Anseo atá tú: Baile > Dlí > Fianaise > Fianaise dhoiciméadach

Print Page Send to a Friend

Fianaise dhoiciméadach

Réamhrá

De réir an dlí in Éirinn, is ionann doiciméad agus rud ar bith a bhfuil scríbhneoireacht air - d'fhéadfadh páipéar, cloch, léarscáil, plean, graf, líníocht, ríomhaire nó diosca ríomhaire a bheith san áireamh. Tá fianiase dhoiciméadach inghlactha mar fhianaise sa chúirt.

Rialacha

Cásanna coiriúla

Déileálann An tAcht um Fhianaise Choiriúil 1992 leis na rialacha a chlúdaíonn inghlacthacht fianaise doiciméadaí in imeachtaí coiriúla. Tá roinnt cosaintí i bhfeidhm le mí-úsáid a sheachaint in aghaidh rialach na fianaise clostráchta, ionas gur féidir leis an gcúirt glacadh le fianaise dhoiciméadach i dtriail choiriúil.

Tugann Alt 8 den Acht um Fhianaise Choiriúil 1992 discréid don chúirt le doiciméad a eisiamh ar mhaithe leis an gceartas, agus aird ar na cúinsí atá i gceist. Má tá an chúirt den tuairim go bhfuil doiciméad neamhiontaofa, bréagach nó go mbeadh sé leatromach ar an gcúisí, tá rogha ag an gcúirt an doiciméad a eisiamh ón bhfianaise.

Ceadaíonn an tAcht do cheachtar taobh (ionchúiseamh nó cosaint) agóid a dhéanamh in aghaidh chreidiúnachta na fianaise doiciméadaí, agus fianaise a thabhairt don chúirt ar an ábhar seo.

Más mian leis na Gardaí nó ionchúiseamh fianaise dhoiciméadach ar bith a áireamh i gcás cúirte, caithfear cóip den doiciméad a sheirbheáil ar an gcúisí ar a laghad 21 lá roimh an gcás cúirte.

Bhí riail na fianaise is fearr ann roimh an Acht um Fhianaise Choiriúil 1992, a shonraigh go raibh sé riachtanach doiciméad bunaidh a léiriú ionas gur féidir é a thabhairt isteach mar fhianaise i gcás coiriúil. Mar sin féin, tá sé indéanta cóip de dhoiciméad a thabhairt isteach mar fhianaise anois.

Cásanna sibhialta

Tá feidhm le riail na fianaise is fearr i gcásanna sibhialta fós. Mar sin féin, tá eisceachtaí leis an riail seo. Glacfaidh an chúirt le cóip de dhoiciméad, nó fianaise bhéil faoi mharthain agus ábhar doiciméid, má tá an doiciméad bunaidh scriosta nó caillte, nó mura féidir teacht air.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.