De réir na rialacha a bhaineann le fianaise phribhléide is féidir leat diúltú cáipéisí a chur ar fáil don chúirt agus ceisteanna faoi leith a fhreagairt fiú nuair a bhaineann na cáipéisí agus na ceisteanna sin leis an gcás.
Tá dhá phríomhchineál pribhléide ann:
Tá pribhléid i gcoinne féin-chiontaithe ag duine. Is féidir leat diúltú ceisteanna a fhreagairt nó cáipéisí a thabhairt suas a d'fhéadfadh tú féin a lua le coir.
D'fhéadfadh sé go bhfuil pribhléid den ghairm dlíthiúil agat. Ní féidir iallach a chur ar chomhairleoir dlí ná ar a c(h)liant aon eolas a d'inis siad dhá chéile a chur ar fáil.
Chomh maith leis sin má dhéantar aon chumarsáid ag súil le dul chun dlí (i.e., le cás cúirte ar intinn), baineann pribhléid leis an gcumarsáid sin fiú más daoine eile seachas dlíodóir agus cliant a bhí i gceist.
Tá sé de cheart ag sagairt diúltú ceisteanna a fhreagairt maidir le rudaí a dúradh leo sa bhosca faoistine. Tugtar pribhléid sagartúil ar seo. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh comhráite le comhairleoir a bheith faoi phribhléid freisin.
Is pribhléid í seo a éilíonn an Stát. I gcúinsí fíortheoranta is féidir leis an Stát diúltú eolas nó cáipéisí a chur ar fáil ar mhaithe le leasa an phobail a chosaint. Mar shampla, d'fhéadfaí cáipéisí a bhaineann le structúr agus innealtóireacht trealaimh an airm a choinneáil faoi rún ar mhaithe leis an tslandáil náisiúnta a chosaint.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.