradh arís agus tú a chur chun an phríosúin mura gcomhlíonfaidh tú an t-ordú srianta gluaiseachta.
Is féidir orduithe srianta gluaiseachta a ghearradh ar dhaoine as na cionta seo a leanas faoin Cacht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994 agus faoin Acht um Chionta Neamh-Mharfacha In Aghaidh an Duine 1997:
Acht um Cheartas Coiriúil (Ordú Poiblí) 1994
Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.