Anseo atá tú: Baile > Dlí > Fianaise > Fianaise

Print Page Send to a Friend

Fianaise

Eolas

Is féidir leis an dá thaobh in aon chás cúirte, bíodh sé coiriúilsibhialta, fianaise a tharraingt anuas. Rud a chuireann cuma na fírinne ar nó a bhréagnaíonn fíric faoi leith í fianaise - déanann sé an scéal níos cosúil go bhfuil nó nach bhfuil an fíric sin ann.

Leagann dlí na fianaise síos rialacha le cinneadh a dhéanamh cén fhianaise gur féidir a tharraingt anuas le fíricí a chruthú i dtriail. Deirtear go bhfuil píosa fianaise "neamhcheadaithe" muna féidir de réir dlí na fianaise é a tharraingt anuas i dtriail. Ar an láimh eile deirtear go bhfuil píosa fianaise "ceadaithe" más féidir de réir dlí na fianaise é a tharraingt anuas le fíric faoi leith a chruthú nó a bhréagnú.

Sa rannóg seo tá eolas ar fáil ar réimse leathan cineálacha fianaise agus inseofar duit cén uair a bhíonn na cineálacha fianaise sin ceadaithe nó neamhcheadaithe i gcás. Breathnófar ar fhianaise bhéil ó fhinnéithe, fíor fhianaise agus fianaise scríofa. Déanfar plé freisin ar fhianaise chlostráchta, fianaise imthoisceach, fianaise faighte go neamhdhleathach, fianaise aitheantais agus admhálacha.

D'fhéadfadh fianaise a bheith ag baint leis an gcás agus ceadaithe ach d'fhéadfadh sí a bheith ina fianaise phribhléide agus mar sin nach féidir í a tharraingt anuas. D'fhéadfadh fianaise eile a bheith ceadaithe ach gur fianaise amhrastúil í agus go bhfuil gá cosaintí a chur i bhfeidhm leis an gcúisí a chosaint.

Tá rialacha casta ann faoin bhfianaise lenar féidir glacadh i dtriail choiriúil. Forálann an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 gur féidir glacadh le ráitis a rinne finnéithe fiú má dhiúltaíonn an finné iad a dhearbhú níos déanaí. Tá an chumhacht ag an gcúirt anois socrú an nglacfaidh nó nach nglacfaidh sí le ráiteas den sórt seo agus leagann an tAcht treoirlínte síos don chúirt chun cabhrú léi an socrú seo a dhéanamh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ráitis ó íospartaigh linbh a fhístaifeadadh
    D'fhéadfaí nach mbeadh ar íospartaigh faoi bhun 14 bliana d'aois fianaise bheo a thabhairt sa chúirt in imeachtaí coiriúla.
  • Fianaise Fhótagrafach
    Tá rialacha éagsúla tábhachtacha a bhaineann le húsáid grianghrafanna mar fhianaise i dtrial i gcúirteanna na hÉireann.
  • Finné naimhdeach
    Is éard is finné naimhdeach ann ná finné a bhfuil an cuma air/uirthi nach bhfuil sé/sí toilteanach an fhírinne a insint. Faigh amach anseo conas a chaitear le finné naimhdeach sa chúirt.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.