Anseo atá tú: Baile > Dlí > Fianaise > Taifeadadh téip/físe mar fhianaise

Print Page Send to a Friend

Taifeadadh téip/físe mar fhianaise

Eolas

Tá sé ag tarlú níos mó agus níos mó go bhfuil eachtraí nó coireanna á bhfeiceáil agus á dtaifeadadh ar fhís nó ar thaifeadáin CCTV (Teilifís Chiorcaid Iata). Glacann cúirteanna na hÉireann le taifeadtaí den chineál seo mar fianaise nithiúil. Go deimhin, sa chás go bhfuil fianaise de choir taifeadta ar cheamara sráide nó siopa, tá sé de dhualgas ar na Gardaí an taifead seo a ghabháil agus a choinneáil ar feadh tamaill réasúnta, fiú mura bhfuil sé i gceist acu an taifead a úsáid mar chuid de chás an ionchúisimh.

Rialacha

Ionas gur féidir leo taifeadtaí físe/téipe a úsáid mar fhianaise, ní mór don ionchúiseamh a chruthú go bhfuil an taifeadadh téipe nó físe údarach nó fíor. Ní mór don ionchúiseamh míniú cén chaoi agus cén fáth a rinneadh an taifeadadh, agus cé ag a raibh smacht ar an taifeadadh ina dhiaidh sin.

Is féidir go ndéanfadh an chosaint agóid ar na forais seo, agus ansin is faoin mbreitheamh a bheidh sé cinneadh a dhéanamh an gceadófar an taifeadadh a chur os comhair an ghiúiré.

Má dhéanann na Gardaí cinneadh gan taifeadadh a úsáid (a gabhadh le linn an imscrúdaithe) mar fhianaise ag an triail, tá sé de dhualgas ar an ionchúiseamh nó ar na Gardaí an chosaint a chur ar an eolas go bhfuil a leithéid de thaifeadadh ann. Ní mór dóibh freisin fógra a thabhairt roimh ré má tá sé i gceist acu é a scriosadh. Is í an chúis atá leis seo ná, cé nach bhfuil an taifeadadh úsáideach don ionchúiseamh, is féidir go gcabhródh an taifeadadh leis an gcúisí a chruthú nach raibh sé/sí i láthair san áit ar tharla an coir.

Cé go bhfuil dualgas ar na Gardaí fianaise físe a bhailiú, níl orthu dul thar fóir chun é seo a dhéanamh. Mar shampla, ní bheadh gá do na Gardaí gach píosa fianaise físe ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath a bhailiú má goideadh rud éigin ó shiopa amháin ar an tsráid.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.