Iompar frithshóisialta daoine fásta

Eolas

Déanann Cuid 11 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 foráil d'imeachtaí ar féidir iad a thionscnamh in Éirinn i gcoinne daoine fásta a bhíonn i mbun iompair fhrithshóisialta. Tugtar aghaidh ar iompar frithshóisialta leanaí i gcuid ar leith den Acht agus tá na horduithe maidir le horduithe um iompar frithshóisialta do leanaí éagsúil ó na horduithe um iompar fhrithshóisialta do dhaoine fásta. Tháinig an chuid den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 a dhéileálann le horduithe um iompar frithshóisialta do dhaoine fásta i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007.

Cuireann na forálacha seo ar chumas na ngardaí déileáil le hiompar frithshóisialta daoine fásta trí phróiseas sibhialta a úsáideann rabhaidh agus orduithe iompair. Mura gcloítear le hordú iompair is ábhar coiriúil é.

Rialacha

Cad é iompar frithshóisialta?

Is iompar frithshóisialta é nuair a chúisíonn duine, nó sna cúinsí, gur dóchúil go gcúiseodh sé/sí, na nithe seo a leanas do dhuine amháin nó níos mó nach bhfuil sa teaghlach céanna leis an duine sin:

  • Ciapadh nó
  • Scanrúlacht, anacair, eagla nó imeaglú suntasach nó leanúnach nó
  • Dochrú suntasach nó leanúnach dá gcumas úsáid nó sult a bhaint as a maoin.

Mar shampla, má bhíonn ceol glórach ar siúl go leanúnach ag comharsa a chúisíonn crá duit agus a chuireann isteach ar do chiúnas agus do shíocháin, seans gur iompar frithshóisialta atá i gceist leis. Ar an dul céanna, má bhíonn líon mór daoine ag bualadh le chéile lasmuigh de do mhaoin nó gar di ar bhonn leanúnach, nó fiú amháin lasmuigh de d'ionad siopadóireachta áitiúil, agus má chúisíonn a gcuid iompair scanrúlacht, anacair, eagla nó imeaglú duit, seans gur iompar frithshóisialta atá i gceist leis.

Cathain nach mbíonn na forálacha seo infheidhme?

Níl na forálacha seo um iompar frithshóisialta infheidhme más duine faoi bhun 18 mbliana d'aois atá i gceist mar déileáiltear le hiompar frithshóisialta déanta ag leanaí faoi fhorálacha éagsúla. Níl na forálacha seo infheidhme ach oiread má tá an gníomh nó an t-iompar faoi réir imeachtaí coiriúla in aghaidh an duine lena mbaineann.

Cad é rabhadh iompair?

Tá rabhadh iompair ar an gcéad chéim ar gá í a dhéanamh sular féidir iarraidh ar na cúirteanna ordú iompair nó ASBO a eisiúint. Insíonn rabhadh iompair duit go mbíonn do chuid iompair ag cúiseamh anacra nó eagla do dhaoine eile sa phobal agus go mbíonn deacracht ag daoine sult a bhaint as a maoin mar thoradh air agus gur chóir duit scoradh d'iompar dá leithéid nó an t-iompar sin a stopadh. Áiríonn sé sonraí na n-iarmhairtí poitéinsiúla a bheadh i gceist mura nglacann tú leis an rabhadh.

Cé a eisíonn rabhadh iompair?

Féadann Garda rabhadh iompair a eisiúint duit má bhíonn tú ag gníomhú ar bhealach frithshóisialta. Ní chaithfidh an Garda an t-iompar a fheiceáil nó a bheith mar fhinné de agus féadann sé/sí feidhmiú de bhun gearáin ó aon bhall den phobal. Ní féidir rabhadh iompair a eisiúint níos mó ná mí i ndiaidh an iompair i gceist, nó i gcás iompar leanúnach, níos mó ná aon mhí i ndiaidh tarlú is déanaí an iompair.

Féadann an Garda rabhadh iompair a eisiúint ó bhéal nó i scríbhinn. Má thugtar an rabhadh ó bhéal, caithfidh an Garda é a thaifeadadh i scríbhinn chomh luath agus is féidir go réasúnta agus ansin é a sheirbheáil ort go pearsanta nó tríd an bpost.

Féadann an Garda éileamh ort d'ainm agus do sheoladh a thabhairt chun críche an rabhaidh iompair nó an taifid scríofa den rabhadh.

Cé chomh fada a bhíonn rabhadh iompair i bhfeidhm?

Bíonn rabhadh iompair i bhfeidhm ar feadh trí mhí ón dáta ar eisíodh é. Má dhéantar iarratas ar ASBO, bíonn an rabhadh iompair i bhfeidhm go dtí go n-éisteann an Chúirt leis an iarratas.

Cad is ordú sibhialta ann?

Is ordú sibhialta é ordú um iompar frithshóisialta. Ar iarratas ó Cheannfort an Gharda Síochána, féadann Cúirt Dúiche ordú sibhialta nó ordú um iompar frithshóisialta a eisiúint a chuireann cosc ort aon rud a shonraítear san ordú a dhéanamh. Sula n-eisíonn an chúirt an t-ordú sibhialta ní mór di a bheith sásta faoi na nithe seo a leanas:

  • Ghníomhaigh tú ar bhealach frithshóisialta
  • Tá gá leis an ordú chun cosc a chur ort leanúint ar aghaidh ag gníomhú ar an mbealach sin
  • I bhfianaise an tionchair nó an tionchair dhóchúil a bhíonn ag an iompar sin ar dhaoine eile, tá an t-ordú réasúnta agus i gcoibhneas leis na cúinsí.

Cathain is féidir leis na gardaí iarraidh ar ordú sibhialta?

Sular féidir le Ceannfort iarraidh ar ordú sibhialta, caithfear ceann ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Eisíodh rabhadh iompair duit cheana agus níor chloígh tú le héileamh amháin nó níos mó sa rabhadh sin
  • Eisíodh 3 rabhadh iompair nó níos mó duit laistigh de 6 mhí leantacha.

Má chinneann an Ceannfort iarraidh ar ordú sibhialta, ní mór don Cheannfort tú a chur ar an eolas go bhfuil sé ar intinn aige/aici iarraidh ar an ordú agus sonraí a thabhairt duit faoi am, dáta agus láthair na héisteachta cúirte. Caithfear an t-iarratas a dhéanamh sa cheantar Cúirte Dúiche a bhfuil cónaí ort ann.

Ní féidir cion a chur i do leith, tú a ionchúiseamh as nó pionós a chur ort as más é an cion an t-iompar céanna atá mar ábhar iarratais ar ordú sibhialta.

An féidir liom achomharc a dhéanamh i gcoinne déanamh ordaithe shibhialta?

Is féidir leat achomharc i gcoinne déanamh ordaithe shibhialta a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda. Ní mór an t-achomharc sin a dhéanamh laistigh de 21 lá ó dhéanamh an ordaithe agus caithfear an Ceannfort a chur ar an eolas faoi. Féadann an Chúirt Chuarda an tréimhse achomhairc a shíneadh i gcúinsí eisceachtúla.

Bíonn an t-ordú i bhfeidhm go dtí go mbíonn toradh ar an achomharc, ach amháin má chuireann an Chúirt Dúiche nó an Chúirt Chuarda bac ar an ordú.

Déantar achomharc tríd an iarratas ar ordú sibhialta a athéisteacht. Ag brath ar an toradh féadann an Chúirt Chuarda an t-ordú sibhialta a dhéanamh nó diúltú leis an ordú a dhéanamh.

Cé chomh fada agus a bhíonn ordú sibhialta i bhfeidhm?

Ar choinníoll nach scaoileann ná nach gcealaíonn na cúirteanna an t-ordú sibhialta, bíonn sé i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain, ach amháin má luann an t-ordú tréimhse níos gaire.

An féidir ordú sibhialta a athrú i ndiaidh dó a bheith déanta?

Féadann cúirt ordú sibhialta a athrú nó a scaoileadh ar iarratas uait nó ó Cheannfort an Gharda Síochána. Má tá tú chun iarratas a dhéanamh, caithfidh tú fógra faoin iarratas a thabhairt do Cheannfort do cheantair áitiúil. Má tá Ceannfort chun iarratas a dhéanamh caithfidh sé nó sí fógra a thabhairt duit.

An bhfuil aon chionta coiriúla ann a bhaineann le rabhaidh iompair?

Má iarrann Garda ort d'ainm agus do sheoladh a thabhairt i ndáil le rabhadh iompair a eisiúint agus ní thugann tú d'ainm agus do sheoladh, nó tugann tú ainm agus seoladh bréagach nó míthreorach, ansin tá tú ciontach i gcion coiriúil agus dlífear, ar chiontú, fíneáil aicme E a chur ort.

An bhfuil aon chionta coiriúla ann a bhaineann le horduithe um iompar frithshóisialta?

Mura gcomhlíonann tú ordú sibhialta eisithe ag cúirt gan leithscéal réasúnta, ansin tá tú ciontach i gcion coiriúil agus dlífear, ar chiontú, fíneáil aicme B nó príosúnacht ar feadh suas le 6 mhí, nó an dá cheann a chur ort.

An bhfuil cabhair dhlí ar fáil chun ionadaíocht a sholáthar sa chúirt?

Féadtar Teastas um Chabhair Dlí (Ordú Sibhialta) a thabhairt duit, má iarrann tú air, ag brath ar do chúinsí airgeadais agus dáiríreacht do chuid iompair fhrithshóisialta. Tá níos mó faisnéise faoi Theastais um Chabhair Dhlí ar fáil anseo.

Teagmhálacha

Má tá iompar frithshóisialta ag dul i gcion ort ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do stáisiún Gardaí áitiúil. Ba chóir duit a mhéid faisnéise agus is féidir a sholáthar faoin iompar. Is féidir leat sonraí teagmhála do stáisiún Gardaí áitiúil a fháil anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Meitheamh 2015