Anseo atá tú: Baile > Dlí > Fianaise > Fianaise aitheantais

Print Page Send to a Friend

Fianaise aitheantais

Réamhrá

Ainmníonn finnéithe go minic daoine a bhfuil amhras fúthu i bhfiosrúchán coiriúil, agus beidh an t-ionchúiseamh ag brath ar ainmniú an duine a bhfuil amhras faoi/fúithi i dtriail choiriúil. Meastar go bhfuil fianaise amharc-aitheantais neamhiontaofa agus gur ciontaíodh daoine neamhchiontacha as coireanna bunaithe ar fhianaise amharc-aitheantais. Tá roinnt cúiseanna loighciúla ann nach bhfuil fianaise aitheantais mar seo iontaofa. Tá siad seo a leanas ina measc:

  • Droch-sholas, drochaimsir nó an t-achar a bhí an finné ón duine
  • D'fhéadfadh ceist a bheith ann faoi radharc an fhinné
  • B'fhéidir go raibh an finné suaite nó b'fhéidir nach bhfaca siad an duine ach ar feadh achair gearr

Fianaise amharc-aitheantais

Chun cinntiú nach bhfuil fianaise aitheantais léirmhínithe go mícheart ag giúiré, tá dualgas ar chúirteanna rabhadh speisialta a thabhairt do gach giúiré faoin mbaol a bhaineann le fianaise amharc-aitheantais a ghlacadh. Ní rabhadh comhthacaíochta atá sa rabhadh ach caithfidh sé:

  • A rá go dtarlaíonn sé go minic go n-ainmníonn finnéithe atá ionraic agus a raibh deiseanna maithe breathnóireachta acu an duine mícheart, fiú ag paráid aitheantais.
  • A rá leo an fhianaise aitheantais a scrúdú go mion ag cur na cúinsí ar fad san áireamh.
  • A chur in iúl go bhfuil gá faoi leith a bheith ar an airdeall maidir leis an bhfianaise seo.
  • A chur ar a súile don ghiúiré nach mór dóibh a bheith sásta gan amhras réasúnta go raibh an duine ceart ainmnithe.

Grianghraif

Is minic a thaispeánann Gardaí grianghraif d'fhinnéithe go luath le linn fiosrúcháin. Is dea-chleachtas ag na Gardaí cur síos mionsonraithe a fháil ón bhfinné ar dtús sula ndéantar grianghraf ar bith a thaispeáint. Tugann an próiseas seo léargas maidir leis an gcuimhne atá ag an bhfinné ar an gciontóir sula ndéantar grianghraif a thaispeáint dóibh. Ba chóir grianghraif de líon mór daoine a bhféadfadh amhras a bheith fúthu a thaispeáint don fhinné chomh maith.

Nuair atá daoine a bhfuil amhras fúthu ainmnithe ag finné trí ghrianghraf agus go moltar an fhianaise seo a chur ar aghaidh chuig an ngiúiré, is féidir leis an abhcóide cosanta saincheist úsáide an ghrianghraif a ardú leis an mbreitheamh, mura mbíonn an giúiré i láthair. Má tháinig an grianghraf a taispeánadh don fhinné ó chomhaid na nGardaí, ba chóir don ghiúiré a bheith feasach go raibh grianghraf tógtha ag na Gardaí den té a bhfuil amhras faoi roimhe seo agus d'fhéadfadh an giúiré a bheith claonta dá bharr. Is faoin mbreitheamh a bheidh sé cinneadh a dhéanamh cibé ar cheart nó nár cheart an fhianaise a chur os comhair an ghiúiré.

Fótashamhlacha agus fearais sainaithne

Cé go bhfuil fótashamhlacha agus fearais sainaithne úsáidte ag na Gardaí i bhfiosrúcháin choiriúla, déantar iad a úsáid níos mó chun daoine a bhféadfadh amhras a bheith fúthu a ainmniú ná iad a úsáid i dtriail choiriúil. Toisc nach bhfuil fótashamhail nó fearas sainaithne cosúil le grianghraf nó físeán, atá mar fhianaise nithiúil, níl mórán tábhachta lena n-úsáid mar fhianaise aitheantais i gcúirt dlí. An cur síos is fearr atá orthu ná nithe a chuidíonn le fiosrúchán coiriúil.

Paráidí aitheantais

Má tá duine a bhfuil amhras faoi/fúithi ainmnithe ag na Gardaí cheana féin, níor chóir grianghraif a thaispeáint don fhinné ach ba chóir paráid aitheantais a stiúradh (paráid ID). Má tá grianghraf den té a bhfuil amhras faoi feicthe ag an bhfinné cheana féin, d'fhéadfadh tionchar a beith aige seo ar bhreith an fhinné ag paráid ID. Ag deireadh na trialach, tabharfaidh an breitheamh rabhadh gur fhianaise amhrasach í an pharáid ID toisc go bhfuil grianghraf den chúisí feicthe ag an bhfinné cheana féin.

Tá paráidí aitheantais ag brath ar chomhoibriú an té a bhfuil amhras faoi/fúithi. Nuair a dhiúltaíonn duine a bhfuil amhras faoi/fúithi a bheith rannpháirteach, tá na Gardaí i dteideal aitheantas a fháil trí mhodhanna neamhfhoirmiúla (nuair a dhéanann finné duine a bhfuil amhras faoi/fúithi a ainmniú ar an tsráid mar shampla). Mar sin féin, meastar go bhfuil paráid ID fhoirmiúil i bhfad níos iontaofa agus bheadh inghlacthacht na fianaise neamhfhoirmiúla ag brath ar chúinsí an cháis.

An buntáiste maidir le paráid ID a thionól ná gur próiseas rialaithe atá i gceist agus tá cead ag aturnae an té a bhfuil amhras faoi/fúithi a bheith i láthair chun cinntiú go gcomhlíontar an próiseas i gceart. Cé go mbaineann na Gardaí úsáid as paráidí ID go minic, níl foráil ag an bpróiseas sa dlí. Mar sin féin, tá forbairt déanta de réir a chéile ar roinnt foirmiúlachtaí nó rialacha toisc cásdlí in Éirinn. Is iad na príomhrialacha a leanas atá i gceist maidir le paráidí ID a thionól:

  • Ba chóir do pharáidí ID a bheith stiúrtha ag oifigeach na nGardaí nach bhfuil ceangailte leis an gcás ach atá eolach ar chúinsí an cháis agus ar fhaisnéis atá ábhartha don fhinné.
  • Níor chóir go bhfeicfeadh an finné an cúisí á g(h)abháil nó á t(h)ógáil ó choimeád chuig an seomra paráide.
  • Má tá roinnt finnéithe riachtanach sna hiarrachtaí le duine a bhfuil amhras faoi/fúithi a ainmniú, ba chóir na finnéithe a choinneáil óna chéile roimh an pharáid agus ina diaidh chun an laghad cainte agus is féidir a bheith eatarthu.
  • Ba chóir iarraidh ar an bhfinné an té atá faoi amhras a ainmniú ó líne ina bhfuil idir 8 go dtí 12 duine, atá roghnaithe toisc go mbreathnaíonn siad cosúil lena chéile.
  • Nuair atá na saorálaithe eagraithe i líne, ba chóir fiafraí den té a bhfuil amhras faoi/fúithi an bhfuil agóidí ar bith aige/aici le comhdhéanamh nó cuma na paráide.
  • Nuair atá an pharáid comhlánaithe, ba chóir fiafraí den chúisí agus a aturnae an bhfuil ráiteas ar bith gur mhaith leo a dhéanamh maidir leis an bparáid.
  • Caithfidh sonraí na paráide agus agóidí ar bith atá déanta ag an gcúisí nó a aturnae a bheith taifeadta ag an oifig atá freagrach as stiúradh na paráide.
  • Má theipeann ar fhinné an cúisí a aithint, ba chóir den ionchúiseamh an méid seo a thabhairt le fios don chosaint.

Fianaise mhéarloirg

Cé go nglactar le fianaise mhéarloirg mar fhoirm aitheantais, caithfidh foirm na fianaise aitheantais seo a bheith tugtha ag finné saineolach (saineolaí méarloirg). Mar sin féin, chun fianaise mhéarloirg a úsáid, caithfidh na Gardaí nó an t-ionchúiseamh a bheith ábalta an méarlorg atá fágtha ag an duine ciontach ag láthair na coire a mheaitseáil le sraith de mhéarloirg atá tógtha ón gcúisí i staid rialaithe (is é sin, cinn atá tógtha i stáisiún na nGardaí).

Tá ceanglais áirithe sa dlí ina bhfuil dualgas ort méarloirg a sholáthar do na Gardaí má choinnítear tú tar éis tú a ghabháil. Má dhiúltaíonn tú cead a thabhairt do Ghardaí do mhéarloirg a thógáil, d'fhéadfadh iarmhairtí a bheith ann duit le linn trialach.

Fianaise fhóiréinseach

Tugann an tAcht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Fhóiréinseach) 1990 cumhacht do Ghardaí samplaí áirithe a thógáil ó dhuine ar bith atá coinnithe tar éis gabhála faoi:

Is é an cuspóir maidir leis na samplaí seo a thógáil ná go mbeidh na Gardaí ábalta a bhunú cibé an raibh nó nach raibh duine bainteach le coir a dhéanamh. Is foirm aitheantais amhrastaigh eile í seo, ach tá buntáiste breise léi sa mhéid is go bhfuil sé indéanta daoine a bhfuil amhras fúthu a dhíchur.

Seo a leanas na samplaí atá cead ag Gardaí a thógáil do thástáil fhóiréinseach. Sampla de:

  • Fuil
  • Gruaig phúbasach
  • Fual
  • Seile
  • Gruaig lasmuigh de ghruaig phúbasach
  • Ionga
  • Ábhar ar bith a aimsítear faoin ionga
  • Maipíneacht ó chuid ar bith den choirp lasmuigh d'oscailt colainne nó réigiún na mball giniúna
  • Maipíneacht ó oscailt colainne nó réigiún na mball giniúna
  • Lorg déadach
  • Lorg coise nó lorg cosúlach eile ó chuid ar bith de chorp an duine lasmuigh den lámh nó béal

Ní dhéantar ceann ar bith de na samplaí thuas a thógáil mura bhfuil a leithéidí údaraithe ag ball na nGardaí nach bhfuil níos sóisearaí ná Ceannfort. Déanfaidh dochtúir nó fiaclóir na samplaí a thógáil seachas na samplaí nach bhfuil speisialaithe nó pearsanta. Is féidir le Garda samplaí cosúil le gruaig chinn a thógáil. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa doiciméad ar fhianaise fhóiréinseach.

Fianaise DNA

Glacann na cúirteanna in Éirinn le haitheantas atá cruthaithe ag fianaise DNA. Is féidir tástáil DNA a dhéanamh ar shampla beag fola, seamhain nó fíocháin coirp ar bith. Is féidir iad seo a fháil ag láthair na coire agus is féidir iad a fháil ó dhaoine a bhfuil amhras fúthu chomh maith. Nuair atá tástáil DNA déanta, déantar próifíl den DNA a thógáil.

Tagraíonn próifíliú DNA d'ainmniú chodanna áirithe an DNA. Is féidir an próifíl ón sampla a chur i gcomparáid le próifíl DNA an duine a bhfuil amhras faoi/fúithi chun féachaint an bhfuil siad meaitseáilte. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa doiciméad ar fhianaise DNA.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Duine a bhfuil amhras coire air/uirthi a aithint.
    Tá cur síos anseo ar na bealaí eagsúla le duine a bhfuil amhras coire air/uirthi a aithint.
  • Fianaise DNA
    Is iondúil go mbaintear úsáid as fianaise DNA i dtrialacha le aitheantas daoine a chruthú. Faigh amach anseo cén chaoi a mbaintear úsáid as an bhfianaise seo.
  • Fianaise Dlí-eolaíochta
    Ábhar nó loirg ábhair a bhfuil anailís déanta orthu i saotharlann dlí-eolaíochta í fianaise dlí-eolaíochta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.