Anseo atá tú: Baile > Dlí > Fianaise > Fianaise Dlí-eolaíochta

Print Page Send to a Friend

Fianaise Dlí-eolaíochta

Eolas

Ábhar nó loirg ábhair a bhfuil anailís déanta orthu i saotharlann dlí-eolaíochta í fianaise dlí-eolaíochta.

Bailíonn baill den Gharda atá oilte go speisialta lena aghaidh fianaise dlí-eolaíochta. Tá sé mar aidhm acu cinntiú nach bhfuil na samplaí curtha i gcontúirt nó truaillithe ar aon bhealach le linn nó tar éis na samplaí a bheith bailithe.

Déanann saotharlanna dlí-eolaíochta scrúdú sa ghnáthchúrsa ar ábhair mar péint, gloine, cré, gruaig, snáithíní, iarmhar airm thine, ábhair luasghéaraithe tine agus samplaí de loirg choise. D'fhéadfadh na samplaí seo a bheith tógtha ó láthair na coire nó a bheith faighte ar an té a d'fhulaing an choir nó ar an té atá in amhras na coire.

Tá go leor úsáidí gur féidir a bhaint as fianaise dlí-eolaíochta:

  • D'fhéadfadh tábhacht a bheith leis an bhfíric go bhfuil ábhar faoi leith ann, mar shampla go bhfuil iarmhar airm thine faighte ar éadaí an té atá in amhras
  • Samplaí d'ábhair a bheith mar a chéile, mar shampla snáithíní faighte ar gheansaí an té atá in amhras a bheith mar an gcéanna le snáithíní ó bhlús an té a d'fhulaing
  • D'fhéadfaí marcanna faoi leith a aimsiú, mar shampla loirg choise.

D'fhéadfadh fianaise dlí-eolaíochta an cuma a chur ar an scéal go raibh duine atá in amhras ag láthair na coire. Mar shampla, má briseadh fuinneog le fáil isteach i dteach déanfar scrúdú ar éadaí an té atá in amhras sa saotharlann le aon phíosaí beaga gloine briste a aimsiú. Déanfar scrúdú freisin ar an bhfuinneog le snáithíní ó éadaí an bhuirgléara a lorg.

Nuair a bhíonn fianaise dlí-eolaíochta tarraingte anuas sa chúirt is iondúil gur saineolaí a dhéanfaidh í a mhíniú - dlíeolaí. Míneoidh an dlíeolaí céard a rinneadh leis an sampla atá i gceist agus cén chaoi a ndearnadar anailís air. Míneoidh an dlíeolaí ansin na torthaí a fuair an saotharlann.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Fianaise aitheantais
    Fianaise a thugann an té a d'fhulaing nó fianaise a thugann finné a ainmníonn an cúisí mar an té a rinne an choir í fianaise aitheantais.
  • Sábháilteacht agus nimhiú bia
    Tá comhairle ar fáil anseo ar céard ba cheart do dhuine a dhéanamh má bhíonn sé/sí tinn de bharr bia truallaithe a ithe.
  • Fianaise DNA
    Is iondúil go mbaintear úsáid as fianaise DNA i dtrialacha le aitheantas daoine a chruthú. Faigh amach anseo cén chaoi a mbaintear úsáid as an bhfianaise seo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.