Anseo atá tú: Baile > Dlí > Fianaise > Fianaise Fhótagrafach

Print Page Send to a Friend

Fianaise Fhótagrafach

Eolas

Ón mbliain 1864, glactar le grianghrafanna mar fhianaise. Is féidir grianghrafanna a tharraingt anuas mar fhianaise den rud a dhéanann siad cuntas air. Mar shampla, i dtriail dúnmharaithe, d'fhéadfaí grianghrafanna a tharraingt anuas mar fhianaise de shuíomh agus staid coirp an té atá básaithe nuair a fritheadh é.

Rialacha

Ar mhaithe le grianghraf a tharraingt anuas mar fhianaise ní mór ar dtús a chruthú go bhfuil sé barántúil. Ní mór don ghrianghrafadóir a chruthú gur thóg sé/sí an grianghraf agus ní mór don té a réaladh an grianghraf ráiteas a dhéanamh nár déanadh aon athrú ar an gclaonchló.

Ní gá gur grianghrafadóir proifisiúnta a bheadh sa té a thóg an grianghraf len é a tharraingt anuas mar fhianaise. Mar shampla, i gcás sibhialta, d'fhéadfaí glacadh le grianghrafanna a thóg tú den damáiste a déanadh do do charr i dtimpiste bhóthair mar fhianaise cheadaithe (chomh fada agus go bhfuil tú ar fáil le fianaise a thabhairt sa chúirt maidir leis an mbealach agus cén uair a thóg tú na grianghrafanna).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Fianaise
    Cur síos atá anseo ar na cineálacha fianaise gur féidir a tharraingt anuas i dtriail sibhialta nó choiriúil in Éirinn.
  • Fianaise Chlostráchta
    Céard í fianaise chlostráchta? Cén fáth nach féidir go hiondúil an fhianaise seo a tharraingt anuas sa chúirt agus céard iad na heisceachtaí inár féidir fianaise chlostráchta a cheadú?
  • Inghlacthacht ráiteas finné áirithe i dtriail choiriúil
    Cad a tharlaíonn má dhiúltaíonn finné fianaise a thabhairt i dtriail coiriúil? Clúdaíonn an tAcht um Cheartas Coiriúil an dlí sa réimse seo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.