Ag déanamh monatóireachta ar chiontóirí gnéis in Éirinn

Eolas

Nuair a chiontaítear duine i cion gnéis, caithfidh an chúirt teastas a eisiúint ag leagan amach an chiona, leis na Gardaí, leis an gciontóir ciontaithe agus le gobharnóir na saoráide ina gcoinneofar an ciontóir. Leagann an teastas amach an phianbhreith a fuarthas agus go bhfuil an duine faoi réir riachtanas tuairiscithe.

Eisíonn an chúirt an teastas seo ar son na nGardaí chuig Aonad Foréigin Teaghlaigh agus Ionsaí Gnéis. Ciallaíonn sé seo go dtugtar sonraí gach duine atá faoi réir riachtanais an Acht na gCiontóirí Gnéis 2001 don Aonad Foréigin Teaghlaigh agus Ionsaí Gnéis a choinníonn taifead ar gach duine trí mheán an teastais chúirte (ar a dtugtar go coitianta Clár na gCiontóirí Gnéis). Déantar tras-tagairt idir an fhaisnéis seo agus Foirm Faisnéisithe Ciontóirí Gnéis a sholáthraíonn an Stáisiún áitiúil Gardaí agus ar an dóigh seo is féidir monatóireacht a dhéanamh ar na ciontóirí gnéis.

Ar leibhéal áitiúil déanfaidh na Gardaí fiosrúcháin go rialta, trí Chigirí ainmnithe, lena chinntiú go bhfuil ciontóirí gnéis sa cheantar áitiúil fós ina gcónaí ag an seoladh a tugadh san fhoirm faisnéisithe agus go bhfuil an fhaisnéis go léir san fhoirm faisnéisithe beacht agus suas le dáta. Tá Cigire ainmnithe i ngach rannán Gardaí freagrach as idirchaidreamh a dhéanamh le hAonad lárnach Foréigin Teaghlaigh agus Ionsaí Gnéis an Gharda chun críche monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta um Chiontóirí Gnéis 2001 go ginearálta.

Rialacha

Maoirseacht iarscaoilte

Nuair a chiontaíonn cúirt duine as cion cáilitheach gnéis tá oibleagáid ar an gcúirt nuair a chiontaíonn sí an ciontóir breithniú a dhéanamh an ngearrfaidh siad pianbhreith ar an gciontóir a mbeidh maoirseacht iarscaoilte mar chuid de:

  • An riachtanas le tréimhse maoirseachta iarscaoilte
  • An riachtanas an pobal a chosaint ó mhórdhíobhail ón gciontóir
  • An riachtanas cionta gnéis eile a dhéanfadh an ciontóir a chosc
  • An riachtanas an ciontóir a athshlánú nó a athshlánú níos mó.

Agus an chúirt ag cinneadh ar chóir pianbhreith a ghearradh a bhfuil maoirseacht iarscaoilte mar chuid de is féidir leis an gcúirt fianaise nó aighneachtaí a chloisteáil ó aon duine lena mbaineann sé. Déanfaidh an tSeirbhís Phromhaidh maoirseacht ar aon tréimhse maoirseachta iarscaoilte a ghearrfaidh an chúirt ar an gciontóir gnéis. Déanann an tSeirbhís Phromhaidh idirchaidreamh leis na Gardaí lena chinntiú go gcomhlíonann an ciontóir gnéis an t-ordú maoirseachta. Is é seo a leanas roinnt samplaí de na coinníollacha ar féidir leis an gcúirt a chur isteach san ordú maoirseachta:

  • Toirmeasc a chur ar an gciontóir gnéis dul chuig áiteanna áirithe, amhail scoileanna, clubanna spóirt agus láithreáin súgartha
  • Ag cur riachtanais ar an gciontóir gnéis comhairleoireacht shíceolaíoch a fháil nó cóireáil chuí eile le linn thréimhse na maoirseachta

Mura gcomhlíonann ciontóir gnéis na riachtanais maidir le maoirseacht nó má dhiúltaíonn an ciontóir iad a chomhlíonadh, tá an ciontóir ag déanamh ciona agus má chiontaítear é is féidir leis a bheith faoi dhliteanas fíneáil aicme C a fháil nó príosúnacht go ceann uasmhéide de 12 mhí, nó an dá rud.

Monatóireacht ar chiontóirí gnéis ó dhlínsí eile in Éirinn

Cuireadh foráil isteach san Acht um Chiontóirí Gnéis, 2001, lena chinntiú nach ndéanfaí tearmann sábháilte d’Éirinn do chiontóirí gnéis a ciontaíodh lasmuigh d’Éirinn a d’fhéadfadh a bheith ag seachaint riachtanais tuairiscithe a gearradh orthu san áit ar ciontaíodh iad.

Tá aon duine a chiontaítear as cion gnéis i dtír eile agus a aistríonn ina dhiaidh sin go hÉirinn faoi réir ag riachtanas tuairiscithe ar an dóigh chéanna le duine a ciontaíodh in Éirinn, ar an gcuntar go bhfuil an cion gnéis mar an gcéanna le cion gnéis in Éirinn a mbeadh riachtanais tuairiscithe ar an gciontóir mar gheall air. Tá riachtanas faisnéisithe chomh maith nuair a bhíonn an duine faoi réir ag riachtanas tuairiscithe den chineál céanna faoi dhlí na háite inar ciontaíodh iad. Tá riachtanas ar dhaoine dá leithéid na Gardaí a chur ar an eolas má bhí siad ina gcónaí in Éirinn ar feadh 7 lá.

I bhfírinne tá córas an-mhaith ag na Gardaí in Éirinn le faisnéis a fháil ó agus a thabhairt do fhórsaí póilíní trí Interpol. Glactar leis ar fud an domhain go bhfuil dualgas cúraim ar fhórsaí póilíní do gach saoránach faisnéis den sórt sin ar chiontóirí gnéis a roinnt nuair a bhíonn fíorchontúirt ann do dhaoine leochaileacha má bhíonn siad i dteagmháil le daoine den chineál sin gan chosaint.

Fostaíocht

Cuireann an tAcht um Chiontóirí Gnéis, 2001 oibleagáid ar chiontóirí gnéis fostaitheoirí ionchasacha a chur in iúl faoi nádúr a gciontaithe nuair a chuireann siad iarratas isteach chun obair a dhéanamh ina mbeidh rochtain ag an gciontóir ar nó teagmháil ag an gciontóir le leanbh nó linbh nó le duine lagintinneach. Mura gcuireann an ciontóir in iúl don fhostaitheoir thiocfaí fíneáil de suas le €12,697 a ghearradh air nó pianbhreith suas le 5 bliana i bpríosún, nó an dá rud.

An féidir liom a fháil amach an bhfuil ciontóir gnéis ina chónaí i mo cheantar?

Ní féidir. Níl na sonraí atá á gcoinneáil ag na Gardaí maidir leis na daoine sin atá ciontach as cionta gnéis agus atá faoi réir riachtanais an Achta um Chiontóirí Gnéis 2001, níl na sonraí sin faoi réir reachtaíocht ar saoráil faisnéise. Níl tú i dteideal, mar sin, iarratas a chur isteach faoi Achtanna um Shaoráil Faisnéise le sonraí ciontóirí gnéis atá ina gcónaí i do cheantar a fháil.

Faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003 tá tú i dteideal faisnéis fút féin a iarraidh a choinnítear ar ríomhaire nó i gcomhaid láimhe nó páipéir. Cuimsíonn sé seo faisnéis a choinníonn na Gardaí (le roinnt eisceachtaí). Faoin reachtaíocht chosanta sonraí, áfach, is tusa an t-aon duine atá i dteideal an fhaisnéis seo a choinnítear fút féin a iarraidh. Ní féidir leat iarratas mar sin a dhéanamh maidir le duine eile. Tá níos mó faisnéise ar Cosaint Sonraí in Éirinn ar fáil anseo.

Page edited: 16 June 2015