Eagraíocht neamhspleách is ea an Coimisiún um Chearta an Duine in Éirinn
a bunaíodh faoi Acht an Choimisiúin um Chearta an Duine, 2000 agus Acht an
Choimisiúin um Chearta an Duine (leasú) 2001. Bunaíodh an Coimisiún de
thoradh gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998.
Is í feidhm an Choimisiúin ná Cearta an Duine a chur chun cinn agus a
chosaint in Éirinn agus a chinntiú go bhfuil dlí na hÉireann agus cleachtas
stát na hÉireann i gcomhréir le comhaontaithe idirnáisiúnta a bhfuil Éire
páirteach iontu agus Bunreacht na hÉireann. Comhlíonann an Coimisiún na
feidhmeanna seo trí:
15 dhuine atá ar an gCoimisiún um Chearta an Duine agus is é an rialtas a
cheapann iad le haghaidh tréimhse 5 bliana. Ceapadh an Coimisiún reatha ar 31
Lúnasa 2006. Ba é 2 Deireadh Fómhair 2006 tús a dtéarma. De réir na
nAchtanna um Chearta an Duine 2000 agus 2001, ní féidir níos lú 7 de bhaill
an Choimisiúin
a bheith ina mná agus ní féidir níos lú ná 7 a bheith ina bhfir.
Is féidir leis an gCoimisiún cabhrú leat cearta daonna a chur chun cinn in Éirinn trí fiosrúchán a dhéanamh nó thí chabhrú leat maidir le himeachtaí dlíthiúla. Nuair a chuirtear fiosrú ar bun déanann an Coimisiún cás faoi leith a iniúchadh ina bhféadfadh cearta an duine a bheith á sárú in Éirinn. Is féidir an fiosrú seo a dhéanamh go poiblí nó go príobháideach de réir mar a chinneann an Coimisiún féin agus tá sé de chumhacht aige a ordú go gcuirfí faisnéis nó cáipéisíocht bhainteach ar fáil nó go mbeadh daoine i láthair.
Más mian leat go ndéanfadh an Coimisiún fiosrú faoi cheist bhainteach maidir le cearta an duine nó cabhrú leat maidir le himeachtaí dlíthiúla a bhaineann le cearta an duine caithfidh tú a bheith cinnte ar dtús cén ceart de chuid an duine atá i gceist. Nuair a chuireann tú iarratas faoi bhráid an Choimisiúin:
Ní féidir leis an gCoimisiún beart a dhéanamh thar a chumhachtaí. Is
féidir leis an gCoimisiún um Chearta an Duine in Éirinn fiosrúchán a
dhéanamh nó cabhrú le himeacht dlíthiúil má tá baint ag an gcás le
ceann acu seo a leanas:
Ní féidir leis an gCoimisiún cabhair a thabhairt i gcás imeachtaí
dlíthiúla ach amháin sna cásanna seo a leanas:
Ní eagraíocht é an Coimisiúin a thugann breith ar ghearáin faoi sháraithe
cearta an duine in Éirinn. Ní féidir leis sásamh nó cúiteamh a thabhairt
i gcásanna ina ndearnadh sárú ar chearta an duine. Ní féidir leis rialú
in aghaidh cinntí cúirte nó binsí agus ní féidir leis a ordú do ranna
rialtais a dteidlíochtaí a thabhairt do dhaoine a cheapann go bhfuil na
teidlíochtaí sin acu. Féadfaidh sé fiosrúchán a dhéanamh, áfach, le
fáil amach an sásaíonn na dlíthe agus an cleachtas reatha na caighdeáin
maidir le cearta an duine agus is féidir leis cúnamh a thabhairt maidir le
himeachtaí dlíthiúla.
Chun cabhair nó comhairle a fháil maidir le ceisteanna cearta an duine in Éirinn téigh i dteagmháil le:
An 4ú hUrlár
Teach Jervis
Sráid Jervis
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 858 9601
Facs:(01) 858 9609
Láithreán Gréasáin: http://www.ihrc.ie/
R-phost: info@ihrc.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.