Coir a thabhairt le fios

Réamhrá

Má tá tú in Éirinn agus más íospartach coire nó más finné coire thú, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána (fórsa póilíneachta na hÉireann). Is é an uimhir ghutháin do na seirbhísí éigeandála 999 nó 112.

Má tá tú bodhar, má tá moill éistigh nó lagú urlabhra ort, is féidir leat coir a thabhairt le fios trí theachtaireacht téacs a sheoladh chuig 112. Caithfidh tú d’uimhir ghutháin a chlárú i dtosach, áfach, ar Sheirbhís gearrtheachtaireachtaí téacs 112 agus níor cheart teagmháil a dhéanamh leis ach i gcás éigeandála.

I gcásanna nach bhfuil chomh práinneach céanna, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do stáisiún Gardaí áitiúil chun coir a thabhairt le fios. Dá mbeifeá ní ba chompordaí, is féidir leat a iarraidh labhairt le Garda fireann nó baineann. Mura bhfuil Béarla líofa agat, is féidir leis na Gardaí seirbhísí aistriúcháin saor in aisce a sholáthar duit. Mura féidir leat dul go dtí a stáisiún Gardaí, is féidir leat iarraidh go dtabharfaidh Garda cuairt ar d’áit chónaithe chun tuairisc a ghlacadh.

Is féidir leat teagmhais tiomána baolaí agus teagmhais eile a bhaineann le trácht a thabhairt le fios ar bheolíne Faire Tráchta an Gharda Síochána trí ghlaoch ar 1890 205 805.

Is féidir leat goid áirithe a thabhairt le fios ar líne freisin trí úsáid a bhaint as foirm um dhearbhú goid maoine. Níor cheart an fhoirm ar líne a úsáid ach nuair is fiú níos lú ná €1,000 an mhaoin a goideadh. Níor cheart é a úsáid nuair a tógadh an t-earra le fórsa nó trí bhagairtí a úsáid nó má goideadh d’fheithicil.

Seirbhísí gutháin rúnda

Cé go gcabhróidh sé leis na Gardaí má sholáthraíonn tú a mhéid eolais agus is féidir, ní gá duit d’ainm a thabhairt nuair a thugann tú coir le fios. Más mian leat eolas rúnda a sholáthar a bhaineann le coir nó gníomhaíochtaí eile, is féidir leat:

•Teagmháil a dhéanamh le Líne Rúnda an Gharda Síochána trí ghlaoch ar 1800 666 111.

•Teagmháil a dhéanamh le Coscairí Coireanna trí ghlaoch ar 1800 250 025. Oibríonn comhaltaí Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Imscrúdú Coiriúil i gCoscairí Coireanna agus cinntíonn siad neamhainmníocht agus cuireann siad luaíochtaí airgid thirim ar fáil d’eolas.

Oibríonn na Gardaí líne ghutháin thiomnaithe ar mhaithe le drochúsáid ghnéasach leanaí a thabhairt le fios: 1800 555 22.

Is féidir leat teacht ar eolas ar dhuine atá ar iarraidh a thabhairt le fios ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána.

Cad a tharlaíonn nuair a thugaimcoir le fios?

Cuirtear tús le himscrúdú nuair a dhéanann íospartach nó duine eile gearán leis an nGarda Síochána. Más íospartach coire thú, iarrfar ort ráiteas a dhéanamh ina dtugann tú míniú mionsonraithe ar an teagmhas a tharla.

Scríobhfaidh Garda do chuntas amach agus léifidh siad siar air duit. Nuair a bhíonn tú sásta go léirítear do ghearán go cruinn sa ráiteas, iarrfar ort é a shíniú. Is féidir leis na Gardaí an cheist a imscrúdú ansin.

Rinne an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta, seirbhís éisteachta agus tacaíochta d’íospartaigh na coireachta, físeán áisiúil a chur le chéile a thugann cuntas ar an bpróiseas seo.

Nuair a thugann tú coir le fios, nuair a thugann tú ráiteas agus i rith agallaimh a thitfidh amach ina dhiaidh sin, tá tú i dteideal duine éigin a thabhairt leat chun tacaíocht a thabhairt duit, ionadaí dlíthiúil (aturnae) san áireamh. Is féidir leis na Gardaí a iarraidh, áfach, go roghnaíonn tú duine nó ionadaí dlíthiúil difriúil má cheapann siad go dtéann sé chun do shárleasa, nó má cheapann siad go bhféadfadh an duine a roghnaigh tú cur isteach ar an imscrúdú.

I ndiaidh duit coir a thabhairt le fios, ba cheart go mbeadh litir faighte agat ó Oifig Seirbhíse an Gharda Síochána d’Íospartaigh a sholáthraíonn ainm an Gharda imscrúdaithe agus uimhir do cháis duit. Tá an ceart agat cóip de do ráiteas a iarraidh freisin. B’fhéidir nach seolfar litir i gcásanna áirithe, ar nós iad siúd ina mbíonn ionsaí gnéasach nó foréigean teaghlaigh i gceist, ach is féidir teagmháil a dhéanamh i bpearsan.

Is féidir níos mó a léamh faoi íospartaigh na coireachta agus an Garda Síochána. Is féidir leat teacht ar eolas mionsonraithe freisin faoi sheirbhísí tacaíochta atá ar fáil d’íospartaigh na coireachta, eolas san áireamh faoi scéimeanna cúitimh.

Coir a thabhairt le fios a tharla i dtír eile san AE

Má bhí tú i d’íospartach coire i dtír eile an AE, is féidir leat an choir a thabhairt le fios do na Gardaí in Éirinn.

Ba cheart go ndéanfadh na Gardaí na sonraí faoi do ghearáin a sheoladh ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht forfheidhmithe dlí chuí sa tír san AE inar tharla an choir.

Cad a tharlaíonn i rithimscrúdú?

Is féidir le hathbhreithniú ar phíosa scannáin CCTV, agallamh a chur ar fhinnéithe agus imscrúduithe ar láthair choire, seiceáil a dhéanamh le haghaidh méarlorg san áireamh, a bheith i gceist le himscrúdú an Gharda Síochána. Mar chuid den imscrúdú, b’fhéidir go mbeidh agallamh nó scrúdú dochtúra le déanamh ort, ach ba cheart go ndéanfaí a laghad den idirghabháil siúd go léir sin.

Tá an ceart agat iarraidh ar na Gardaí thú a choimeád ar an eolas faoi fhorbairtí suntasacha a thagann ar an imscrúdú. Níl tú i dteideal aon eolas a fháil, áfach, a d’fhéadfadh cur isteach ar an imscrúdú nó aon duine a chur i mbaol.

Má bhaintear maoin díot mar chuid den imscrúdú, ba cheart duit é a fháil ar ais gan mhoill, más féidir. Más gá é a úsáid mar fhianaise i dtriail choiriúil, áfach, b’fhéidir nach bhfaighidh tú ar ais é go dtí go mbeidh an cás cúirte tugtha chun críche.

Ionchúiseamh

Cuirtear comhad an Gharda Síochána le chéile leis an bhfianaise ábhartha go léir agus, ag brath ar chineál an chiona atá á imscrúdú, seoltar é chuig Garda sinsearach nó chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (an SIP) go ndéanfar cinneadh faoi cibé acu ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh sa chás i gcúirt.

I gcás coireanna nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna, cosúil le roinnt cionta tráchta agus mionionsaithe, déanann na Gardaí an cás a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche.

I gcás coireanna níos tromchúisí, seoltar an comhad chuig an SIP a dhéanann an cinneadh cén áit a dhéanfar ionchúiseamh agus cibé acu an ndéanfar nó nach ndéanfar ionchúiseamh. Sna cásanna seo, tugann oifig an SIP faoin ionchúiseamh, sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, de ghnáth.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoi íospartaigh na coireachta agus an tseirbhís ionchúisimh stáit. Is féidir leat teacht ar eolas mionsonraithe freisin faoi íospartaigh na coireachta agus na cúirteanna.

Cad a tharlaíonn mura ndéantar duine ar bith a ionchúiseamh?

Is féidir leis na Gardaí an cinneadh a dhéanamh amanna stop a chur le coir a imscrúdú gan duine a bhfuil amhras faoi a shainaithint – duine a cheapann siad a rinne an choir. Má tharlaíonn seo, tá an ceart agat iarraidh ar achoimre ar na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh seo.

I gcásanna eile, is féidir leis na Gardaí nó an SIP cinneadh a dhéanamh gan duine a bhfuil amhras faoi a ionchúiseamh. Arís eile, tá an ceart agat iarraidh ar achoimre ar na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh seo.

Is féidir leat iarraidh freisin go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh. Caithfidh tú d’iarraidh ar athbhreithniú a sheoladh ar aghaidh laistigh de 56 lá i ndiaidh gur cuireadh ar an eolas thú ar an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh. Nó, má d’iarr tú go dtabharfar achoimre duit ar na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh, tugtar 28 lá duit ón dáta sin a fhaigheann tú an achoimre chun d’iarraidh a dhéanamh.

Is féidir níos mó a léamh faoi conas cúiseanna agus athbhreithnithe a iarraidh ar láithreán gréasáin an SIP.

Eolas breise

Chuir an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta liosta cuimsitheach seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil d’íospartaigh na coireachta, anuas ar chomhairle mhionsonraithe chun déileáil le tionchar coire.

D’fhoilsigh an SIP réimse lámhleabhair inrochtana a dhéileálann le cásanna coiriúla a ionchúiseamh.

Tiocfaidh tú ar eolas luachmhar freisin ar crimevictimsrights.ie, a thugann liosta de réimse fairsing seirbhísí ginearálta agus sainseirbhísí tacaíochta atá ar fáil d’íospartaigh na coireachta in Éirinn agus thar lear.

Má chreideann tú go bhféadfadh go ndearna comhalta den Gharda Síochána coir i gcaitheamh a ndualgais nó coir thromchúiseach fad a bhí siad as dualgas, is féidir leat gearán a dhéanamh freisin le Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána.

Ceanncheathrú an Gharda Síochána

Oifig Preasa agus Caidrimh Phoiblí an Gharda

Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8
Ireland

Teil: (01) 666 0000
Facs: (01) 666 2033

An tSeirbhís Chúirteanna

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6000
Láithreán Gréasáin: https://courts.ie/

Stiúrthóir na nInchúisithe Poiblí

Bóthar na hOtharlainne
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 858 8500
Láithreán Gréasáin: http://www.dppireland.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Lúnasa 2021