Is éard atá i dTeastas Póilíní ná ráiteas a eisíonn na Gardaí fút. Bíonn an teastas bailí ar feadh bliana de ghnáth agus tugann sé d’ainm, do sheoladh agus do dháta breithe. Lena chois sin insíonn sé cibé an bhfuil taifead coiriúil acu fút nó nach bhfuil.
Níl ach imthosca áirithe ann ina bhféadfaidh tú Teastas Póilíní a fháil. Eisítear iad nuair a éilíonn Údaráis Chonsalachta nó Boird Uchtála choigríche iad. Go minic bíonn Teastais Phóilíní riachtanach sula gcuireann tú isteach ar víosa chun cuairt a thabhairt ar thíortha eile nó chun taisteal chucu. Ní eisítear iad i gcomhair cúrsaí fostaíochta nó i gcomhair aon chúrsaí eile. Féadfar iad a eisiúint, áfach, maidir le gnó a bhunú nó a chlárú i mBallstát eile den AE.
Ní dhéantar iarratais ar Theastais Phóilíní a phróiseáil i stáisiún na nGardaí gar duit ach seoltar ar aghaidh iad chuig Ceannfort na dúiche ina bhfuil tú i do chónaí nó ina mbíodh tú i do chónaí. Eiseofar do Theastas Póilíní go díreach ón oifig dúiche agus d’fhéadfadh sé suas le trí seachtaine a thógáil lena dhéanamh.
Níl aon táille ar Theastas Póilíní.
Ba cheart duit d’iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCeannfort atá i gceannas na dúiche ina gcónaíonn tú. Más rud é nach bhfuil tú ag cur fút a thuilleadh in Éirinn scríobh chuig Ceannfort na dúiche sin ina mbíodh tú i do chónaí. Má fhágann tú d’iarratas i stáisiún áitiúil na nGardaí lena chur ar aghaidh chuig Ceannfort na dúiche ba chóir duit nóta a dhéanamh d’ainm nó uimhir ghualainne an gharda.
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith i gceist san iarratas a dhéanann tú i scríbhinn:
Ba cheart duit freisin na rudaí seo a chur isteach le d’iarratas:
Tógfaidh sé thart ar trí seachtaine d’iarratas a phróiseáil.
Más Éireannach tú atá ag cur fút thar lear ní féidir Teastas Póilíní a fháil de ghnáth mura bhfuil sé ag teastáil uait:
Sna cásanna sin ba cheart duit scríobh chuig Ceannfort dúiche na nGardaí ina raibh tú i do chónaí chun Teastas Póilíní a fháil.
Más rud é, áfach, go bhfuil cónaí ort thar lear agus go bhfuil Teastas Póilíní uait ó na Gardaí in Éirinn maidir le rud éigin a bhaineann le post, d’fheadfá dul i dteagmháil leis na póilíní áitiúla sa tír ina bhfuil tú i do chónaí anois. Mínigh dóibh cad atá uait agus b’fhéidir go rachaidh siad i dteagmháil le stáisiún na nGardaí sa cheantar anseo in Éirinn a raibh tú i do chónaí ann chun an fhaisnéis sin a fháil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.