Tá an-chuid taifid ag na Gardaí Síochána (an fórsa póilíneachta náisiúnta) maidir le baill aonair den tsochaí. Déantar na taifid seo a bhailiú agus a stóráil mar chuid de phríomhfheidhm na nGardaí; sé sin, cionta a imscrúdú agus a bhrath, beatha agus maoin a chosaint agus cionta a chosc.
Bronnann na
hAchtanna um Chosaint Sonraí 1998 go 2003 cearta ort rochtain a fháil ar
roinnt faisnéise fút (ar ríomhaire, i lámhleabhar nó comhaid ar
pháipéar) atá á choinneáil ag na Gardaí. Is sampla den fhaisnéis seo ná
aon iontráil ag na Gardaí ar chóras PULSE na nGardaí (córas
ríomhaireachta na nGardaí), nó i gcomhaid imscrúdaithe na nGardaí.
Is féidir, ach tá roinnt srianta ar na sonraí gur féidir leat rochtain a fháil orthu.
Ligeann alt 4 den Acht um Chosaint Sonraí duit iarratas a dhéanamh ar na Gardaí ar chóip d'aon sonraí pearsanta atá á choinneáil acu maidir leat. Tar éis iarratas rochtana a dhéanamh ar na Gardaí, tá tú i dteideal na rudaí seo a leanas:
Tá roinnt cearta eile agat faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, chomh maith leis an gceart ar rochtain a dhéantar cur síos air thuas. I measc na gceart breise seo tá sé de cheart agat aon fhaisnéis phearsanta nach bhfuil cruinn a cheartú nó a scrios agus an ceart gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.
Tar éis do na Gardaí iarratas ceart a fháil uait, caithfidh siad freagra a thabhairt duit taobh istigh de 40 lá. Is amhlaidh atá fiú mura bhfuil aon sonraí pearsanta fút á gcoinneáil acu nó má tá siad ag diúltú don iarratas.
Má chinneann na Gardaí go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil duit, caithfidh siad:
Faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, is féidir leis na Gardaí aon iarratas ar shonraí pearsanta a dhiúltú agus an fhaisnéis sin a choinneáil siar ar na forais seo a leanas:
Is féidir. Is féidir leis na Gardaí iarratas ar rochtain a fháil ó ionadaí ar do shon. Beidh orthu áfach a bheith sásta iad féin maidir le haitheantas an duine sin agus ní mór a ndóthain faisnéise a bheith curtha ar fáil dóibh fút chun cabhrú leo aitheantas a dheimhniú agus na sonraí atá á lorg nó a ndearnadh iarratas orthu a aimsiú.
Beidh dearbhú i scríbhinn ag teastáil ó na Gardaí uait, ag tabhairt údarás do d'ionadaí an t-iarratas a dhéanamh. Sampla den méid seo ná nuair a bheadh údarás tugtha agat do d'aturnae chun iarratas a dhéanamh ar an bhfaisnéis.
Nuair a bhaineann an t-iarratas le páiste, ansin is féidir le tuismitheoir nó le caomhnóir úsáid a bhaint as an gceart chun iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis agus í a fháil thar ceann an pháiste más rud é:
Is féidir. I gcúinsí áirithe, tá na Gardaí i dteideal rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta. Sna cúinsí sin ní bheidh an duine atá ag coinneáil sonraí pearsanta mar sin ag sárú na rialacha i gcoinne sonraí pearsanta a nochtadh le tríú páirtithe. Seo a leanas na huaireanta gur féidir leis na Gardaí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta mar sin:
Gearrtar táille de €63.5 maidir le hiarratas ar rochtain a dhéanamh faoin reachtaíocht um chosaint sonraí, féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Caithfear iarratais ar shonraí pearsanta a dhéanamh i scríbhinn chuig Lár-Aonad Grinnfhiosrúcháin na nGardaí. Cé nach gá duit na hAchtanna um Chosaint Sonraí a lua, moltar duit é sin a dhéanamh.
Caithfidh tú a ndóthain sonraí a sholáthar le gur féidir leis an Aonad Grinnfhiosrúcháin d'aitheantas a dheimhniú agus an fhaisnéis atá tú ag iarraidh a aimsiú. Tá sé tábhachtach (ó dhearcadh na nGardaí) go ndéanfaidh siad d'aitheantas a dheimhniú le bheith cinnte go dtugtar an fhaisnéis don duine ceart.
Chun do shonraí pearsanta féin a fháil, is gá duit an méid seo a leanas a sholáthar:
Más dóigh leat go bhfuil na Gardaí ag sárú an dlí trí gan na sonraí pearsanta a ndearna tú iarratas orthu a thabhairt duit, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí. Déanfaidh an Coimisinéir imscrúdú ar do ghearán ach amháin más dóigh leis gur gearán suaibhreosach nó cráiteach é. (Sé sin, nach bhfuil aon bhunús le do ghearán). Chomh luath agus a dhéanann an Coimisinéir Cosanta Sonraí do ghearán a imscrúdú, cuirfear ar an eolas faoin gcinneadh i scríbhinn thú.
Más dóigh leis an gCoimisinéir go bhfuil na Gardaí ag sárú an Achta, is féidir leis an gCoimisinéir rud ar a dtugtar fógra forghníomhaithe a sheirbheáil ar Choimisinéir na nGardaí agus iachall a chur ar na Gardaí an fhaisnéis a ndearna tú iarratas uirthi a thabhairt duit.
Ba chóir iarratais ar do shonraí pearsanta, nó iarratas ar son duine eile a sheoladh chuig:
Bóthar an Ráschúrsa
Durlas
Tiobraid Árann
Éire
Teil:+353 (0)504 27300
Lóghlao:1890 488 488
Ba chóir achomhairc nó gearáin faoi chinneadh diúltú duit rochtain a fháil ar fhaisnéis atá na Gardaí ag coinneáil fút a dhéanamh leis:
Teach na Canála
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
Laois
Éire
Uaireanta Oscailte:09:15-17:30
Teil:+353 57 868 4800
Lóghlao:1890 252231
Facs:+353 57 868 4757
Láithreán Gréasáin: http://www.dataprotection.ie
R-phost: info@dataprotection.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.