An Scéim um Rabhadh Aosach

Eolas

I mí Feabhra 2006 tháinig scéim nua i bhfeidhm in Éirinn mar rogha eile ar aosaigh (is iad sin ná iad siúd thar 18 bliain d'aois) a ionchúiseamh as cionta coiriúla áirithe. Tugtar an Scéim um Rabhadh Aosach ar an scéim agus d'fhéadfadh sí bheith ar fáil mar rogha eile in áit ionchúisimh áit a bhfuil fianaise gur chiontaigh an duine agus nach gá an cion a ionchúiseamh ar mhaithe le leas an phobail. Ní nochtadh rabhaidh do Dhaoine Fásta i dtuarascálacha grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus na deimhnithe póilíní.

Tá roinnt cionta coiriúla sonracha ann ar féidir an Scéim seo a chur i bhfeidhm orthu; tá na cionta sin leagtha amach thíos. Tá sé tábhachtach tabhairt faoi deara nach féidir an Scéim a úsáid ach i gcás na gcionta sin.

Cé a dhéanann an cinneadh rabhadh a thabhairt?

Má ghabhtar tú de bharr ceann de na cionta coiriúla a chlúdaíonn an Scéim a dhéanamh, is é Ceannfort áitiúil na nGardaí (nó Cigire Garda atá ag feidhmiú mar an gCeannfort áitiúil) a chinneann rabhadh a thabhairt (in áit tú a ionchúiseamh). Agus cinneadh á dhéanamh acu an ceart rabhadh a thabhairt, ní mór do na Gardaí na rudaí seo a leanas a mheas:

  • Leas an phobail
  • Dearcadh an íospartaigh
  • An cinneadh rabhadh a thabhairt

Inseoidh an Ceannfort Garda duit go bhfuil siad ag smaoineamh ar gan tú a ionchúiseamh má tá tú sásta glacadh le rabhadh maidir leis an gceist. Freisin tabharfaidh siad rabhadh duit gur dócha go ndéanfar tú a ionchúiseamh de bharr aon iompair choiriúil chosúil sa todhchaí. Freisin ní mór duit glacadh le freagracht as d'iompar sula smaoinítear ar rabhadh a thabhairt duit.

Cad atá i gceist le leas an phobail?

Cinneadh trom atá sa chinneadh rabhadh a thabhairt in áit ionchúisimh agus ní mór go mbeadh Ceannfort na nGardaí sásta go bhfuil sé cuí rabhadh a thabhairt de bharr an chiona áirithe. Ní hionann é sin agus a rá gurb é an t-aon fháth leis sin ná go bhfuil an cion sa Sceideal Cionta atá ina gcuid den Scéim. Cé nach mór go mbeadh an cion sa Sceideal, ní mór breathnú freisin ar na cúinsí faoi leith inar ciontaíodh. Mura bhfuil gá le hionchúiseamh ar mhaithe le leas an phobail ar na cúinsí sin, ansin d'fhéadfaí rabhadh a thabhairt duit.

Caithfear an ciontóir a mheas freisin agus leas an phobail á mheas. D’fhéadfadh sé a bheith oiriúnach, mar shampla, go bpléifí go héifeachtach le duine ar aois aibí nach mbeadh aon chiontú aige nó aici roimhe sin trí rabhadh a thabhairt dó agus é nó í a chur ó iompar dá leithéid sa todhchaí. Ach d'fhéadfadh nach mbeadh sé oiriúnach smaoineamh ar ghnáthchoirpeach a áireamh sa Scéim mar bheadh tionchar rabhaidh air nó uirthi in amhras.

Conas a dhéantar dearcadh an íospartaigh a mheas?

Sula gcinntear rabhadh a thabhairt, ní mór do na Gardaí dearcadh aon íospartach a lorg, más féidir. Má chreideann an t-íospartach nár cheart rabhadh a thabhairt, ní mór do Cheannfort na nGardaí aon fáthanna a thugann sé/sí a mheas sula ndéantar an cinneadh. Ach d'fhéadfadh an Ceannfort rabhadh a thabhairt fiú mura n-aontaíonn an t-íospartach leis. I gcásanna den sórt sin, d'fhéadfadh na Gardaí comhairle a lorg ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sula ndéantar an cinneadh maidir leis an rabhadh.

Má tháirgtear cúiteamh don íospartach, d'fhéadfadh sé tacú le haon chinneadh rabhadh a thabhairt. Ach ní bhíonn an cinneadh rabhadh a thabhairt ag brath ar chúiteamh amháin. Is é sin le rá nach mbíonn aon bhaint ag na Gardaí le cúiteamh a thabhairt ag an gciontóir don íospartach a mholadh.

An nós imeachta do rabhadh a thabhairt

Is é Ceannfort na nGardaí nó Cigire Garda atá ag feidhmiú mar an gCeannfort a thugann an Rabhadh Aosach. Tugtar an rabhadh i stáisiún Gardaí. Ní mór duit admháil i scríobh roimhe sin go nglacann tú leis an rabhadh agus go n-aontaíonn tú go ndéanfar an rabhadh a thaifeadadh agus go n-inseofar do chúirt ina thaobh i gcás go gciontófaí tú as aon chion ina dhiaidh sin.

An féidir an dara Rabhadh Aosach a thabhairt do chiontóir?

Is é an smaoineamh bunúsach a bhaineann leis an rabhadh ná nár cheart é a thabhairt do chiontóir ach aon uair amháin, ach d'fhéadfaí (ar chúinsí an-eisceachtúla) é a thabhairt do dhuine ar tugadh rabhadh dó cheana. Áirítear le samplaí de chúinsí eisceachtúla den sórt sin:

  • Áit ar cion an-mhionchúiseach é an cion a rinneadh ina dhiaidh
  • Áit a bhfuil go leor ama imithe ó tugadh an chéad rabhadh agus go gcreideann an Ceannfort go mbainfeadh an duine leas as dara rabhadh tar éis don oiread ama a bheith caite.

Má chinneann Ceannfort an dara rabhadh nó rabhadh ina dhiaidh sin a thabhairt do dhuine, ní mór do na Gardaí cead a fháil ar dtús ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Conas a chinntear rabhadh a thabhairt?

Áit a bhfuil eolas ar na Gardaí ar chion atá san áireamh sa liosta ciontaí, líonann an Garda Foirm Atreorúcháin um Rabhadh Aosach, má chreideann sé/sí go bhféadfadh an ciontóir bheith oiriúnach i gcomhair Rabhaidh Aosaigh. Ansin insíonn an ball atá i gceannas ar an stáisiún Gardaí don chiontóir i dteanga shimplí cad atá i gceist leis an Scéim um Rabhadh Aosach. Má thuigeann an ciontóir a bhfuil i gceist agus má aontaíonn sé/sí gur féidir é/í a mheas don Scéim, iarrtar ansin ar an gciontóir Cuid A den Fhoirm Atreorúcháin a shíniú. Bíonn na Gardaí ina bhfinnéithe ar an síniú.
Cuireann an ball atá i gceannas ar an Stáisiún Gardaí an Fhoirm Atreorucháin ar aghaidh chuig an gCeannfort i dteannta lena thuairimí agus a mholtaí. Anois roghnaíonn an Ceannfort ceann amháin de na trí rud seo a dhéanamh:

  • Cinneann sé/sí Rabhadh Aosach a thabhairt
  • Cinneann sé/sí diúltú Rabhadh Aosach a thabhairt
  • Cinneann sé/sí an cheist a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le treoir a fháil

Cathain a thugtar an rabhadh?

Má chinntear rabhadh a thabhairt, socraíonn an ball atá i gceannas ar an stáisiún Garda am agus ionad oiriúnach le go dtabharfadh an Ceannfort an rabhadh. Nuair atá an rabhadh tugtha, tugtar cóip den Fhoirm Atreorúcháin líonta um Rabhadh Aosach don chiontóir.
Déantar an próiseas idir eolas a fháil ar an gcoir agus an rabhadh a thabhairt a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir, is é sin gurb iad laethanta a bhíonn i gceist in áit míonna.

Sceideal ciontaí

Seo a leanas an liosta ciontaí atá incháilithe don Scéim um Rabhadh Aosach:

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994

Alt 4: Meisce (bheith ar meisce) in áit phoiblí

Alt 5: Iompar mí-ordúil in áit phoiblí

Alt 6: Iompraíocht bhagrach, mhaslach nó tharcaisneach in áit phoiblí

Alt 8: Mainneachtain ordachán ó chomhalta den Gharda Síochána a chomhlíonadh

Alt 9: Bac toiliúil (bac d'aon ghnó)

Alt 11: Dul isteach i bhfoirgneamh etc., le hintinn cion a dhéanamh

Alt 22: Deoch mheisciúil a thabhairt suas agus a urghabháil.

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Goid agus Ciontaí Calaoise) 2001

Alt 4: Goid - áit nach bhfuil luach na maoine thar €1000

An tAcht Deocha Meisciúla 2003

Alt 6: Cionta ag duine ar meisce

Alt 8: Iompar mí-ordúil

An tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine 1997

Alt 2: Ionsaí – mion-ionsaithe (Cuirtear ionsaithe ar bhaill de na Gardaí faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le meas)

An tAcht um Dhochar Coiriúil 1991

Alt 2: Dochar a dhéanamh do mhaoin áit a bhfuil luach na maoine níos lú ná €1,000

Alt 3: Bagairt dochar a dhéanamh do mhaoin

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Meitheamh 2015