Tá sé de chumhacht ag comhaltaí den Gharda Síochána in Éirinn daoine a ghabháil gan barántas má tá siad ciontach as na coireanna seo a leanas faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994:
Is léir ón liosta thuas go bhfuil sé de chumhacht ag comhaltaí den Garda Síochána daoine a ghabháil gan barántas de bharr formhór na gcoireanna a luaitear san Acht seo.
Cuirtear slat tomhais an fhéachadóra i bhfeidhm i gcás círéibe, mírialtachta foréigní nó gráscair. Ciallaíonn sé seo nach gá go mbeifeá i láthair ag teagmhas nó cion nuair atá sé á dhéanamh ach dá mbeifeá i láthair go mbeadh faitíos ort go mbeifeá féin nó duine eile i mbaol.
Tá roinnt cionta san Acht nach cionta iad mura ndéantar iad in áit phoiblí. Baineann na coireanna ó Alt 4 go hAlt 9 le háiteanna poiblí amháin. Thugtar sainmhíniú ar áit phoiblí in Alt 3 agus baineann sé le beagnach gach áit. Tá sé ar cheann de na sainmhínithe i leithne ar áit phoiblí sa chóras ceartais choiriúil go léir.
Is féidir leat níos mó a léamh faoi Chionta in aghaidh oird phoiblí ach cliceáil anseo.
Tugadh isteach an Scéim um Rabhadh Aosach i mí Feabhra 2006 agus cuireadh roinnt cionta in aghaidh oird phoiblí leis an liosta cionta ar féidir déileáil leo trí rabhadh a thabhairt faoin Scéim. Má thugtar rabhadh duit faoin Scéim ní thugtar os comhair cúirte thú. Is iad seo a leanas na cionta in aghaidh oird phoiblí ar féidir déileáil leo trí rabhadh a thabhairt:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.