Anseo atá tú: Baile > Dlí > Forghníomhú an Dlí > An Garda Síochána - fórsa póilíneachta náisiúnta

Print Page Send to a Friend

An Garda Síochána - fórsa póilíneachta náisiúnta

An Garda Síochána

Réamhrá

Is é an Garda Síochána fórsa póilíneachta náisiúnta na hÉireann. Tá sé freagrach as dualgais uile na póilíneachta a fheidhmiú i Stát na hÉireann. Ina theannta sin, soláthraíonn sé seirbhísí slándála an Stáit agus cuireann sé an dlí i bhfeidhm maidir le cúrsaí coiriúla agus tráchta uile. Is í an chiall atá le Garda Síochána i mBéarla ná 'guardians of the peace'.

Bunaíodh an Garda Síochana (ar a dtugtar 'na Gardaí' de ghnáth) i 1922. Is é an chéad phíosa de reachtaíocht na hÉireann a bhaineann leis na Gardaí agus a chuireann síos ar a bhfeidhmeanna ná Acht an Gharda Síochána (Forálacha Sealadacha) 1923.

In Iarsmalann agus Cartlann an Gharda tá faisnéis faoi stair an Gharda Síochána agus eolas a bhaineann le póilíneacht in Éirinn roimh 1922. I measc iarsmaí na hiarsmalainne tá grianghraif agus cáipéisí a thugann breac-chuntas ar stair agus ar fhorbairt na póilíneachta in Éirinn sa 19ú-20ú haois. (Féach Tuilleadh eolais thíos)

Struchtúr fhórsa an Gharda

Tá an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais freagrach don Oireachtas (Parlaimint na hÉireann) as feidhmíocht an Gharda Síochána. Is iad an rialtas a cheapann Coimisinéir an Gharda Síochána, áfach, agus tá seisean nó sise freagrach as oibríocht an fhórsa ó lá go lá. Tá 2 Leaschoimisinéir agus 12 Choimisinéir Cúnta ag an gCoimisinéir.

Chun críocha póilíneachta, roinntear Éire ina 6 réigiún, a bhfuil Coimisinéir Cúnta Réigiúnda ag gach ceann acu. Tá roinnt Rannáin Gharda i ngach réigiún. Tá Ard-Cheannfort i gceannas Rannáin, a chomhdhéantar arís eile de Cheantair. Tá 25 Rannán agus 109 Ceantar sa Stát.

Tá Ard-Cheannfort i gceannas i ngach Ceantar. Fo-roinntear ceantair ina bhfo-cheantair, le Sáirsint freagrach as gach ceann acu de ghnáth. De ghnáth ní bhíonn ach stáisiún Garda amháin ag gach fo-cheantar. Féadtar go mbeidh líon difriúil Gardaí i bhfo-cheantar ó thriúr Gharda go céad Garda.

Faoin Choimisinéir Cúnta tá struchtúr céime an Gharda mar a leanas:

  • Ard-Cheannfort
  • Ceannfort
  • Cigire
  • Sáirsint
  • Garda

Is é an bun-aonad ceannais ná an Ceantar. Tugtar Oifigeach Ceantair ar an Ard-Cheannfort i gceannas agus tá roinnt feidhmeanna sainiúla aige a bhaineann le gnóthaí mar cheadúnú beár agus eisiúint teastas arm tine.

Tá timpeall 14,000 ball den Gharda Síochána ann. Tá timpeall 12,000 acu ina nGardaí faoi éide, agus tá an chuid eile ina mbleachtairí faoi ghnáthéadach. Ní iompraíonn ach bleachtairí airm thine nó gunnaí. Ní iompraíonn baill faoi éide an Gharda airm thine.

Cumhacht cuardaigh agus gabhála an Gharda

Tá cumhachtaí ag na Gardaí tú a ghabháil má cheapann siad go ndearna tú cion coiriúil. Tá cumhachtaí acu freisin tú a chuardach nó do réadmhaoin a chuardach. I gcásanna áirithe, is féidir leis na Gardaí tú a ghabháil agus cuardaigh a dhéanamh gan barántas. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chumhachtaí na nGardaí chun cuardaigh a dhéanamh agus chun gabhálacha a dhéanamh.

Teastais phóilíní

Go minic bíonn teastais phóilíní riachtanach sula gcuireann tú isteach ar víosa chun cuairt a thabhairt nó chun taisteal chuig tíortha eile. Tá tuilleadh eolais anseo faoi chonas teastas Póilíní a fháil.

Coir a thuairisciú

Más íospairt coireachta tú ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí. Is í an uimhir theileafóin do na seirbhísí éigeandála ná 999 nó 112. I gcásanna nach bhfuil chomh práinneach ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do stáisiún Garda áitiúil. Tá a thuilleadh eolais faoi choir a thuairisciú do na Gardaí inár ndoiciméad Íospartaigh na Coireachta agus an Garda Síochána.

Tionscnamh is ea Crimestoppers ata arna oibriú ag na Gardaí agus ag an lucht gnó. Is féidir leat faisnéis a thabhairt do na Gardaí faoi aon imscrúdú coiriúil agus an uimhir shaorghlao rúnda 1800 250 025 a úsáid. Tá bleachtairí sainoilte an Gharda ann mar fhoireann na huimhreach saorghlao rúnda seo.

Rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leat atá i seilbh na nGardaí

Faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí (Word) tá an ceart agat le bheith curtha in iúl faoi aon fhaisnéis atá i gcomhaid na nGardaí a bhaineann leat. Tá an ceart agat freisin cóip den fhaisnéis sin a fháil.

Má tá faisnéis a bhaineann leat i seilbh na nGardaí, áfach, agus más dócha go ndéanfaí dochar do chosc, do bhrath agus d'imscrúdú coireachta nó do ghabháil nó d'ionchúiseamh ciontóirí má thugtar an fhaisnéis seo duit, ní thabharfar rochtain ar an fhaisnéis seo duit.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi rochtain ar thaifid an Gharda trí chliceáil anseo.

Gearáin

Mura bhfuil tú iomlán sásta leis an gcúnamh a fuair tú ó bhaill an Gharda Síochána nó má tá aon fhiosrú nó moladh agat, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Idirchaidreamh Íospartaigh nó le d'Ard-Cheannfort áitiúil. Gheobhaidh tú freagra laistigh de 21 lá.

Is féidir leat gearán a dhéanamh freisin faoi bhall na nGardaí chuig Ombudsman an Gharda Síochána. Pléann Ombudsman an Gharda Síochána le gearáin ina bhfuil líomhaintí faoi choireanna coiriúla agus faoi iompar míchuí. Mar shampla, má tá Garda ar meisce agus é ar dhualgas.

Tuilleadh Eolais

Le tuilleadh eolais a fháil faoi na Gardaí ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le:

Ceanncheathrú an Gharda Síochána

Oifig Preasa agus Caidrimh Phoiblí an Gharda
Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8
Ireland

Teil:(01) 666 0000
Facs:(01) 666 2033
R-phost: gpro@iol.ie

Más mian leat labhairt go díreach leis na Gardaí, déan teagmháil le do stáisiún Garda áitiúil.

Ba chóir iarratas faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí ar fhaisnéis a bhaineann leat a sheoladh chuig an gCigire i gCeannas ag an seoladh a leanas:

Lár-Aonad Seiceála an Gharda Síochána

Bóthar an Ráschúrsa
Durlas
Tiobraid Árann
Éire

Teil:+353 (0)504 27300
Lóghlao:1890 488 488
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=1535&Lang=1

Tá eolas faoi stair an Gharda Síochána ar fáil ag:

An Garda Síochána

Iarsmalann agus Cartlann an Gharda
Túr na dTaifead
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2
Ireland

Uaireanta Oscailte:Uaireanta Oscailte: 9rn go 5in Luan go hAoine
Teil:(01) 666 9999
R-phost: gatower@iol.ie

Is féidir leat gearáin a dhéanamh faoi na Gardaí ag:

Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána

150 Sráid na Mainistreach Uacht
Dublin 1
Ireland

Lóghlao:1890 600 800
Facs:(01) 814 7023
Láithreán Gréasáin: http://www.gardaombudsman.ie/index.htm
R-phost: info@gsoc.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ceistiúchán agus Faireachán
    Tá cur síos anseo ar an ról atá ag Gardaí i gceistiú agus faire ar an bpobal.
  • Cumhachtaí Cuardaigh
    Tá cur síos anseo ar na cumhachtaí atá ag na Gardaí áitribh agus daoine a chuardach.
  • Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána
    Is iad Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (COGS) nó Ombudsman na nGardaí an ghníomhaireacht neamhspleách a dhéileálann le gearáin ón bpobal mór faoi bhaill den Gharda Síochána.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.