Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána

Réamhrá

Is iad Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (COGS) nó Ombudsman na nGardaí an ghníomhaireacht neamhspleách reachtúil a dhéileálann le gearáin ón bpobal mór faoi bhaill den Gharda Síochána (fórsa póilíneachta na hÉireann). Bunaíodh iad faoi Acht an Gharda Síochána, 2005. Tháinig Ombudsman an Gharda Síochána in ionad an Bhoird um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána ón Bealtaine 2007, ach tá feidhm acu ar ar tháinig fairsingiú suntasach.

Anuas air sin, reachtaíodh Cigireacht an Gharda Síochána faoi Acht an Gharda Síochána, 2005, a bunaíodh in Iúil 2006. Déilealann siad, áfach, le feidhmíocht fhoriomlán phóilíneachta an Gharda Síochána i ndáil lena n-oibriú agus lena riar agus déanann siad comhairle a thabhairt maidir le dea-chleachtas póilíneachta.

Rialacha

Cé is féidir gearán a dhéanamh?

Is féidir le duine ar bith gearán a dhéanamh le hOmbudsman an Gharda Síochána faoi iompar Garda. Ní mór duit, áfach, bheith mar fhinne ar an teagmhas atá faoi chaibidil nó níor mhór go raibh tionchar díreach aige ort. Is féidir leat gearán a dhéanamh ar son duine eile, a fhad agus go bhfuil agat toilliú an duine eile, ó bhéil nó i scríbhinn. Ina theannta sin, is féidir leat gearán a dhéanamh ar son duine eile nach bhfuil sé ar a c(h)umas aige/aici toilliú a thabhairt de bharr aois nó éagumas an duine.

Cé nach mbaineann aon teorainn íosta aoise, bíonn coinne leis go ginearálta go ndéanfadh tuismitheoir, caomhnóir nó duine fásta freagrach gearán ar son linbh nó duine óg.

Cé chomh luath is gá gearán a dhéanamh?

Ní mór gearáin a dhéanamh laistigh de 12 mhí ó tharla an teagmhas, ach d’fhéadfadh Ombudsman an Gharda Síochána an teorainn ama a shíneadh más ann do bhonn maith.

Conas a dhéanaim gearán?

Is féidir leat gearán a dhéanamh trí bhuaileadh isteach tú féin, i scríbhinn nó trí r-phost a sheoladh chuig oifigí Ombudsman an Gharda Síochána. Sa mhullach air sin, is féidir leat gearán a dhéanamh trí bhuaileadh isteach chuig aon stáisiún Gardaí. Is cuma cén bealach a dhéanfaidh tú do ghearán, iarrfar ort foirm ghearáin (GSOC 1) a chomhlánú.

Is féidir leat gearán a dhéanamh ar líne trína láithreán gréasáin.

Gheobhaidh tú aitheantas air seo ó Ombudsman an Gharda Síochána a luaithe a gheofar an fhoirm.

An bhfiosraíonn Ombudsman an Gharda Síochána gach gearán?

Tar éis do ghearán a fháil, ní mór d’Ombudsman an Gharda Síochána an cinneadh a dhéanamh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil do ghearán inghlactha agus cibé acu an féidir nó nach féidir leo do ghearán a láimhseáil. Ní mór do ghearán inghlactha bheith:

  • Déanta ag duine atá i dteideal gearán a dhéanamh
  • Faoi iompar Garda a d’fhéadfaí a mheas gurbh ionann agus mí-iompar é
  • Déanta laistigh den teorainn inghlactha ama

Ní mheastar gurb inghlactha do ghearán más gearán bréagach nó míthreorach é. Mura meastar gurb inghlactha do ghearán, cuirfear seo in iúl duit i scríbhinn.

Má ghlacann Ombudsman an Gharda Síochána le do ghearán mar ghearan inghlactha, is féidir leo é a láimhseáil ar bhealach amháin as ceithre bhealach:

  • Réiteach nó idirghabháil neamhfhoirimiúil
  • Fiosrú an Gharda Síochána
  • Fiosrú an Gharda Síochána faoi mhaoirsiú Ombudsman an Gharda Síochána
  • Fiosrú ag Ombudsman an Gharda Síochána

Cathain a láimhseáltar gearán trí réiteach nó trí idirghabháil neamhfhoirmiúil?

Má mheastar nach bhfuil do ghearán chomh tromchúiseach sin, féadfar an cinneadh a dhéanamh é a réiteach trí réiteach nó trí idirghabháil neamhfhoirmiúil. Ní mór duitse agus don Gharda araon comhaontú a dhéanamh chun déileáil leis an ngearán ar an mbealach seo. Is féidir leat iarraidh ar fhiosrú foirmiúil ag tráth ar bith.

D’fhorbair Ombudsman an Gharda Síochána treoirlínte maidir le réiteach gearán trí idirghábháil nó trí mheáin eile neamhfhoirmiúla. Má dhéantar an cinneadh iarracht a dhéanamh chun do ghearán a réiteach trí mheán neamhfhoirmiúil, is féidir le hOifigeach Cáis Ombudsman an Gharda Síochána nó le Garda ag a bhfuil céim mhaoirseachta tabhairt faoi seo. Má chinntear chun idirghabháil a úsáid, ainmneoidh Ombudsman an Gharda Síochána idirghabhálaí oilte. Is féidir leat iarraidh ar idirghabhálaí eile.

Má réitítear do chás go neamhfhoirmiúil, ní choimeádtar aon taifead air ar chomhad pearsanra an Gharda Síochána. Ní féidir aon ráiteas a rinneadh le linn chúrsa an réitigh nó na hidirghabhála neamhfhoirmiúla a úsáid in aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla, lena n-áirítear imeachtaí disciplíneacha.

Má chinntear chun mo ghearán a fhiosrú, cé a dhéanfaidh seo?

Is féidir le hOmbudsman an Gharda Síochána a chinneadh chun do ghearán a chur ar aghaidh chuig Coimisinéir an Gharda Síochána lena fhiosrú ag na Gardaí féachaint arbh ann do shárú disciplíne faoi rialacháin dhisciplíneacha an Gharda Síochána. Tá fáil anseo ar Rialacháin an Gharda Síochána (Disciplín), 2007 (I.R. 214 de 2007). Mura bhfuil tú sásta le toradh fhiosrú an Gharda Síochána, is féidir leat iarraidh ar Ombudsman an Gharda Síochána athbhreithniú a dhéanamh ar do chás.

Is féidir le hOmbudsman an Gharda Síochána a chinneadh chun maoirsiú a dhéanamh ar fhiosrú do ghearáin ag an nGarda Síochána. Sa chás seo, déanann na Gardaí tuairisc ar dhul chun cinn an fhiosraithe le hOmbudsman an Gharda Síochána, i gcomhréir leis na treoirlínte comhaontaithe. Is féidir le hOmbudsman an Gharda Síochána fiosrú an Gharda Síochána a stiúradh, más cuí dóibh é, agus is féidir leo an fiosrú a ghlacadh faoin gcúram féin más mian leo.

Féadfaidh Ombudsman an Gharda Síochána a chinneadh chun do ghearán a fhiosrú iad féin agus is gnách go ndéantar amhlaidh i gcás gearáin thromchúiseacha. Is amhlaidh a dhéantar i gcónaí nuair a bhíonn bás duine nó díobháil thromchúiseach a dhéanamh do dhuine i gceist de bharr oibríocht an Gharda Síochána, nó fad atá an duine sin faoi choimeád nó faoi chúram an Gharda Síochána.

Céard a tharlaíonn má dheimhnítear go bhfuil údar le mo ghearán?

Má dheimhnítear go raibh sárú disciplíne i gceist faoi rialacháin disciplíne an Gharda Síochána, is féidir le hOmbudsman an Gharda Síochána imeachtaí disciplíneacha a mholadh do Choimisinéir an Gharda Síochána. Má mheastar gur cheart imeachtaí coiriúla a mheas, is féidir le hOmbudsman an Gharda Síochána comhad a sheoladh ar aghaidh faoin gcás chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Mura bhfuil dóthain fianaise ann le tacú le ceachtar ceann de na gníomhartha seo, is féidir an cás a dhíbhe. Níl aon chumhacht ag Ombudsman an Gharda Síochána le pionóis nó le smachtbhannaí a ghearradh astu féin.

An féidir liom gearán a dhéanamh faoi Gharda nach bhfuil ar dualgas?

Ní dhéileálann Ombudsman an Gharda Síochána le gearáin faoi iompar Garda nach bhfuil ar dualgas mura dóchúil go mbainfeadh an t-iompar faoina ndearnadh gearán d’iomrá an Gharda Síochána. Ina theannta sin, déanann siad fiosrúcháin sa chás go raibh iompar Garda nach raibh ar dualgas ina chúis le bás duine, nó le díobháil thromchúiseach a dhéanamh do dhuine.

An féidir liom gearán a dhéanamh i gcoinne iar-Gharda?

D’fhéadfadh Ombudsman an Gharda Síochána déileáil le gearán i gcoinne iar-Gharda fiú má éiríonn an Garda as nó má théann an Garda ar scor tar éis duit do ghearán a dhéanamh. Más faoi iompar atá an gearán a d’fhéadfaí a mheas gurbh ionann agus sárú disciplíne é, ní leanfar leis an bhfiosrúchán, a fhad agus nach meastar gur gá nó gur praiticiúil é, agus aird ar na cúinsí, le leanúint ar aghaidh. Ar a shon sin, más faoi iompar coiriúil atá an gearán, leanfar leis an bhfiosrúchán.

Arb ann d’aon phionóis as gearán bréagach a dhéanamh?

Cion é faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar maidir le gearán nó le fiosrúchán agus beidh tú faoi dhliteanas fíneáil aicme C a íoc nó tréimhse nach faide ná 6 mhí a chaitheamh sa phríosún, nó an dá rud.

An dtugann Ombudsman an Gharda Síochána faoi fhiosrúcháin gan gearán a fháil?

Má mheasann siad go bhfuil sé ar mhaithe le leas an phobail, is féidir le hOmbudsman an Gharda Síochána, gan gearán a fháil, fiosrúchán a dhéanamh ar aon ábhar is dealraitheach dóibh a léironn go bhféadfadh go ndearna Garda cion choiriúil nó go raibh iompar ar bun acu ar bealach a thabharfadh údar le himeachtaí disciplíneacha. Ina theannta sin, déanann siad fiosrúcháin ar aon ábhar is dealraitheach dóibh a léiríonn go raibh iompar Garda ina chúis le bás duine, nó le díobháil thromchúiseach a dhéanamh do dhuine.

Anuas air sin, is féidir le hOmbudsman an Gharda Síochána fiosrúchán a dhéanamh ar na cleachtais, ar na beartais agus ar na nósanna imeachta de na Gardaí, má iarrann an tAire Dlí, Cirt agus Comhionannais orthu amhlaidh a dhéanamh agus moltaí a dhéanamh d'fhonn gearáin a laghdú nó a dhíbirt.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi aon bhall den Gharda Síochána nó d’Ombudsman an Gharda Síochána, is féidir leat amhlaidh a dhéanamh ar roinnt bealaí:

  • Trí fhoirm ghearáin ar líne
  • Ag postáil foirm ghearáin (GSOC 1) chuig Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána
  • Trí ríomhphost a sheoladh foirm ghearáin (GSOC 1) a complaints@gsoc.ie
  • Trí bhualadh isteach chuig Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána nó chuig aon stáisiún Gardaí – iarrfar ort foirm ghearáin (GSOC 1) a chomhlánú

Tá foirm ghearáin GSOC 1 ar fáil anseo.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána

150 Sráid na Mainistreach Uacht
Dublin 1
Ireland

Lóghlao: 0818 600 800
Facs: (01) 814 7023
Láithreán Gréasáin: http://www.gardaombudsman.ie/
R-phost: info@gsoc.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Meitheamh 2015