Fianaise faighte go neamhdhleathach

Eolas

Bronann Bunreacht na hÉireann cearta bunúsacha ar phobal na hÉireann. In amanna, is féidir leis na Gardaí nó leis na cúisitheoirí i gcás fianaise a fháil ar bhealach a sháraíonn do chearta bunúsacha. Sa chás sin tá fianaise faighte acu i gcúinsí nach raibh omós tugtha do na cearta bunreachtúla atá agat.

Rialacha

Fianaise bailithe de shárú ar do chearta bunreachtúla

Ní féidir fianaise a bhailítear de shárú "d'aon turas agus comhfhiosach" ar do chearta bunreachtúla a chur os comhair cúirte, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Ciallaíonn “d’aon turas agus comhfhiosach” go raibh a fhios ag na Gardaí nó ag na hoifigigh a bhí páirteach gur bailíodh an fhianaise de shárú ar do chearta bunreachtúla.

Mar shampla, dá bhfaigheadh na Gardaí fianaise agus iad ag cuardach do thí, agus fios acu nach raibh barántas cuardaigh bailí acu, bheadh an fhianaise seo bailithe acu ag sárú ar do chearta bhunreachtúla.

Mar sin féin, féadfar cead a thabhairt sa chúirt fianaise faighte de thaisme de shárú ar do chearta bunreachtúla a chur os a comhair. Mar sin féin, ní mór don ionchúiseamh a chruthú go raibh an botún a rinneadh neamhaireach.

Mar shampla, dá bhfaigheadh na Gardaí fianaise agus iad ag cuardach do thí, agus gan a bheith ar an eolas go raibh fabht beag ar an mbarántas cuardaigh, b'fhéidir go bhféadfaí an fhianaise seo a cheadú.

Fianaise bailithe de shárú ar an dlí neamhreachtúil

I gcásanna áirithe, is féidir fianaise a fháil a sháraíonn reachtaíocht nó dlíthe eile ach nach sáraíonn an Bunreacht. Tugtar fianaise faighte go neamhdhleathach ar an gcatagóir fianaise seo go minic.

Mar shampla, ní thugann an Bunreacht an chosaint chéanna d'áitreabh gnó agus a thugann sé do theach. Mar sin féin, is minic go gcaithfidh an chumhacht chun áitreabh dá leithéid a chuardach a thabhairt trí reachtaíocht agus caithfear aon chuardach a dhéanamh de réir na reachtaíochta sin.

Má dhéantar cuardach ar áitreabh gnó nach bhfuil a cuardach sin déanta de réir na reachtaíochta ábhartha, níl aon fhianaise a bhailítear neamh-inghlactha go huathoibríoch sa chúirt. Tá sé de dhualgas ar an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfianaise a cheadú tar éis na gcúinsí go léir a mheas.

Tuilleadh eolais

Ba chóir duit comhairle dlí a lorg chun faisnéis mionsonraithe a fháil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Eanáir 2020