Tá cineálacha fianaise ann atá ceadaithe ach atá "amhrastúil". Fianaise í seo a bhíonn bréagach nó mícheart go minic sa deireadh.
Ar mhaithe leis an gcúisí a chosaint ó bheith ciontaithe bunaithe ar fhianaise amhrastúil tá cosaintí curtha i bhfeidhm. Is é an "rabhadh comhthacaíochta" an chosaint is tábhachtaí a bhfuil ann i gcoinne fianaise atá amhrastúil.
Tugann an breitheamh rabhadh comhthacaíochta don ghiúiré ag deireadh na trialach. Cuireann an rabhadh seo ar a súile don ghiúiré go bhfuil sé contúirteach an cúisí a chiontú bunaithe ar fhianaise amhrastúil gan aon fhianaise chomhthacaíochta a bheith ar fáil. Ach, má tá an giúiré sásta gan amhras réasúnta go bhfuil an cúisí ciontach, is féidir dul ar aghaidh agus é/í a chiontú gan aon fhianaise chomhthacaíochta.
Fianaise bhreise í fianaise chomhthacaíochta. Is fianaise i gcás í a:
Comhchoirí é/í duine a raibh baint aige/aici leis an gcoir atá curtha i leith cúisí. Má bhíonn comhchoirí ag tabhairt fianaise i gcoinne an chúisí, breathnóidh an chúirt ar an bhfianaise mar "fhianaise amhrastúil". Tá seo amhlaidh mar d'fhéadfadh go leor a bheith le fáil ag comhchoirí as iarracht a dhéanamh an milleán ar fad a chur ar an gcúisí.
Ar mhaithe leis an gcúisí a chosaint as a bheith ciontaithe ar fhianaise chomhchoirí amháin, ag deireadh na trialach, déanfaidh an breitheamh achoimre den chás don ghiúiré agus ní mór dó/dí rabhadh chomhthacaíochta a thabhairt don ghiúiré.
Ráiteas deonach í admháil a dhéanann an cúisí agus a luann é/í féin leis an gcoir. Breathnaítear ar fhianaise admhála mar "fhianaise amhrastúil" agus ó 1993, ní mór don bhreitheamh rabhadh comhthacaíochta a thabhairt don ghiúiré.
Go traidisiúnta, bhreathnaigh na cúirteanna ar fhianaise a thug duine a dúirt gur d'fhulaing sé/sí coir ghnéis mar fhianaise "amhrastúil" agus b'éigean don bhreitheamh i gcás mar sin rabhadh comhthacaíochta a thabhairt don ghiúiré.
Ach ó 1990, ní gá an rabhadh comhthacaíochta a thabhairt agus tá sé suas don bhreitheamh cinneadh a dhéanamh an bhfuil gá leis an rabhadh comhthacaíochta ag brath ar an gcás.
Go traidisiúnta, bhreathnaigh na cúirteanna ar fhianaise a thug páistí mar fhianaise "amhrastúil" agus b'éigean don bhreitheamh i gcás mar sin rabhadh comhthacaíochta a thabhairt don ghiúiré.
Ach ó 1992, ní gá an rabhadh comhthacaíochta a thabhairt agus tá sé suas don bhreitheamh cinneadh a dhéanamh an bhfuil gá leis an rabhadh comhthacaíochta ag brath ar an gcás.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.